Ceanglaíonn Comhaontú Pháirc an Chrócaigh, atá i bhfeidhm ó Mheitheamh 2010 go Nollaig 2014, ar an tseirbhís phoiblí chun seirbhís atá oiriúnach don chuspóir agus inacmhainne a thabhairt chun cinn, a sholáthraíonn ardleibhéal claochlaithe a leagann béim thréan ar fheidhmíocht agus ar sholáthar feabhsaithe don saoránach.
Tá plean cuimsitheach ag Foras na Mara chun dul i ngleic leis na riachtanais seo, ar a dtuairiscítear go tréimhsiúil, faoi mar a theastaíonn.
Mar chuid de Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh na Seirbhíse Poiblí; déanann an Comhlacht Feidhmithe do Chomhaontú na Seirbhíse Poiblí agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe athbhreithniú rialta ar na Pleananna Gníomhaíochta agus ar an Dul chun Cinn atá á dhéanamh ag gach Roinn Earnála Poiblí agus Comhlacht Leathstáit. Faoi iamh tá na tuarascálacha ó Fhoras na Mara:
- Comhaontú Pháirc an Chrócaigh – Dul chun Cinn amhail Bealtaine 2011 (PDF 137KB)
- Tuairisciú ar Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh – Deireadh Fómhair 2011 (PDF 144KB)
- Plean Gníomhaíochta Fhoras na Mara d'Eanáir 2012 (PDF 89KB)