Foras na Mara

Árthach a Chairtfhostú

Feidhm á baint as an gcrithuirlis chroíleacaithe ar an Celtic ExplorerTá an dá árthach taighde agus an ROV domhainmhara dár gcuid ar fáil d’eagraíochtaí taighde agus tráchtála ar fud an domhain lena gcairtfhostú.  Le deich mbliana anuas, tá cuntas teiste an-rathúil curtha le chéile ag Foras na Mara maidir leis na hárthaí a sholáthar d’eagraíochtaí taighde Eorpacha eile agus do chomhlachtaí tráchtála sna hearnálacha ola, gáis, fuinnimh agus teileachumarsáide. 

I gcás iarratais áirithe, is féidir linn réitigh iomlána ‘lándéanta’ a thairiscint i leith suirbhé mara lena n-áirítear soláthar an árthaigh/na n-árthaí, an chriú, na suirbhéirí agus an trealaimh.  I measc na seirbhísí iarshuirbhé tá anailís ar shonraí agus léirmhíniú, anailís chomhshaoil ​​agus táirgeadh tuarascálacha suirbhé deiridh. 

 

Tá siad seo a leanas i measc na seirbhísí arna soláthar d’earnáil na mara:

  • Suirbhéanna suímh analógacha agus digiteacha geoghuaise maidir le rigí
  • Suirbhéanna seismeacha déthoiseacha ardtaifeacha
  • Suirbhéanna maidir le ródú píblínte agus cáblaí (fuaimiúil agus ROV oibre)
  • Suirbhéanna Bataiméadracha
  • Suirbhéanna iniúchta píopaí (fuaimiúil agus ROV)
  • Iniúchtaí ardáin/seaicéid le ROV
  • Croíleacú tollphoill síos go dtí 50 méadar faoi ghrinneall na farraige
  • Monatóireacht chomhshaoil ​​agus suirbhéanna bonnlíne 

Tá siad seo a leanas i measc na gcliant roimhe seo:

  • CEFAS: Fisheries Research Services (FRS) na hAlban
  • Ollscoil Bremen
  • Ollscoil Hamburg
  • Joint Nature Conservation Committee (JNCC)
  • Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe
  • IFM-GEOMAR
  • Bundesamt für Seeschifffahrt und Hydrographie (BSH, an Ghearmáin)
  • Bundesanstalt für Geowissenschaften und Rohstoffe (BGR, an Ghearmáin)
  • Marathon Oil Ltd
  • PSE Kinsale Energy
  • Island Oil and Gas PLC
  • Lundin Exploration BV
  • Providence Resources PLC
  • EcoServe Ltd
  • RPS Energy
  • Woodside Energy (Ireland) Pty Ltd

Má theastaíonn rátaí cairtfhostaithe agus luachana uait i gcomhair tionscadail suirbhé mara, déan teagmháil le hAodhán Fitzgerald, Oibríochtaí na nÁrthaí Taighde ar + 353-91-387470, nó cuir ríomhphost chuige ag afitzgerald [at] marine [dot] ie.

 Carr Sleamhnáin UWTV a AisghabháilCeltic Explorer agus an ghrian ag dul faoi