Foras na Mara

Próifíl Mhacdara Uí Chuaig, Eolaí Iascaigh

October 4, 2019

Macdara O Cuaig - Fisheries Liaison Team Lead at the Marine Institute. Photo credit to Wonky Eye Photography.

Tá Macdara Ó Cuaig ag oibriú mar Eolaí Iascaigh ag Foras na Mara le 18 mbliana anuas. Rugadh agus tógadh i gConamara é ar bhruach na mara, agus deir Macdara go bhfuil ‘an t-iascach ann ón dúchas’.

“Tógadh mise i dteach a raibh radharc ann ar an bhfarraige ar thrí thaobh. Leis sin chaith mé m’óige, cois cladaigh agus chuaigh mé ag iascaireacht le m’uncail ó bhí mé an-óg.  B’iascairí go leor de mhuintir mo mháthar, is iomaí séasúr iascaireachta a rinne mo sheanathair agus mo shin-seanathair. Ar thaobh m’athar, bhí mo shin-seanathair ar dhuine de na bádóirí a bhíodh ag tráchtáil is ag rith mhóna go hÁrainn ar Húicéirí na Gaillimhe breis agus céad bliain ó shin,” a dúirt Macdara.

Rachadh Macdara ag iascaireacht lena uncail i rith shaoirí samhraidh na scoile agus nuair a bhí staidéar á dhéanamh  aige ar eolaíocht mhuirí ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. I ndiaidh dó tabhairt faoi Ard-Dioplóma i mBainistíocht, Forbairt agus Caomhnú na hIascaireachta ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, thug sé Máistreacht Taighde chun críche, agus dhírigh sé a chuid taighde ar an stoc ribe róibéis a bhíodh sé a iascach i ngar dá bhaile.

“Ba fhachtas dom ó bheith ag iascach sa chuan sa bhaile go raibh tús á chur againn níos luaithe chuile bhliain le séasúr na ribe róibéis agus go raibh na ribe róibéis a bhí á n-iascach againn ag éirí níos lú. B’éard a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh ná a fheiceáil an éireodh na ribe róibéis  níos mó mura ndéanfaimis iascach orthu. Rinne mé sampláil agus iascach sé lá sa tseachtain le linn mo Mháistreachta ar feadh sé seachtaine déag agus mo churrach feistithe agam sa gcaladh céanna a d-usáid mo sheanathair agus mo shin-seanathair. Bhí go leor sonraí á mbailiú agam gach lá chun cuntas a choimeád ar fhás na ribe róibéis , agus thaispeáin an anailís a rinne mé ina dhiaidh go mbeadh na ribe róibéis níos mó dá ndéanfaí an séasúr iascaireachta a chur siar,” a dúirt Macdara.

I ndiaidh dó a chuid staidéir a dhéanamh, bronnadh a chéad chonradh ar Mhacdara le Foras na Mara in 2001 agus d’oibrigh sé mar Shamplóir Calafoirt agus Bád i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Contae Chorcaí. Ó shin i leith, d’oibrigh sé i róil éagsúla ag Foras na Mara, idir anailísí saotharlainne, ag a sampláil speicis éisc ar RV an Celtic Voyager agus RV an Celtic Explorer, agus d’oibrigh sé ar thionscadail taighde clibeála láimhíneach agus troisc. 

“Bhí an tionscadal taighde clibeála troisc ar cheann de na tionscadail ba shuimiúla a raibh baint agam leis. Chlibeáil mé breis agus 20,000 trosc le gnáthchlibeanna, agus rinne mé clibeanna stórála sonraí (CSSanna) leictreonacha a inchur, trí phróiseas máinliachta, isteach i gcuas na putóige i measc foshampla de na troisc a rinneadh a chlibeáil. Nuair a thóigeann na hiascairí na troisc arís, cuireann na clibeanna CSS eolas ar fáil faoi iompar na n-iasc, chomh maith le sonraí faoi theocht agus doimhneacht na farraige. D’éirigh linn íomhá a chruthú, a bhuíochas dena sonraí seo, faoi phatrúin imirce na dtrosc. Tráthúil go maith, bhí na patrúin seo ar aon dul leis an an méid a cheap na hiascairí tráchtála a bhí i gceist le gluaiseachtaí na dtrosc,” a dúirt Macdara.

San bfhoireann iascaigh cois chladaigh atá Macdara ag oibriú le trí bliana anuas, foireann a dhíríonn ar speicis ar nós gliomaigh, portáin, oisrí, muiríní, sceana mara agus breallaigh. “Maidir leis na suirbhéanna cois cladaigh, oibrímid le hiascairí chun meastachán a fháil ar fhlúirse na stoc. Chun a bheith chomh cruinn agus is féidir, déanaimid iarracht a mhéid is mó imeachtaí samplála sna cuanta a dhéanamh agus is féidir linn sa tréimhse ama a bhíonn ar fáil dúinn. Is gnách linn go leor tarraingtí gearra a dhéanamh agus d’fhéadfaimis suas le 40 tarraingt a dhéanamh in aon lá amháin, nuair a d’fhéadfadh iascaire 15 tharraingt a dhéanamh sa tréimhse chéanna. Cuirimid an trealamh i ngníomh thar bord an bháid, tarraingímid é, tugaimid aníos arís é agus gabhaimid tríd an méid atá san eangach. Déanaimid sórtáil de réir speicis agus cuirimid meáchan agus tomhais an speicis bhfuilimid ag díriú air i gcuntas. Déanaimid iarracht ar gach suirbhé iascaigh chun meastachán a dhéanamh ar mhéid na stoic atá i gceantar - is ionann an prionsabal is cuma má bhímid ar bhád beag nó ar RV an Celtic Explorer san Aigéan Atlantach”, a mhínigh Macdara.

Cuirtear na sonraí eolaíochta go léir a bailíodh ó na suirbhéanna iascaigh chladaigh ar fáil don údarás bainistíochta cuí, ar nós comharchumann nó grúpa bainistíochta áitiúil iascaireachta agus/nó an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Cuireann sé seo ar chumas na húdaráis bhainistíochta ansin cinntí feasacha a dhéanamh faoi úsáid inbhuanaithe na stoc cois cladaigh sna cuanta timpeall na hÉireann.

Oibríonn Macdara agus an fhoireann le hiascairí, chomh maith, chun pleananna maolaithe a fhorbairt i Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta lena chur ar chumas iascaireacht inbhuanaithe a dhéanamh agus gnáthóga íogaire a chosaint. Cuid mhór de ról Mhacdara is ea oibriú go dlúth le hiascairí agus is é seo is mó a thaitníonn leis.

“Taitníonn sé liom suirbhéanna a dhéanamh ar na báid bheaga mar gheall go gcastar go leor iascairí eile agus go leor cineálacha éagsúla iascairí ort. Bíonn siad ar muir gach aon lá, bíonn siad sásta an t-eolas domhain atá acu a roinnt agus bíonn spéis acu i gcónaí chun tuiscint níos fearr a fháil ar an obair atá á déanamh againne. Cuireann na deiseanna seo í gcuimhne do dhuine tabhacht na h-obire a dhéanaimid agus ar conas a d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh dóibh siúd atá ag saothrú ar muir” a dúirt Macdara.

Mar gheall go mbíonn Macdara ag oibriú le hiascairí éagsúla i gcónaí, baineann tábhacht an-mhór le scileanna cumarsáide, dar leis. “Tá bealach oibre ar leith ag iascairí agus nuair a théimid ar bord a mbáid chun ár gcuid suirbhéanna a dhéanamh, tá úsáid á baint againn as a gcuid trealaimh, ach tá úsáid á baint againn as ar bhealach difriúil. Tá sé tábhachtach a bheith in ann an eolaíocht a bhaineann lenár modhanna a mhíniú. Caithfimid meas a léiriú ar an obair a dhéanann na hiascairí, agus ar an taithí agus an t-eolas atá acu ar conas a fheidhmíonn a mbád, chomh maith.”

Anuas ar chumarsáid, deir Macdara gur scileanna lárnacha iad aird a thabhairt ar na sonraí, solúbthacht agus smaoineamh loighciúil, chomh maith. “Caithfimid súil ar phatrúin sna sonraí, agus déanaimid machnamh ar chásanna praiticiúla, chomh maith, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na torthaí. Tá sé tábhachtach a bheith in ann dhul leis an sruth agus dul in oiriúint do na cásanna éagsúla. Nuair a bhímid ag oibriú ar muir, d’fhéadfadh an fharraige a bheith ina clár agus d’fhéadfadh sé a bheith grianmhar lá amháin. D’fhéadfadh gaoth agus báisteach a bheith ann, lá eile, agus d’fhéadfadh do chuid bileoga sonraí a bheith fliuch báite. Bíonn ort a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar chásanna éagsúla sa chineál seo oibre agus is é sin an rud is fearr faoin obair seo - ní fios duit cad a bheidh i ndán duit lá ar bith.”

Deir Macdara go mbaineann an-tábhacht lena ról maidir le hinbhuanaitheacht daoine a chónaíonn agus a oibríonn ar chóstaí na hÉireann.  “Daoine a bhfuil saol á shaothrú dóibh féin atá iontu siúd a oibríonn in iascaigh agus is rí-annamh a bhíonn dalladh airgid á dhéanamh acu. Mar gheall go bhfuil an iascaireacht agus obair farraige i mo mhuintir, tuigim an tábhacht a bhaineann le hiascaireacht i measc go leor daoine ar ár gcóstaí. Tá eolas á bhailiú againn ag Foras na Mara agus tá comhairle á cur ar an rialtas againn faoi conas is fearr a bhainfear úsáid inbhuanaithe as ár n-acmhainn mhuirí, agus is iontach an rud go bhfuilim bainteach leis.”

Deir Macdara gur minic a ligtear i ndearmad an ceangal dlúth atá idir gach duine dínn agus ár n-aigéan. “Is cuma má bhíonn tú i do sheasamh agus do ladhar san fharraige agat, nó má bhíonn tú i do sheasamh ar an sliabh is airde, is féidir le do chuid gníomhartha tionchar a imirt ar ár n-aigéan. Tá ceangal idir gach duine dínn agus ár n-aigéan. Imríonn sé tionchar ar ár n-aeráid agus cuireann sé acmhainní, iompar agus bia ar fáil dúinn. Ní mór dúinn a mheabhrú dúinn féin go n-imríonn an t-aigéan tionchar orainn go léir, agus go bhfuil ar chumas again féin tionchar a imirt ar an aigéan.”

Ceapadh Macdara le déanaí mar Cheannaire ar an bhFoireann Idirchaidrimh Iascaigh ag Foras na Mara. Post nua é seo le cur leis an gcothoibriú agus an obair eolaíochta a dhéanann na h-iascairí le Foras na Mara cheanna féin. Tugann an tionscal iascaireachta cúnamh le sonraí a bhailiú ar muir trí eolaithe a thabhairt amach ar an bhfarraige ar a gcuid bád, agus roinneann siad a gcuid eolais agus sonraí chun cabhrú leis na cláir eolaíochta a dhéanann measúnú ar stádas stoic éisc. Deir Macdara go bhfuil sé ag tnúth go mór lena phost nua, “Seo an chúis go ndeachaigh mé le muir eolaíocht, chun go mbeinn in ann eolas agus saineolas na n-iascairí a úsáid chun an eolaíocht a bhuntacaíonn le saothrú inbhuanaithe ár n-acmhainní a neartú, rud a chinntíonn maireachtáil agus timpeallacht mhaith dár bpobail chósta. Tá gliondar croí orm gur ceapadh mé le post ina ndéanaim é sin mar jab!”

CRÍOCH