
Léargas Ginearálta ar Cheisteanna Coitianta na dTaiscéalaithe
Tá “Fiafraigh d’Eolaí Mara na dTaiscéalaithe” tiomanta do cheisteanna a fhreagairt faoi oideachas mara. Féach ar Chartlann na gCeisteanna agus na bhFreagraí chun an dúrud faisnéis shuimiúil a fháil agus chun freagraí a aimsiú ar cheisteanna faoin aigéan agus faoi na speicis a mhaireann ann. Mura féidir leat teacht ar fhreagra sna catagóirí thíos, cuir ríomhphost chugainn chun ceist a chur ar cheann d'noirin [at] nationalaquarium [dot] ie (Subject: Explorer%20FAQ) ( Eolaithe Mara na dTaiscéalaithe).

Ceisteanna agus Freagraí faoi Veirteabraigh Mhara
Ainmhithe ag a bhfuil cnámh droma iad Veirteabraigh Mhara. Baineann na ceisteanna agus na freagraí seo a leanas le veirteabraigh mhara, lena n-áirítear éisc, éin agus mamaigh...

Ceisteanna agus Freagraí faoi Inveirteabraigh Mhara
Ainmhithe nach bhfuil cnámh droma acu iad Inveirteabraigh Mhara. Féach ar na ceisteanna agus na freagraí seo a leanas chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi phortáin, gliomaigh, smugairlí róin agus níos mó...
Ceisteanna agus Freagraí faoi Chúrsaí Mara Eile
Clúdaíonn na ceisteanna agus na freagraí seo a leanas ábhair mhara eile ar nós plandaí, algaí, taoidí agus níos mó.
Ceisteanna agus Freagraí faoi Conas d’Uisceadán Féin a Chur i bhFearas
Tugtar faisnéis sa rannán seo a leanas faoin dóigh a dtig leat d’umar féin a réiteach. Ba cheart a chuimhneamh gur ar bhonn sealadach amháin ba chóir umar éisc sáile a leagan amach sa seomra ranga agus nach mór na speicis dhúchasacha uile a chur ar ais ina dtimpeallacht nádúrtha. Tá ceisteanna agus freagraí sa rannán seo freisin a chabhróidh leat le fadhbanna coitianta a d’fhéadfadh teacht chun cinn le humair éisc.