Marine Institute

Blás Algach eisceachtúil aimsithe san Iarthuaisceart

July 5, 2012

Léiríodh i samplaí uisce sáile a cuireadh faoi bhráid Fhoras na Mara sna seachtainí atá caite go bhfuil speiceas fíteaplanctóin ann a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’ainmhithe mara, agus tuairiscíodh roinnt mortlaíochta i measc oisrí, ruacan agus lugach ó réigiúin chósta idir Maigh Eo agus Dún na nGall.  

Cuireadh in iúl le hanailís a rinneadh ag saotharlann fíteaplanctóin Fhoras na Mara go bhfuil blás leanúnach sa réimse de Karenia mikimotoi, fíteaplanctón den ghrúpa dinea-lascnaideach a thugann bláis dhlútha agus a mbíonn mortlaíocht chosúil d’orgánaigh mhuirí mar thoradh air go minic. De ghnáth is amach ón gcósta a thosaíonn an blás ag fás agus taifeadadh roinnt tarluithe den speiceas seo in Éirinn thar na blianta, agus an blás is suntasaí sa bhliain 2005 a d’fhás ar fud an chósta thiar. Mhair an blás sin i rith mhí an Mheithimh agus mhí Iúil agus bhí mhórmhortlaíocht d’inveirteabraigh agus d’éisc fhiáine idirthaoideacha agus fhothaoidmheara mar thoradh air. Tuairiscíodh freisin gur cailleadh roinnt sliogiasc feirme ar an gcósta thiar i rith an ama sin.  

“Tá an speiceas fíteaplanctóin atá mar chúis leis an mortlaíocht neamhghnách coiteann go leor i rith mhíonna an tsamhraidh timpeall chósta na hÉireann. Féadfaidh mortlaíocht i sliogiasc agus in éisc eite a bheith mar thoradh ar an speiceas seo mar tá greannaitheoir tocsaineach ann a dhéanann dochar do gheolbhaigh shliogiasc, d’éisc agus d’inveirteabraigh. D’fhéadadh mhórmhortlaíocht thar limistéir mhóra den imeallbhord a bheith mar thoradh ar an méid seo in éineacht le leibhéil ocsaigine laghdaithe, mar a thuairiscíomar i rith ócáid 2005,” a mhínigh an tUasal Joe Silke de chuid Aonad Fíteaplanctóin agus Biotocsain Fhoras na Mara.  

Taispeánadh leibhéil mheasartha sa bhlás reatha idir leath mhilliún cill agus 1.5 milliún cill in aghaidh an lítir i limistéar Chuan Dhún na nGall. Tá blás eile le feiceáil ar íomhánna satailíte ó Bhéal an Mhuirthead go dtí limistéar Chuan Mó mar ar thuairiscigh an pobal sliogiasc agus lugaigh mharbha. Tugadh leibhéil níos ísle faoi deara ar chósta na Gaillimhe agus ar chósta an Chláir Thuaidh agus freisin i mBá Neidín, i mBá Bheanntraí agus i mBá Dhún Mánais.  

“Is cuid de thimthriall nádúrtha an fhíteaplanctóin san fharraige na bláis seo agus tosaíonn siad ag fás amach ón gcósta. De réir mar a bhrúitear i dtreo an chósta iad le feacht aigéin agus taoide bailíonn siad le chéile go dlúth agus féadfaidh siad an t-uisce farraige a mhílíthiú, ócáidí ar a nglaoitear ‘Taoide Dhearg’ go minic.  Díreach mar atá tocsainí agus greannaitheoirí i bplandaí áirithe ar talamh, tá siad sna halgaí muirí freisin agus níl baint ag bailiúchán na mblás cósta le truailliú ná le haon ghníomhaíocht dhaonna,” a dúirt an tUasal Silke.  

Is deacair fad an bhláis reatha a thuar, d’fhéadfadh sé tumadh go tapa agus go dtiocfadh pobal algach measctha atá níos tíopúla i rith an tsamhraidh ina áit, nó d’fhéadfadh sé leanúint ar aghaidh thar an gcéad mhí eile nó mar sin mar a tharla sé sa bhliain 2005. Tá Foras na Mara ag leanúint ar aghaidh ag déanamh monatóireachta ar shamplaí ón réigiún agus tá na torthaí uile ar fáil ar an suíomh Idirlíon díreach tar éis anailíse ar www.marine.ie/habs.  

AN DEIREADH 

Le tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil leis an oifig seo a leanas:
Oifig Cumarsáide Fhoras na Mara
Guthán: 091 387 200