Foras na Mara

Scrúdaítear cumhacht taoidí i sraith clár faisnéise cumhtach ar TG4

Macdara O CuaigClúdaíonn na haigéin beagnach trí cheathrú dár bplainéad agus is cuma cé chomh fada ón gcósta a mhairimid, tá tionchar fós ag na haigéin ar ár saol laethúil. Níl aon áit níos soiléire ná an éifeacht a bhíonn ag an taoide, ceann de na fórsaí is cumhachtaí ar domhan, ar an saol laethúil.

Cuirfear Taoide, sraith teilifíse trí pháirt faoin taoide, i láthair den chéad uair ar TG4 an Chéadaoin seo (an 1 Bealtaine, ag 9.30in). Tugann an clár cuairt ar chuid de na háiteanna is áille ar domhan, ó thránna go talamh riascach, ó chorcacha go bláireanna láibe inbhearach.

Is comhshaothar idirnáisiúnta í an tsraith seo, a chraolfar mar Tide in áiteanna eile. Craolfar an tsraith ar dtús ar TG4 agus ar BBC Alba chomh maith le S4C, BBC1 Tuaisceart Éireann agus ar stáisiúin sa tSín, i Hong Cong, i Macao agus i Téaváin, agus tá seans ann go ndíolfar í le níos mó craoltóirí go hidirnáisiúnta.

Beidh duine aitheantais ó Fhoras na Mara - Macdara Ó Cuaig, le feiceáil ar an leagan Gaeilge ar TG4.

Cuirfidh Macdara, cainteoir dúchais Gaeilge, na naisc ar chlár TG4 i láthair. Ina phost lae, is Eolaí Iascaigh é Macdara le Seirbhísí Comhairleacha Éiceachórais Iascaigh Fhoras na Mara.

“Rinneadh scannánú ar an tsraith an samhradh seo caite nuair a bhí an-aimsir againn in Éirinn agus mar bheadhfá súil leis tá a raon sin ar an gclár féin,” a deir Macdara, a ghlac páirt mar aoichainteoir ar na leaganacha idirnáisiúnta den chlár.

“Bhí mise ag scannánú ar feadh thart ar coicíse agus chonaic mé go leor dréacht-phíosaí scannánaíochta nuair a bhí baint agam leis an script a scríobh. D'úsáid an comhlacht léiriúcháin in Éirinn go leor píosaí scannánaíochta ón aer agus grianghrafadóireacht aga-dheighilte (time lapse) agus chaith siad go leor ama chun an scannánaíocht sin uilig a fháil.

“Tá mé ag súil go mór leis an gcaoi a dtagann sé go léir ina chéile leis an scannánaíocht idirnáisiúnta chomh maith. Tugann sé léargas duit ar scéal na dtaoidí - ag tosú leis an bhfisic agus ar an mbealach a n-oibríonn na taoidí go dtí an bealach ar féidir linn an fhuinneamh a thagann as na taoidí a úsáid. ”

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag TG4, BBC Alba, BBC Thuaisceart Éireann agus S4C chomh maith le comhlacht léiriúcháin LIC sa tSín agus an comhlacht dáileacháin Sky Vision. Sa tsraith seo beidh píosaí scannánaíochta ó gach cearn den domhan lena n-áirítear an Iorua, an tSín, an Bhreatain Bheag, Ceanada, Albain, an Ísiltír, an Ciorcal Artach agus Sasana.

Í measc na mbuaicphointí tá Bay of Fundy i gCeanada, áit a bhfuil na taoidí is airde ar domhan, Guairneáin Corryvreckan amach ó chósta na hAlban agus an Silver Dragon sa tSín, an bhorrabhainn is mó ar domhan, a thaistealaíonn ar luasanna suas le 25km san uair agus a ardaíonn go 40 méadar.

Agus, ar ndóigh, tá neart píosaí scannánaíochta spéisiúla ar fud na hÉireann. Sa chéad chlár tá Loch Oighinn, atá suite gar don Sciobairín in Iarthar Chorcaí. Is í seo an chéad anaclann caomhnaithe dúlra mara in Éirinn agus tá sí ar cheann de na gnáthóga mara is tábhachtaí san Eoraip.

“Tá sí an-uathúil ó thaobh na heolaíochta de,” a deir Macdara. “Ba loch fionnuisce a bhí inti uair amháin ach anois is loch mara atá inti.”

Táthar den tuairim gur bádh an loch le huisce aigéin salanda thart ar 4,000 bliain ó shin mar gheall gur ardaigh leibhéal na mara. Tá sí ceangailte leis an Aigéan Atlantach trí chainéal caol taoide ar a dtugtar an Fánsruth áit ina dtiteann an taoide amach as an loch le fána.

Rinneadh scannánú in Iomaí, gar don Chlochán i gContae na Gaillimhe, áit a reáchtáiltear rásaí capall ar an trá ag lag trá i rith an tsamhraidh. Chomh maith leis sin, rinne an fhoireann scannánú le Húicéirí na Gaillimhe agus ar Fhínis i gConamara, áit ar féidir leat siúl chuig an oileán ag lag trá.

Tá báí ar leith ag Macdara Ó Cuaig le Oileán Fhínise.

“Is iontach an áit é - tá dath glas-ghorm ar an uisce, tá sé go hálainn. Is iomaí lá a chaith mé timpeall Fhínse ag gliomadóireacht.”

Ní h-é seo an chéad uair do Mhacdara, a rugadh agus a tógadh le taobh na farraige i gConamara, páirt a ghlacadh i léiriú de chuid TG4 - d'oibrigh sé ar shraith faoin bhfarraige nuair a bhí sé ag déanamh staidéir ar Eolaíocht Mhuirí in OÉ Gaillimh. Tá Macdara ag obair mar Eolaí Iascaigh i bhForas na Mara ó 2001 i leith, agus é ag obair i gCladaigh le trí bliana anuas.

“Bhain mé an-sásamh as a bheith ag obair ar an sraith seo,” a deir Macdara. “Bhí sé iontach a bheith ag obair leis an léiritheoir Donncha Mac Con Iomaire agus bhí muid dírithe ar na torthaí is fearr a fháil don chlár.”

Cuirfear Taoide, arna mhaoiniú ag Foras na Mara, i láthair den chéad uair ar TG4 an Chéadaoin seo (an 1 Bealtaine) ag 9.30in.

Críoch.