
Léargas Ginearálta ar Léarscáiliú Ghrinneall na Farraige
Táimid ag obair go gníomhach ar léarscáiliú ghrinneall farraige na hÉireann ó thaobh comhordú, tacaíochta agus déanta de. Táimid gafa freisin le seirbhísí sonraí a fhorbairt agus a tháirgeadh agus le táirgí a léarscáiliú chun tacú le riachtanais rialtais, le gníomhaíochtaí taighde agus le forbairt tráchtála.
INFOMAR
Clár léarscáilíochta acmhainn mhara na hÉireann é Léarscáiliú Comhtháite d’Fhorbairt Inbhuanaithe Acmhainn Mhara na hÉireann (INFOMAR). Tá an clár mar bhonn agus taca ag forbairt earnáil na mara tríd an gcúram a shonraítear ann táirgí léarscáilíochta comhtháite a chruthú a rangaíonn agus a dhéanann cur síos ar ghrinneall farraige na hÉireann. Comhfhiontar atá ann idir Foras na Mara agus Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus tá maoiniú á sholáthar ag an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.

Ardseirbhísí Léarscáilíochta
Tá feidhm ríthábhachtach ag an bhFoireann Ardseirbhísí Léarscáilíochta i dtaca le léarscáiliú hidreagrafach, geoifisiceach agus gnáthóg chomh maith le cláir INFOMAR a chur i ngníomh maidir le Malartú Sonraí, Comhtháthú agus Breisluach.