Foras na Mara

Cuireann Foras na Mara fáilte roimh dhá chlár nua ar chóstaí na hÉireann ar TG4

Cuireann Foras na Mara fáilte roimh dhá chlár nua ar TG4 an tseacthain seo, cláracha ina ndéantar taiscealú ar fhiadhúlra ár gcóstaí Ceilteacha agus saol is pobail chósta thiar na h-Éireann IONTAIS NA BHFARRAIGÍ CEILTEACHA agus AN CÓSTA THIAR, Dé Céadaoin 12ú Eanair, TG4, 20.30.

Eoin Warner on the RV Celtic VoyagerSa tsraithIONTAIS NA bhFARRAIGÍ CEILTEACHA, tugann an nádúraí Eoin Warner an lucht féachana ar aistear taiscéalaíochta a bhainfidh an anáil díobh ar fud chóstaí áille Ceilteacha na hÉireann agus na Breataine Bige, chun an fiadhúlra iontach faoi cheilt atá le fáil ar ár gcóstaí a fhiosrú, bíodh sé ar an tanaí nó go domhain i bhfarraige.

Rinne cuid de na scannánóirí a raibh baint acu leis an tsraith stair an dúlra Blue Planet, IONTAIS NA bhFARRAIGÍ CEILTEACHA a thaifeadadh thar thréimhse dhá bhliain. Rinne siad scannánaíocht i gcodanna de na hoileáin seo nach ndearnadh aon taiscéalaíocht chomh sóúil iontu roimhe seo - cósta grianmhar oirdheisceart na hÉireann agus cósta na Breataine Bige. D’éirigh le lucht na scannánaíochta réimse dochreidte de speicis a thaifeadadh lena n-áirítear an siorc gorm, an liamhán gréine agus míol mór eiteach - iad go léir ag snámh agus ag seilg amach ónár gcóstaí Ceilteacha. Déanadh cuid den taifead don tsraith seo ar bord árach taighde Fhoras na Mara an RV Celtic Voyager.

Sa tsraith AN CÓSTA THIAR rachaidh Áine Ní Bhreisleáin, láithreoir Bladhaire ar Raidió na Gaeltachta, agus comhláithreoir Beo ar Éigean ar RTÉ Raidió 1, ar camchuairt ó Dhún na nGall ó dheas go Corca Dhuibhne le léargas a fháil ar na dúshláin, an saibhreas agus an cultúr mara a bhaineann le maireachtáil cois chósta an Atlantaigh agus lena fháil amach chomh mór agus atá cúrsa mara san fhuil ag na pobail sin le cósta sa lá atá inniu ann. 

Ar an turas casfaidh Áine le muintir an chósta, idir óg agus aosta. Caithfidh sí am i gcuideachta lucht farraige chun eolas a fháil ar an saibhreas a bhaineann le cósta na tíre seo, trí shúile, scéalta agus taithí na ndaoine sin. Casfaidh sí leis an bpobal a bhfuil dlúthbhaint ag an gcósta agus an fharraige lena saol, idir caitheamh aimsire, gnóthaí nua, slite beatha traidisiúnta, seandálaithe, éiceolaithe, éanbhreathnóirí, lucht éiceathuras, snámhaithe, bádóirí de gach saghas, agus gach uile shórt idir eatarthu. 

Macdara O'CuaigI gclár 5, i gCarna, Conamara, foghlaimíonn Áine faoi earnáil dhobharshaothrú mara na hÉireann le Macdara Ó Cuaig. Tá inúchadh dá dhéanamh ag ar an IMTA - Integrated Multi-trophic Aquaculture ar láthair thaighde Fhoras na Mara í Leitheanach, Connamara. Dobharshaothrú do chinéalacha eagsúla speicís ó leibhéal eágsúla don bhia shlabhra í dteanta a chéile é an IMTA, dobharshaothrú ina n-oibríonn na speicís chun leasa agus maitheasa a chéile.

Deir Macdara Ó Cuaig, Muireolaí le Foras na Mara, “Nach breá an rud é - Tús bliaina, fad ag teacht ar an lá agus dhá shraith nua faoin bhfarraige agus muintir chois cósta na hÉireann le craoladh ar TG4. AN CÓSTA THIAR le Áine NÍ Bhreasleáin sraith a raibh muid féin í bhForas na Mara páirteach ann, ag taispeáint an taighde muirí is nuálaí do Áine agus í ar a h-asitir í gConamara. IONTAIS NA BHFARRAIGÍ CEILTEACHA le Eoin Warner sraith breá dúchasach, nua eile ar iontais na mara ar chóstai an deisceirt agus an oirthir. Beidh féasta mara ar TG4 Dé Céadaoin!”

AN CÓSTA THIAR le Áine NÍ Bhreasleáin. Dé Céadaoin 12ú Eanair TG4, 20:30.
IONTAIS NA BHFARRAIGÍ CEILTEACHA le Eoin Warner Dé Céadaoin 12ú Eanair TG4, 21:30.

CRÍOCH

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le:
Sinéad Coyne e. sinead [dot] coyne [at] marine [dot] ie fón póca +353 (0)87 947 7090
Sheila Byrnes e. sheila [dot] byrnes [at] marine [dot] ie fón póca +353 (0)87 8155271