Foras na Mara

A thábhachtaí atá acmhainn mhara na hÉireann

Sócmhainn náisiúnta é ár n-aigéan a thacaíonn le geilleagar éagsúil mara a bhfuil cumas ollmhór aige tairbhe a bhaint as margadh domhanda mara le haghaidh bia mara, turasóireachta, ola agus gáis, fhuinneamh in-athnuaite na mara agus le haghaidh úsáidí nua do shláinte, do leigheas agus do theicneolaíocht.

Tugann ár n-acmhainní mara mórán tairbhí neamhthráchtála dúinn freisin, mar shampla, taitneamhacht, bithéagsúlacht agus ár n-aeráid shéimh. Tá cultúr agus traidisiún fada láidir muirí ag Éirinn. Tá sé de chumhacht ag an muir braistint samhlaíochta, eachtraíochta agus ghnóthachtála a ghabháil.

Nuair a chuirimid ár n-achar grinneall farraige san áireamh, tá Éire ar cheann de na stáit is mó san Aontas Eorpach – tá críoch grinneall farraige aici atá thart ar 880,000 km2, deich n-uaire níos mó ná ár mórchríche.

Tá ár n-imeallbhord 7,500 km ar fad agus tá sé sin níos faide ná cuid mhór de mhórán tíortha Eorpacha.

Imeallbhord, uiscí cladaigh agus easchósta na hÉireann:

  • Cuimsíonn siad cuid de na hacmhainní iascaigh is mó agus is luachmhaire san Eoraip
  • Is iadsan tairseach an iarthair le haghaidh loingseoireachta chuig na calafoirt mhara is gnóthaí san Eoraip
  • Tá siad ina suíomh oiriúnach le haghaidh dobharshaothrú éisc eití, sliogéisc agus feamainne
  • Tá siad i measc na n-acmhainní fuinnimh in-athnuaite (fuinneamh gaoithe, tonnfhuinneamh agus fuinneamh taoide) is saibhre agus is inrochtana ar domhan
  • cumas acmhainne ola agus gáis suntasach iontu, mar a fheictear sna fionnachtana a rinneadh le déanaí agus sa taighde leanúnach
  • Soláthraíonn siad deiseanna chun táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt
  • Tairgeann siad deiseanna iontacha turasóireachta agus fóillíochta i dteannta cultúr agus oidhreacht mhuirí shaibhir
  • Tacaíonn siad le réimse saibhir agus éagsúil éiceachóras, gnáthóg agus speiceas agus talamh agus muirdhreacha uathúla
  • Cuireann siad le folláine, sláinte agus cáilíocht bheatha ár saoránach

Leasaithe ón gcáipéis, Feidhm a Bhaint as Saibhreas Ár nAigéin – Plean Comhtháite Muirí d'Éirinn

Geilleagar aigéin na hÉireann

B'ionann luach díreach eacnamaíoch gheilleagar aigéin na hÉireann agus €1.2 billiún nó thart ar 0.8% den OTI in 2010 de réir an Aonaid Taighde ar Ghnéithe Socheacnamaíocha na Mara (SEMRU) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí láimhdeachas €3.5 billiún ag an earnáil agus thug sé fostaíocht do thart ar 16,300 duine (coibhéis lánaimseartha).

Léirítear i dtuarascáil SEMRU ar gheilleagar aigéin na hÉireann (2013) go bhfuil tionscail mhara atá ag teacht chun cinn ag fás i bhfad níos tapa ná tionscail mhara bhunaithe. Bhí méadú mór ar láimhdeachais agus ar fhostaíocht le sonrú i seirbhísí agus i dtáirgí mara ardteicneolaíochta, i mbiteicneolaíocht mhara, i mbiotáirgí agus i bhfuinneamh in-athnuaite mara idir 2007 agus 2010, ach níor athraíodh an t-oll-bhreisluach nó laghdaíodh é.

Bhí laghdú suntasach le sonrú ar ghníomhaíochtaí na dtionscal mara bunaithe ar nós loingseoireachta, iompar muirí, turasóireacht mhara agus déantúsaíocht mhara, tógála agus innealtóireachta sa tréimhse sin. Tagann na treochtaí sin le hearnálacha eile sa gheilleagar agus léiríonn siad tionchar an choir chun donais eacnamaíochta ar fud an domhain le linn na tréimhse staidéir. Bhí laghdú le sonrú ar láimhdeachas iomlán na n-iascach mara ach méadaíodh an t-oll-bhreisluach agus an fhostaíocht. Bhí méadú ar láimhdeachas agus ar oll-bhreisluach sa dobharshaothrú ach thit líon na fostaíochta.

Léirigh roinnt earnálacha go raibh cruth dearfach ag teacht ar chúrsaí in ainneoin an choir chun donais eacnamaíochta sa tréimhse sin, mar shampla tá comharthaí dearfacha téarnaimh agus fáis le sonrú sna hearnálacha bia mara, turasóireachta agus loingseoireachta.