Foras na Mara

Ceisteanna agus Freagraí faoi Chúrsaí Mara Eile

Clúdaíonn na ceisteanna agus na freagraí seo a leanas ábhair mhara eile ar nós plandaí, algaí, taoidí agus níos mó.

Cad a chruthaíonn na taoidí?

Imtharraingt na gealaí, na gréine agus an domhain is cúis leis na taoidí. Mar gheall ar tharraingt na gealaí, "bolgann na haigéin amach" i dtreo na gealaí agus tá sé sin ina ábhar le bolg cothrom agus urchomhaireach ar an taobh eile den domhan. Ciallaíonn sé sin go dtarlaíonn lán mara ag an am céanna ar thaobhanna urchomhaireacha den domhan.

Cé mhéad lán mara agus lag trá a bhíonn ann in aghaidh an lae (24 uair)?

Ardaíonn agus laghdaíonn leibhéal na mara dhá uair sa lá de thoradh na dtaoidí.

Cé chomh domhain agus atá an fharraige?

Tá an chuid is doimhne den fharraige thart ar 11 chiliméadar ar doimhneacht. Tugtar "Duibheagán Challenger" ar an limistéar sin.