Bhunaigh Foras na Mara láthair linn Leitheanach Fhoras na Mara i 2017 agus tá sé suite i gCuan na Beirtrí Buí, Conamara, Co. na Gaillimhe. Tá achar 21.7 heicteár sa láthair, a chuimsíonn eangach feistithe le spás de phionnaí éisc chiorclacha 6 x 50m, agus spiléir fheamainne a ghabhann leo agus struchtúir chun sliogéisc a shaothrú. Tá sé suite thart ar 1.5km ó ché Wallace ar an gCaiseal agus úsáidtear an ché seo chun freastal ar an láthair. Is láthair thaighde dobharshaothraithe iltrófach comhshuite (IMTA) é go príomha ach déanann sé raon staidéir freisin ar bhraiteoirí, teicneolaíochtaí agus córais ilfheidhmiúla monatóireachta agus bainistiú comhshaoil a thástáil agus a dhearbhú. Chomh maith leis na struchtúir tógtha, déanann baoi sonraí atá ar an láthair taifead ar eolas timpeallachta agus bailíonn sé sonraí ó roinnt braiteoirí ar fud na láithreach. Cuimsíonn sonraí timpeallachta rialta a bhailítear ón láthair leibhéil ocsaigine tuaslagtha, teocht an uisce, salandacht, luas agus cáilíocht an uisce i láthair na huaire. Cuimsíonn pleananna don todhchaí an láthair a fhorbairt mar stáisiún tábhachtach le monatóireacht a dhéanamh ar an gcósta agus mar mhol ar bhailiú sonraí a dhéanfaidh tomhas ar éagsúlacht pharaiméadair timpeallachta mar tháscairí ar athrú aeráide fadtéarmach agus sláinte éiceachórais.
An Mobilis DB2000 atáthar a úsáid faoi láthair ag Linn Leitheanach
Dobharshaothrú Iltrófach Comhtháite
Glactar leis gur cur chuige a bhfuil gealladh faoi maidir le forbairt inbhuanaithe ar dhobharshaothrú an AE é Dobharshaothrú Iltrófach Comhtháite (IMTA). Tógtar speicis ó leibhéil thrófaí dhifriúla le chéile sna córais IMTA, rud a chuireann ar chumas na fotháirgí (dramhaíl orgánach agus dramhaíl neamhorgánach) a bhaineann le speicis a bhítear a bheathú a athghabháil agus iad a úsáid mar chothaithigh chun na speicis thrófaí níos ísle a thógáil (e.g débhlaoscaigh cothaithe trí scagaire agus feamainn). Ináirithe ar na tairbhí atá le IMTA tá inbhuanaitheacht timpeallachta níos fearr trí laghdú ar dhramhaíl, éagsúlú táirge agus ciorclaíocht fheabhsaithe. Níl IMTA fós ach ar scála beag agus níl sé ach ag an leibhéal píolóta/taighde go príomha san Eoraip.
Ináirithe ar na speicis a mbaintear úsáid astu ag Linn Leitheanach tá bradán an Atlantaigh agus léasán leice mar speicis a fhaigheann cothú ón taobh amuigh. Ar na speicis ísealthrófaí ar an láthair tá an gliomach Eorpach, moilisc ar nós rímhuirín agus cluaisín garbh (ar a dtugtar cluisín freisin) agus speicis eicínideirmigh ar nós cuán mara agus súmairí cladaigh. Fástar speicis fheamainne ar nós ceilp sciathánach freisin ar spiléir.
Léiriú ar an gcoincheap IMTA.
Ceilp Sciathánach (Alaria esculenta) ag fás ar spiléir i Linn Leathanach.
Rímhuirín (Pecten maximus) ag fás in eangach laindéir.
Cluaisín garbh nó cluisín (chlamys varia) ag fás ar an láthair.
An croídín corcra (Paracentrotus lividus).
Tionscadail Taighde
Tacaíonn an láthair thaighde le roinnt tionscadal atá maoinithe go náisiúnta agus idirnáisiúnta faoi láthair ar a n-áirítear:
HYDROFish : Tá an tionscadal seo atá maoinithe tríd an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha a ritheann an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta agus atá á riar ag Fiontraíocht Éireann ag imscrúdú na húsáide a bhainfí as hidrealasáití próitéine éisc (FPH) i mbia do bhradán an Atlantaigh. Á n-úsáidfí FPH ní bheifí ag brath chomh mór ar mhin éisc agus ina theannta sin bheadh cuid mhaith tairbhí ann don tsláinte ag baint lena n-úsáid.
SalmsonSmolt : Baineann an tionscadal seo atá maoinithe tríd an Scéim um Thairseach Eolais de chuid EMFF agus atá á riar ag Bord Iascaigh Mhara, úsáid as an gcóras dobharshaothraithe athfhilltí ag saoráid Fhoras na Mara i mBaile Uí Fhiacháin chun brainlíní bradán an Atlantaigh a bheadh níos mó a tháirgeadh agus monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leo tar éis dóibh dul isteach sa bhfarraige. Trí bhrainlíní níos mó a tháirgeadh laghdódh sé sin fad an chéim mhara i dtáirgeadh bhradáin an Atlantaigh.
IMPAQT : Tá an tionscadal seo, atá maoinithe ag clár Horizon2020 an AE, ag díriú ar choincheap an IMTA a dheimhniú agus ar chórais bainistíochta cliste ar chostas íseal a fhorbairt do tháirgeadh IMTA.
ASTRAL : Déanfaidh an tionscadal seo, atá maoinithe freisin ag clár Horizon2020 an AE, tuilleadh forbartha ar IMTA leis an aidhm le dobharshaothrú inbhuanaithe a shainmhíniú, a fhorbairt agus a chur chun cinn a thuilleadh ar fud cheantair an Atlantaigh.
INEVAL : Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo, ata maoinithe ag an gcómhaoiniú Blue Bio de chuid chlár Horizon2020 an AE, táirgí agus seirbhísí bitheacnamaíocha ó bhithmhais eicínideirmigh (ascaidí réaltacha, crosóg mhara, súmairí cladaigh) ar ardchaighdeán a chur chun cinn.
5G HEART : Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo, atá maoinithe ag clár Horizon2020 an AE, coincheapa comhtháite líonra 5G atá éifeachtach ó thaobh costais de i dtionscail ilingearacha ar a n-airítear dobharshaothrú, a dheimhniúe.