Foras na Mara

Leas a bhaint as acmhainneacht Charbón Gorm na hÉireann

A calm Wild Atlantic Way at Galway BayLe linn na míosa seo seolfaidh Foras na Mara glaoch maoinithe ar mhórchlár taighde i réimse an Charbóin Ghoirm. Tá Carbón Gorm aitheanta mar cheann de na bealaí inar féidir le héiceachórais mhuirí agus chósta tionchair an athraithe aeráide a laghdú trí charbón a ionsú agus a stóráil ón atmaisféar. Tá maoiniú suas le €1.6m curtha in áirithe don ghlaoch chun tacú le mórthionscadal taighde a mhairfidh ó 2021 go 2026.

Agus é seolta i Meitheamh 2020, d’aithin Clár Rialtais na hÉireann an ‘acmhainn ollmhór maidir le ‘carbón gorm’ atá san aigéan chun dul i ngleic le hathrú aeráide’. Chuir an rialtas tionscnamh taighde comhoibritheach de cúram ar Fhoras na Mara, é dírithe ar acmhainneacht maolaithe athrú aeráide Carbóin Ghoirm a imscrúdú, agus ar oibriú i dtreo fardal a chruthú a chabhróidh leis an AE cuspóirí athraithe aeráide na hÉireann a bhaint amach.

D’fhonn ullmhú do chlár taighde ar scála chomh mór leis seo, choimisiúnaigh Foras na Mara tuarascáil sintéise chun athbhreithniú a dhéanamh ar an eolas maidir le gnáthóga Carbóin Ghoirm atá ann cheana agus ar a róil mar shlogaidí carbóin in Éirinn. Foilsíodh an tuarascáil, ‘Blue Carbon and Marine Carbon Sequestration in Irish Waters and Coastal Habitats’, i mí na Bealtaine 2021.

“Is éard is Carbón Gorm ann ná charbón a stóráiltear nó a cheaptar, san aigéan agus i ngnáthóga fásra timpeall ar réigiúin chósta,” a mhíníonn príomhúdar na tuarascála, an Dr. Grace Cott, Ollamh Cúnta i Scoil na Bitheolaíochta agus na hEolaíochta Comhshaoil UCD. “Maidir le Carbón Gorm ar féidir linn a bhainistiú go gníomhach, is é an rud ata i gceist againn i ndáiríre ná an fásra i réigiúin chósta, agus ciallaíonn sin trí phríomhghnáthóg: foraoisí mangróbh ar dtús, - nach bhfuil againn in Éirinn agus atá le fáil den chuid is mó réigiúin trópaiceacha - sa dara háit, tá gnáthóga réisc ghoirt agus ar deireadh, tá móinéir fhéir mhara. "

Is féidir le ceapadh carbóin - gabháil agus stóráil fadtéarmach Dé-ocsaíd Charbóin ón atmaisféar - tarlú trí raon próiseas nádúrtha, ó fhótaisintéis, go gaisteoireacht dríodair, ina mbíonn dríodar carbóin-bhunaithe ón taoide gafa go fisiciúil ag fásra. Ina theannta sin, tríd an bpróiseas leathbhá, déantar scaoileadh carbóin ar ais san atmaisféar a chosc agus stóráiltear carbón go fadtéarmach.

Tá sé curtha in iúl i dtuarascáil Fhoras na Mara go bhfuil thart ar 160 ciliméadar cearnach de riasca goirt agus féar mara i mbogaigh chósta na hÉireann atá faoi thionchar na taoide. Ar fud an domhain, cé gur limistéar i bhfad níos lú iad na gnáthóga seo ná na foraoisí talún, tá an méid iomlán a chuireann siad le stóráil charbóin fadtéarmach inchomparáide le slogaidí carbóin na bhforaoisí trópaiceacha.

Dar leis an Dr. Cott, tá riasca goirt in Éirinn suas le deich n-oiread níos éifeachtaí ná féarthailte talmhaíochta ag stóráil carbóin i dtéarmaí achair. An príomhchúis leis seo ná an easpa lobhaidh mhiocróbaigh sna limistéir fhliucha seo, rud a chiallaíonn go scaoiltear carbón ón ithir mar Dhé-ocsaíd Charbóin."

Carbón Gorm a thacú as seo amach

Is bagairtí an-mhóra iad cailliúint agus scriosadh éiceachóras cósta fásúil maidir lena ar a gcumas feidhmiú mar shlogaidí carbóin fadtéarmacha, agus d’fhéadfadh míbhainistiú carbóin stóráilte a scaoileadh ar ais san atmaisféar.

“Ach is ábhar dóchais í bainistíocht na n-acmhainní seo,” mar a mhínigh Cott. “Cé go gcaithfidh taighdeoirí tuilleadh taighde a dhéanamh ar an ábhar, táimid ag éirí feasach cheana féin ar straitéisí áirithe a d’fhéadfadh cabhrú lenár ngnáthóga Carbóin Ghoirm timpeall chósta na hÉireann a chaomhnú."

“Maidir le riasca goirt, tá sé tairbheach ligean dóibh leathnú isteach ón gcósta,” a dúirt sí. “Mar sin, de réir mar a ardóidh leibhéil farraige, más féidir leis na gnáthóga seo leathnú isteach ón gcósta, is gné dhearfach é sin i dtéarmaí ceaptha carbóin agus cosanta cósta. Fadhb amháin a d’fhéadfadh a bheith ann ná ballaí mara a thógáil mar go bhféadfaidís seo leathnú na riasc a shrianadh.

“Ansin, i dtéarmaí féar mara, arb iad an príomh-éiceachóras Gorm Carbóin eile i réigiúin chósta na hÉireann, d’fhéadfadh sé a bheith mar aidhm againn cáilíocht an uisce a fheabhsú chun cabhrú le ceapacha féar mara feidhmiú chomh maith agus is féidir, agus carbón a ghabháil agus a stóráil go leanúnach. Agus sinn ag féachaint romhainn, creidim go mbeidh creat bainistíochta iomchuí, faoi stiúir an rialtais, ag teastáil ó Éirinn, chun breis cosanta a thabhairt do na na gnáthóga seo maidir le ceapadh carbóin."

Tá an fócas seo ar thaighde á chur i láthair mar chuid d’fheachtas ceithre seachtaine Aigéan na Foghlama ag For na Mara, a chuirfidh ar chumas gach duine foghlaim faoinár n-aigéan ó áit ar bith. Cuimsíonn Aigéin na Foghlama sraith nua podchraolta, físeáin agus gearrscannáin, nuacht agus acmhainní ar líne faoinár n-aigéan. Tá rud éigin ann do chuile dhuine agus fiosróidh sraith Aigéin na Foghlama gach gné dár n-acmhainn mhuirí - ónár mbithéagsúlacht shaibhir mhuirí, go dtí ár n-aeráid farraige atá ag athrú, chomh maith le todhchaí ár n-aigéan.

CRÍOCH

 

Le haghaidhuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Sheila Byrnes r. sheila [dot] byrnes [at] marine [dot] ie f. +353 (0)87 225 0871

Sinéad Coyne r. sinead [dot] coyne [at] marine [dot] ie f. +353 (0)87 947 7090

URL

http://hdl.handle.net/10793/1685

Lua

Cott, G. M., Beca-Carretero, P. and Stengel, D. B. (2021). Blue Carbon and Marine Carbon Sequestration in Irish Waters and Coastal Habitats. Marine Institute, Ireland.