Is í an RV Celtic Explorer an ceann is mó as an dá árthach taighde faoi úinéireacht an stáit atá á stiúradh ag Foras na Mara. Árthach taighde ilfheidhmeach í a thosaigh ag feidhmiú thiar sa bhliain 2003. Dearadh í le haghaidh taighde fuaimíochta iascaigh, imscrúduithe aigéaneolaíochta, hidreagrafacha agus geolaíochta agus múráil baoithe/domhainmhara agus Oibríochtaí ROV.
Tá sí 65.5 méadar ar fad. Déanann an t-árthach freastal ar 35 pearsanra, lena n-áirítear idir 20 agus 22 eolaí. Tá an t-árthach lonnaithe i nGaillimh, Éire. Láthair fhíormhaith í sin siocair go bhfuil sí ina tairseach Atlantaigh agus go ligeann sí don Celtic Explorer freastal ar thaiscéalaíocht agus ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go furasta.
Seo a leanas príomhthréithe eile an Celtic Explorer:
- Ciúin go fuaimiúil (ICES 209), rud a laghdaíonn seachaint iasc an oiread agus is féidir agus a sholáthraíonn timpeallacht idéalach le haghaidh bailiú sonraí fuaimiúla ar ardchaighdeán
- Suí dinimiciúil
- Cíle shleamhnáin inghiorraithe do thrasduchtóirí fuaimiúla agus d’ionstraimíocht eile
- Il-léas EM1002 (córas il-léis atá cumasach go 5,000 méadar a shuiteálfar i mí Eanáir 2015)
- Saotharlanna móra tirime agus fliucha
- Líon iomlán de threalamh suirbhé agus de chastainní atá feiliúnach i gcomhair oibríochtaí croíleacaithe, trálaeireachta agus ceamara anuas
- Curtha in oiriúint chun freastal ar Fheithiclí Cianoibrithe éagsúla lena n-áirítear an ROV Domhainmhara Holland I
- Uaschumas farraige 35 lá