Foras na Mara

Lá Breithe á Cheiliúradh ag Líonra na mBaoithe

M6 Data buoy. Photo Credit Tomas Szumski, Marine Institute Inniu ar an Lá Domhanda Meitéareolaíochta, tá ceiliúradh á dhéanamh ag Foras na Mara agus ag Seirbhís Náisiúnta Mheitéareolaíochta na hÉireann, Met Éireann, ar 20 bliain ó bunaíodh Líonra Breathnóireachta Baoithe Sonraí Muirí na hÉireann. Is é 'An t-aigéan, ár n-aeráid agus an aimsir' téama an Lá Domhanda Meitéareolaíochta i mbliana agus tá aitheantas á thabhairt don nasc idir an t-aigéan, aeráid agus aimsir laistigh de chóras an Domhain.

Tá sonraí ríthábhachtacha á soláthar ag Líonra Breathnóireachta Baoithe Sonraí Muirí na hÉireann (IMDBON) le haghaidh réamhaisnéis aimsire agus sábháilteacht ar muir le 20 bliain anuas. Tá an líonra de chúig bhaoi breathnóireachta muirí amach ón gcósta ar fudWeather buoy been deployed during the Annual Ocean Climate Survey in 2019. Photo Credit Tomas Szumski, Marine Institute na hÉireann á bhainistiú ag Foras na Mara i gcomhar le Met Éireann agus tá sé á mhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Ó 2001, tá tomhais aimsire á dtuairisciú ag IMDBON gach uair an chloig maidir le haertheocht, bogthaise, brú atmaisféarach, luas agus treo na gaoithe agus teocht dhromchla na farraige, tonnairde agus tonntréimhse. Déantar na sonraí ón líonra a phróiseáil agus a roinnt trí líonraí idirnáisiúnta Met Éireann, an Córas Tarchurtha Domhanda (GTS), a úsáidtear ina chórais réamhaisnéise, agus a bhfuil rialú cáilíochta á dhéanamh air chun críocha clíomeolaíochta. Taifeadann na baoithe sonraí breathnóireachtaí luachmhara aimsire agus muirí ó shuíomhanna, a mbeadh an cumhdach sonraí lena n-aghaidh teoranta dá n-éagmais, agus cabhraíonn an fhaisnéis seo le hiascairí, mairnéalaigh, seirbhísí éigeandála agus an pobal. Chomh maith leis sin, úsáideann eolaithe an fhaisnéis a sholáthraíonn baoithe sonraí chun taighde a dhéanamh ar athrú aeráide d’fhonn teacht ar thuiscint ar an athrú atá ag teacht ar ár bpatrúin aimsire.

Seoladh an chéad bhaoi sonraí ar an 6 Samhain 2000 ag stáisiún M1, thart ar 50 muirmhíle taobh thiar de Chuan na Gaillimhe. D’fhorbair an tionscadal mar chomhoibriú rathúil idir Met Éireann, Foras na Mara, Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Seoladh an chéad bhaoi sonraí ar an 6 Samhain 2000 ag stáisiún M1, thart ar 50 muirmhíle taobh thiar de Chuan na Gaillimhe. D’fhorbair an tionscadal mar chomhoibriú rathúil idir Met Éireann, Foras na Mara, Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

FUGRO type buoy. Photo Credit Kieran Adlum.Chomh maith leis sin, úsáidtear na breathnóireachtaí ó IMDBON mar ionchur luachmhar do réamhaisnéisí aimsire Met Éireann, rud a tharla i rith iarhairicín Ophelia in 2017. Roinn baoi M3 atá suite amach ó chósta Chorcaí agus Chiarraí, díreach i líne na stoirme a bhí ag teacht, a bhreathnóireachtaí maidir le bogadh na gaoithe agus dá réir sin bhí sé fíorluachmhar i ndáil le suíomh an chórais a shainaithint sular shroich sé ár gcósta. I rith iarhairicín Ophelia in 2017, thaifead baoi M5 tonnta a raibh uasairde 17.8 méadar luaite leo amach ó chósta an oirdheiscirt.

In 2014, thaifead baoi M4, atá suite 75km amach ó chósta iarthuaisceart na hÉireann an tonn is mó taifeadta in uiscí Éireannacha riamh, tonn a raibh uasairde 23.4 méadar luaite léi (idir log na toinne agus an tonnbharr).

Is é an baoi is faide siar, M6, atá suite na mílte ciliméadar siar ó Éire ceann de cheithre bhaoi aimsire faire sionoptacha Eorpacha a sholáthraíonn sonraí lena mbaineann tábhacht straitéiseach chun tacú le seirbhísí réamhaisnéise ar fud na hEorpa. Feidhmíonn líonra IMDBON mar dhlúthchuid de Réamhaisnéis Limistéar Farraige Met Éireann.

Tá úsáid bainte as árthaí taighde mhuirí Fhoras na Mara, RV Celtic Voyager agus RV Celtic Explorer, chun baoithe sonraí a chothabháil agus a imlonnú ó 2001, le cúnamh ó oibritheoirí príobháideacha éagsúlaM4 Wave Height Record agus árthach Choimisinéirí Soilse na hÉireann, ILV Granuaile. Le 20 bliain anuas tá na baoithe sonraí uasghrádaithe ó na baoithe ODAS a dhearadh Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe ar dtús, go baoithe in 2011 (a chuir leis an gcumas tonnairde agus tonntreo uasta aonair a thomhas), chuig flít nua-aimseartha de bhaoithe saindeartha ag JFC Marine in 2020 ar a bhfuil pálasta ionstraimíochta agus cumarsáide atá deartha agus forbartha ag Foras na Mara. Tá úsáid bainte ag na córais ar fad as cumarsáid satailíte chun sonraí a tharchur chuig an gcladach mar gheall ar an achar atá idir iad agus an talamh.

Weather buoy service. Photo credit Nick Pfeiffer. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Mick Gillooly, Stiúrthóir Sheirbhísí Aigéin, Aeráide agus Faisnéise i bhForas na Mara, “Bhí ár gcomhoibriú le Met Éireann i ndáil le Líonra Breathnóireachta Baoithe Sonraí Muirí na hÉireann ríthábhachtach i ndáil le córais breathnóireachta réamhaisnéise aimsire agus aigéaneolaíochta na hÉireann. Tá an líonra mar bhonn lenár dtaighde a bhaineann le réamhaisnéis athraithe aigéin agus aeráide a fheabhsú, ionas gur féidir linn seirbhísí riachtanacha náisiúnta níos fearr a sholáthar trí bhreathnóireacht a dhéanamh ar thionchair réigiúnacha agus áitiúla agus iad a réamh-mheas.”

Tá an mhúráil ag M6, atá ag síneadh síos ó dhromchla an aigéin chuig ancaire in Umar Rocal, breis is 3,500m. Ag an suíomh seo, tá uirlisí éagsúla in úsáid a bhfuil braiteoirí aigéaneolaíochta orthu a thomhaiseann salandacht, teocht agus feachtaí san 1,000m uachtar. Úsáideann eolaithe athruithe caolchúiseacha san aigéan domhain a thomhaistear ag an suíomh tábhachtach seo chun teacht ar thuiscint maidir le conas atá dinimic aigéin ag freagairt do theochtaí domhanda atá ag ardú agus d’athrú aeráide.

In 2016, ag cur leis an taithí a bhí faighte in imeacht na mblianta, chuir Foras na Mara tús, le tacaíocht ó P&O Maritime Services, le taighde ar dhearthaí agus ar theicneolaíochtaí baoithe sonraí nua. Chumasaigh tacaíocht leanúnach ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus deontas infreastruchtúr taighde ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (18/RI/5731) an líonra a uasghrádú chuig baoithe de ghlúin nua ar a raibh córais nua braiteoirí, a tháinig in áit teicneolaíocht a bhí in úsáid ó 2008. Taifeadann na baoithe sonraí nua seo, atá níos troime ná 5 thona agus breis is 6 mhéadar ar airde, paraiméadair aigéaneolaíochta sa bhreis ar na tomhais mheitéareolaíochta thraidisiúnta.

CRÍOCH

Tá an Dr Sarah Gallagher, Ceannasaí Breathnóireachtaí Met Éireann agus Guy Westbrook, Foras na Mara ar fáil chun agallaimh a dhéanamh.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait:
Sinéad Coyne e. sinead [dot] coyne [at] marine [dot] ie fón +353 (0)87 947 7090
Sheila Byrnes e. sheila [dot] byrnes [at] marine [dot] ie fón +353 (0)87 815 5271
Bonnie Diamond e [dot] bonnie [dot] diamond [at] met [dot] ie fón +353 (0)860762923

Nótaí do na hEagarthóirí

Físeán faoi Líonra Breathnóireachta Baoithe Sonraí Muirí na hÉireann: https://youtu.be/9A7MLZ6yQW4

Stair na mBaoithe Sonraí

In 2001, bhí úsáid á baint ag Foras na Mara as baoi ODAS don líonra, baoi a bhí láidir agus breá ábalta déileáil le coinníollacha doicheallacha an Atlantaigh thoir thuaidh. D’úsáid an cineál seo baoi satailítí Inmarsat chun teachtaireachtaí breathnóireachtaí a sheoladh chuig an Ríocht Aontaithe agus ar aghaidh chuig GTS, a thug deis do gach seirbhís mheitéareolaíoch ar fud an domhain na breathnóireachtaí tábhachtacha seo a rochtain láithreach. Bhí débhraiteoirí ar na baoithe ODAS le haghaidh fhormhór na bparaiméadar agus bhí ainéimiméadar cupaí agus eite in úsáid le haghaidh tomhas gaoithe. Uirlis iontaofa ba ea an braiteoir aistrithe chothrománaigh a bhí feistithe sa bhaoi ODAS chun sonraí tonnta a thomhas agus bhí ardleibhéil sonraí á soláthar aige.

In 2010, cuireadh tús le húsáid a bhaint as baoi nua Fugro Oceanor sa líonra, de bhrí go raibh sé dodhéanta páirteanna spártha nua a aimsiú don chóras níos sine. Tá an cineál baoi seo i ndiaidh cur leis an gcumas atá ann chun tonnta uasta aonair a thomhas, tá dhá chrann ar leith air, agus úsáideadh Satailítí Iridium chun sonraí breathnóireachta a roinnt. Socraíodh an chéad bhaoi Fugro Oceanor ag stáisiún M3 i rith 2009. I ndiaidh tréimhse shuntasach tástála a chur i gcrích, cuireadh tús le húsáid a bhaint as an mbaoi ar an 23 Feabhra 2011 ag Stáisiún M2. Imlonnaíodh tuilleadh baoithe FUGRO ag M3, M4 agus M5 i rith 2011/2012, ach leanadh le húsáid a bhaint as baoi ODAS ag stáisiún M6 go dtí Meitheamh 2019. Bhí sonraí ó bhaoithe FUGRO (trí shatailítí Iridium) á ródú trí Met Éireann agus á dtarchur chuig GTS. Bhí roinnt dúshlán le sárú ag baoithe FUGRO le soláthairtí cumhachta den chuid is mó, nuair a bhí siad á n-imlonnú i dtimpeallacht gharbh an Atlantaigh Thuaidh. Ainneoin go raibh frithchaiteoir radair feistithe ar na baoithe, bhuail árthaí iad anois agus arís rud a spreag athmhachnamh, agus ar deireadh cinneadh deireadh a chur le húsáid a bhaint astu. De bhrí go bhfuil Éire suite ag domhanleithead de bhreis is 50 céim os cionn an mheánchiorcail, laghdaigh uillinn íseal na gréine i rith an gheimhridh acmhainn ardán bhaoi Fugro Oceanor go dtí ceantar grianchumhachta cuí mar gheall ar dhearadh íseal na cabhlach. Chomh maith leis sin, bhí na grianphainéil á n-éilliú le halga agus feamainn go minic, rud a chuir leis an bhfadhb agus a d’éiligh cuairteanna rialta chun na painéil a ghlanadh.