Foirgneamh ina bhfuil achar 11,000 méadar cearnach atá inár gCeanncheathrú in Órán Mór i gContae na Gaillimhe ina bhfuil 54 saotharlann agus ina bhfuil áis oifige ar a bhfuil cruth uathúil corránach. Tá againn leabharlann, chomh maith, ina bhfuil foilseacháin mhuirí, ach go háirithe, mar aon le halla éisteachta ina bhfuil 147 suíochán a úsáidtear le haghaidh imeachtaí agus comhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta eolaíochta muirí. Dhear foireann ailtirí de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí, a bhain gradam amach, an foirgneamh agus cuireadh i gcrích é in 2006.
Anuas air sin, tá Áis Taighde Dobharcheantair againn atá lonnaithe i nGleann Bhuiríos Umhaill i gContae Mhaigh Eo. Tá ár nÁis Taighde Dobharcheantair ar cheann de na saotharlanna nádúrtha is fearr san Eoraip, áit a bhfuil sonraí faoi bhradáin á dtaifeadadh le breis agus 50 bliain.
Tá inár n-oifig ar Shráid Fhearchair, i gCathair Bhaile Átha Cliath, Oifig Forbartha Muirí na hÉireann mar aon le foireann ó limistéir sheirbhíse eile i bhForas na Mara.
Tá láithreacht againn, chomh maith, ag na calaí iascaireachta a leanas timpeall an chósta:
- Na Cealla Beaga, Contae Dhún na nGall
- An Caisleán Nua, Contae Dhún na nGall
- Dún Mór, Contae Phort Láirge
- Baile Chaisleáin Bhéarra, Contae Chorcaí
- Ros an Mhíl, Contae na Gaillimhe.