Foras na Mara

Scoláire Cullen - Ross Finlay

Tá Foras na Mara ag cur béime ar na mic léinn iarchéime atá ag cur tionscadal i gcrích mar chuid de Chlár Scoláireachta Cullen. Cuireann an clár seo le cumas agus acmhainn taighde mara náisiúnta agus tugann sé scileanna agus saineolas do chéimithe chun feasacht a ardú faoinár n-aigéan, chomh maith le bithéagsúlacht agus éiceachórais mhuirí saibhre na hÉireann.
Ross Finlay

Ross Finlay

Teideal an Taighde: Tiománaithe comhshaoil spásúil ama i ngluaiseacht, i bhfeidhmíocht agus i struchtúr géiniteach bhreac rua agus bhradán an Atlantaigh.                                                     

An Institiúid Ard-Oideachais: Ollscoil na hÉireann, Corcaigh (UCC)

Maoirseoirí: An Dr. Tom Reed (UCC) agus an Dr. Russel Poole (Foras na Mara)       

Cad é do réimse taighde?   Bhí sé i gceist le mo thaighde cur lenár dtuiscint ar iompar agus fheidhmíocht imirceach salmainide le linn céimeanna tábhachtacha i stair a saoil. Bhí an obair seo ag brath go mór ar theiliméadracht trasfhreagróra comhshuite éighníomhach (PIT) a úsáid chun gluaiseacht éisc laistigh de ghnáthóga fíoruisce a bhíonn i mbaol tuilte a rianú. D’fhorbair mé dearadh nua ar aeróg PIT gur féidir é a oibriú i gcórais abhann so-ghalaithe chun éascaíocht a dhéanamh ar bhailiúchán sonraí.       

D’fhéadfadh fíorthábhacht a bheith leis an am bliantúil a mbeadh speicis imirceacha ag gluaiseacht idir gnáthóga ar leith, go háirithe le linn timpeallachtaí séasúracha nach mbeadh ann ach bearnaí caola éiceolaíochta ar dheiseanna. Léirigh mé saintréithe séasúracha, laethúla agus ceithre huaire fichead ar phatrúin ghluaiseachta bhric rua fhásta (salmo trutta) idir gnáthóg cothaithe locha agus dhá shruthán sceathraí agus mé ag baint úsáid as teiliméadracht trasfhreagróra comhshuite éighníomhach (PIT). Bhí an ghluaiseacht ag tarlú san oíche beagnach an t-am ar fad thar dhá bhliain sa dá shruthán, bhí séasúracht shoiléir le feiceáil  agus bhí buaic-mhéide na mbrath ag tarlú gar do ghrianstad an gheimhridh. Bhí gníomhaíocht ghluaiseachta shéasúrach na gceann fhireanna ag tarlú agus ag baint a mbuaicphointe amach roimh na gcinn bhaineanna i ngach aon cheann den dá shruthán. Tháinig ardú ar an dóchúlacht go mbraithfí an dá inscne de réir mar a bhí an ghealach ag dul ar gcúl (le solas na gealaí ag laghdú) agus de réir mar a bhí an abhainn ag fáil níos doimhne, rud a bhainfeadh le soiléireacht an uisce a bheith laghdaithe. Tá na torthaí sin ag teacht leis an eolas atá againn gur fearr le hiasc gluaiseacht idir gnáthóga abhann agus locha nuair a thagann laghdú ar sholas (gréine agus gealaí araon) nó go laghdaíonn tosca hidreolaíocha an chontúirt a bhíonn ann ó chreachadóirí a bhíonn ag brath ar a n-amharc, agus cuireann sé lenár dtuiscint ar na tiománaithe is gaire agus tiománaithe deiridh fheineolaíocht imirceacha salmainide.

Is tréimhse é an t-aistriú ó fhíoruisce go huisce sáile a bhíonn strus mór ag baint leis do bhradáin an Atlantaigh mar go gcaithfidh siad dul in oiriúint ar an bpointe do na hathruithe a tharlaíonn ó thaobh salandacht, deiseanna cothaithe agus idirghníomhaíochta creachadóirí de. D’fhéadfadh aon chúinse atá ann cheana agus a chuirfeadh leis an strus nó a chuirfeadh isteach ar phróisis fhiseolaíocha le linn an tréimhse seo, cúinse ar nós osmairialú, maireachtáil fadtéarmach san fharraige a chur i mbaol.  Rinne mé fiosrú freisin, agus é seo mar chúlra agam, ar an éifeacht a bheadh ag seadáin inmheánacha agus ar fheidhmíocht osmairialála agus leibhéil struis bhradáin óga nuair a théann siad isteach i dtimpeallacht na mara den chéad uair.       

Tá a fhios ag an saol faoin gcumas atá ag bradán an Atlantaigh agus ag an mbreac rua a mbealach a dhéanamh ar ais chuig an abhainn inar sceitheadh iad chun go mbeidh siad in ann síolrú arís. Tugann an t-iompar seo an cumas daonraí géiniteacha ar leith a fhorbairt a bhíonn oiriúnach go sonrach do choinníollacha a bhaineann lena n-abhainn dhúchasach. Rinne an pháirt deiridh de mo thaighde PhD scrúdú ar iompar imirceach bhreac rua a chónaíonn i lochanna le linn na tréimhse sceathraí agus rinne sé an ceangal idir an t-iompar seo agus patrúin srutha géine idir aibhneacha le sruthanna isteach agus amach. Chuir ár dtorthaí in iúl an chaoi ar féidir le comhcheangal idir teiliméadracht agus géinitic iompair sliochtmhara ar leith agus neamhshiméadrachta a bhaineann leo a aithint, i scaipeadh breithe a tháirgeann struchtúrú daonra, atá seasta ach mar sin féin atá ábhartha ó thaobh bitheolaíochta de, ar scálaí micrigheografacha.

Cé gur chomhpháirt bhunúsach den rath fadtéarmach atá ar bhradán agus bhreac rua an Atlantaigh í an imirce, a chuireann ar chumas na speicis charasmatacha sin tairbhe a bhaint as deiseanna difriúla a thugann cineálacha gnáthóga difriúla dóibh ag céimeanna éagsúla dá saolréanna, tá an imirce féin crua ó thaobh fuinnimh de agus tá contúirt go leor ag baint leis. Is minic go dtagann ardú tobann ar rátaí báis i measc salmainid le linn na himirce de réir mar a bhíonn iasc á nochtadh ar thosca timpeallachta nua agus ar chreachadóirí. Táim ag scrúdú faoi láthair an chaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag tosca timpeallachta laistigh den timpeallacht fhíoruisce ar thosach, ar luas agus ar fhad imircí bhrainlíní bradán, agus cé na himpleachtaí atá ag éagsúlacht na himirce feineolaíochta ar rátaí marthanachta agus, ar deireadh, feidhmíocht an daonra.      

Cén fáth go bhfuil tábhacht le do thaighde d’earnáil mhara na hÉireann? Is speiceas é bradán an Atlantaigh a bhfuil tábhacht chultúrtha agus eacnamaíochta leis in Éirinn agus a bhfuil titim mhór sa líon díobh atá ann le scór blianta nó tuilleadh. Tá cion mór de mo thaighde dírithe ar thuiscint a fháil ar na fachtóirí a bhfuil tionchar acu nó a laghdaíonn feidhmíocht dhaonraí an bhradáin Atlantaigh, ar réamhriachtanas é chun straitéisí a fhorbairt leis an speiceas a bhainistiú go rathúil.  

Cén bhuntáiste a bhain le bheith páirteach i gClár Scoláireachta Cullen de chuid Fhoras na Mara? Thug an clár deis dom oibriú in Abhantrach Bhuiríos Umhaill ag Saoráid Taighde Bhaile Uí Fhiacháin de chuid Fhoras na Mara, ar láthair náisiúnta innéacs é don taighde ar bhradán agus breac rua. De bharr comhcheangail chóras abhann atá uathúil agus casta, bonneagar atá dírithe go príomha ar thaighde agus foireann taighdeoirí agus teicneoirí a bhfuil taithí acu, is iontach an láthair í seo chun scrúdú a dhéanamh ar éiceolaíocht shalmainide.      

Cén taithí is mó a fhanann i do chuimhne ón am a raibh tú ar Scoláireacht Cullen? Ba í an ghné de mo thaighde is mó a raibh dúshlán agus taitneamh ag baint leis ná an obair allamuigh. Nuair a bhíonn an aimsir go maith níl áit níos fearr le bheith ná ar bhruach abhann ar chósta thiar na hÉireann ag suiteáil nó ag caomhnú fearas leictreonach de shaghas éigin. Nuair a bhíonn stoirm ag séideadh isteach ón Atlantach mar sin féin – is scéal eile é!     

 

CRÍOCH

Nótaí an Eagarthóra:

Chuir Clár Scoláireachta Cullen cúnamh deontais ar luach €3 mhilliún ar fáil ag tacú le 31 mac léinn PhD agus trí mhac léinn MSc ó 2014 go 2020. Pléann an taighde le roinnt de na 15 théama taighde a sainaithníodh sa Straitéis Náisiúnta um Thaighde agus Nuálaíocht Mara 2017-2021. Tá an scéim seo maoinithe ag Foras na Mara faoin gClár Taighde Mara le tacaíocht ó Rialtas na hÉireann.