Marine Institute

Long Bháite Guinness á Nochtadh

Tá íomhánna ardtaifigh de long thrádála, a bádh nócha a ceathair bliain ó shin ón lá inniu (an 12 Deireadh Fómhair) amach ó chósta Bhaile Átha Cliath, tar éis a bheith nochta ag Clár INFOMAR (Léarscáiliú Comhtháite d’Fhorbairt Inbhuanaithe Acmhainn Mhara na hÉireann) le linn misin ar an árthach taighde náisiúnta, an RV Celtic Voyager, níos luaithe i mbliana. Rinneadh suirbhé ar an mbád briste arbh é céadárthach ceannaigh Guinness é, an W.M. Barkley.

Thaifead sonóir taobhscanta a bhí á tharraingt, a chuir an Moore Marine Group ar fáil, na híomhánna mionsonraithe de ghrinneall na farraige. Áirítear leis na híomhánna a glacadh gnéithe deice agus struchtúir chasta iomaire trá. Tugtar léargas amhairc iontu ar an long chosanta faoi airm ar bháigh toirpéad Gearmánach í sa bhliain 1917, seacht míle soir ó Bhanc na Cise amach ó Bhaile Átha Cliath.

Le linn shuirbhé mór léarscáilithe INFOMAR ar Mhuir Éireann i mí na Bealtaine 2010, sainaithníodh i staidéar náisiúnta mara arna stiúradh ag Foras na Mara agus Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, gné ghrinnill a d’fhéadfadh súil ghéar a shainaithint mar long bháite fhéideartha ina luí sa suíomh céanna agus atá i dtaifead sa Chairt Aimiréalachta, i suíomh long báite an Aontais Eorpaigh agus i suíomh long báite Oifig Hidreagrafach na Ríochta Aontaithe, chomh maith le suirbhé a rinneadh sna 1980idí agus suíomh deireanach an W.M. Barkley a bhfuiltear ar an eolas faoi.

Dúirt an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, an tUasal Pat Rabbitte, i dtaca leis na híomhánna den scoth den long bháite, “Tá ríméad orm aitheantas a thabhairt do shármhaitheas leanúnach na hoibre luachmhaire atá ar bun faoi Chlár INFOMAR.  Léiríonn na híomhánna seo ón bhfarraige dhomhain radharc ar leith ar chuid d’oidhreacht mhara na hÉireann agus tá an-áthas orm sonraí a thabhairt faoi sheimineár bliantúil INFOMAR a bheidh ar siúl i nGaillimh an 16 agus an 17 Samhain.”

Oíche dhorcha nócha a ceathair bliain ó shin, an 12 Deireadh Fómhair 1917, bhuail toirpéad ón bhfomhuireán Gearmánach, an UC-75, an W.M. Barkley gan choinne. Taobh istigh de chúpla nóiméad, bhris an long, a bhí faoi úinéireacht agus faoi fheidhmiú Chuideachta Guinness i mBaile Átha Cliath, ina dhá leath agus chuaigh sí go tóin na farraige. Bádh ceathrar fear sa long freisin, lenar áiríodh an captaen agus fágadh an fhoireann eile ar an bhfarraige mhór i mbád oscailte tarrthála. Táthar tar éis cur isteach anois ar an dorchadas san áit a bhfuil an long ina mionbhach; rinneadh fiosrú uirthi ag méara fuaime atá i mbun léarscáiliú fíorghrinn ar ghrinneall na farraige agus atá ag cur suíomh na loinge báite cáiliúla Éireannaí seo in iúl.

 “Ós rud é gurbh í an W.M. Barkley, an chéad long a bhí faoi úinéireacht Guinness, bhí ról tábhachtach aici sa scéal maidir le hiompar leann dubh Guinness thar lear,” arsa Eibhlin Roche, Cartlannaí Guinness. “Is cuid mhór de stair Guinness iad imeachtaí na hoíche, an 12 Deireadh Fómhair 1917, agus tá taifead orthu i gCartlann Guinness. Táthar ar bís go bhfuiltear ar an eolas faoi láthair bheacht an W.M. Barkley faoi dheireadh.”

Tá mionsamhail den W.M. Barkley de réir scála ar taispeáint sa Dánlann Iompair (Transport Gallery) i Stóras Guinness; cuimhnítear ar bheathaí fhoireann Guinness a cailleadh agus a tháinig slán as na himeachtaí an 12 Deireadh Fómhair 1917.   Scéalta tubaiste agus crógachta iad seo ina léirítear luachanna traidisiúnta na hÉireann, agus ar conas a nochtadh iad a bhuíochas le teicneolaíocht cheannródaíoch.

AN DEIREADH

Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil leis an duine seo a leanas:   
An Dr John Joyce – Bainisteoir Cumarsáide, Foras na Mara
Guthán: 087 2250871 /

john [dot] joyce [at] marine [dot] ie

Nótaí don Eagarthóir

Stair
An 12 Deireadh Fómhair 1917, chuir long thrádála Guinness, an W.M. Barkley, chun farraige as Baile Átha Cliath chun aghaidh a thabhairt ar Learpholl. Bhí lastas bairillí “oigiséad” de leann dubh na cuideachta a bhfuil clú air timpeall na cruinne ar an long. Thóg an chuideachta Albanach longthógála, Ailsa Shipping, in Troon an long de chéaduair faoi choinne chuideachta ghuail John Kelly sa bhliain 1898, ach díoladh le Guinness í in 1913. Bhí toillíocht 569 Olltonnáiste Cláraithe gan lasta uirthi ag baint léi agus ba í an chéad long thrádála Éireannach í a bhí ‘cosanta faoi airm’ le gunnaí ar eagla go ndéanfadh an Cabhlach Gearmánach ionsaí uirthi.

Ar an drochuair, tháinig an t-ionsaí marfach ar an W.M. Barkley faoi na tonnta; toirpéad ón bhfomhuireán Gearmánach, an UC-75, a bhuail í agus agus a bháigh í. Bhí ocht mianach déag, seacht dtoirpéad agus gunna deice ar an bhfomhuireán beag ar baineadh leas as chun mianaigh a leagan. Tógadh é i longchlós Vulcan in Hamburg. Fearacht an W.M. Barkley, bhí toillíocht 545 tona san iomlán ag baint leis.

Bhris an buille ón toirpéad droim na loinge; briseadh na taobhanna agus bádh í taobh istigh de chúpla nóiméad. Chuaigh na fir a tháinig slán as an teagmhas sna báid tarrthála agus d’iomair siad ar shiúl ó chabhail an bháid a bhí ag dul síos sa dóigh nach rachaidís féin síos de thoradh shúchán an bháid bhuailte. 

Dúirt Thomas McGlue, a tháinig slán as an tubaiste, an méid seo a leanas faoin eachtra, “Chonaiceamar an U-Bhád ina luí ansin taobh thiar dínn. Shíl mé gur bád guail a bhí ann toisc a mhéad a bhí sé. Bhí seachtar Gearmánach sa túr faireacháin agus bhí gach duine acu ag amharc anuas orainn trí dhéshúiligh. Ghlaomar ar an gcaptaen agus d’iarramar air sinn a phiocadh suas. Scairt sé anall sinn lena thaobh agus d’iarr sé ainm ár mbáid orainn, an lastas a bhí uirthi, cérbh iad na húinéirí agus cá háit a raibh sí cláraithe. Bhí Béarla níos fearr aigesean ná mar a bhí againne... Dúirt sé go bhféadfaimis imeacht... Ina dhiaidh sin, thaispeáin sé soilse an chladaigh dúinn agus dúirt sé linn aghaidh a thabhairt orthu.”

Bhí na fir a tháinig slán fágtha ina n-aonar anois sa dorchadas agus bhí bairillí leanna dhuibh mórthimpeall orthu. Chaith siad cochall moille amach i ndiaidh teipe ar iarracht iomramh a fhad le long sholais na Cise. I ndeireadh thiar thall, tháinig an criú a bhí ar bhád guail, Donnet Head, i dtarrtháil orthu. Bhí an bád sin ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Thóg foireann an bháid ghuail na marthanóirí ar bord agus cheangail siad a mbád tarrthála dá mbád féin. Tháinig siad i dtír arís ag 5.00 a.m.; thriomaigh tine iad agus thug maoirseoir Guinness éadaí tirime agus branda dóibh.

Fágadh an W.M. Barkley ina haonar i nduibheagán na farraige ar feadh beagnach céad bliain. Cé go raibh iascairí na háite ar an eolas faoin mbád briste ar a gcairteacha mar stumpa tráil ba cheart a sheachaint, níor nochtadh na sonraí iomlána faoin mbád briste agus faoi conas a d’fhan sí ar ghrinneall na farraige go dtí le gairid, a bhuíochas le turas neamheaglach taiscéalaíochta ag tumadóirí áitiúla amaitéaracha. De bharr na forbartha atá déanta ar threalamh speisialta tumadóireachta de gháis mheasctha ar a dtugtar ‘Trimix’ i gcomhair an mhargaidh spóirt, d’fhéadfaí teacht ar bháid bhriste atá chomh fada sin faoin bhfarraige agus atá an W.M. Barkley, atá ina luí faoi bhun 57 méadar d’uisce.

Rinne tumadóir spóirt a thug cuairt ar an mbád briste in 2003 cur síos ar an dóigh a raibh taobh an deasbhoird ar shiúl ach gur chosúil go raibh dea-bhail ar dheireadh an bháid. Ina theannta sin, bhí iomaire mór trá le sonrú soir siar timpeall na loinge báite. I ndiaidh na bhfionnachtana seo, rinne INFOMAR píosa taighde; is é seo an cleachtas is fairsinge agus is cruinne maidir le léarscáiliú cladaigh ar ghrinneall na farraige.
Léarscáiliú INFOMAR
Comhfhiontar é clár INFOMAR idir Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (GSI) agus Foras na Mara agus tagann sé i gcomharba ar Shuirbhé Náisiúnta na hÉireann ar Ghrinneall na Farraige (INSS). Clúdaíonn sé 125,000 ciliméadar cearnach de limistéar faoin uisce. Cuirfidh clár INFOMAR táirgí comhtháite léarscáilithe ar fáil a chuimseoidh gnéithe fisiciúla, ceimiceacha agus bitheolaíochta ghrinneall na farraige.

Tugtar faoi na suirbhéanna trí leas a bhaint as réimse ardán, lena n-áirítear RV Celtic Explorer agus RV Celtic Voyager de chuid Fhoras na Mara, seoltaí cladaigh agus LIDAR ar eitilt. Baintear úsáid sa chlár as sonóir fuaime ilbhíoma a bhíonn suite ar na hárthaí agus as teicneolaíocht gheoifisiceach d’fhonn faisnéis ríthábhachtach a sholáthar faoi dhoimhneacht an uisce le haghaidh loingseoireacht shábháilte, agus d’fhonn anailís a dhéanamh ar airíonna ghrinneall na farraige i gcomhair faisnéise a d’fhéadfadh bheith ina treoir faoi choinne na hiascaireachta, forbairt in-athnuaite aigéin, chosaint an chomhshaoil agus seandálaíocht mhara.

De réir mar a rinneadh anailís agus athphróiseáil ar íomhánna INFOMAR a bailíodh le linn an tsuirbhé mhóir léarscáilithe i mí na Bealtaine 2010, tháinig riocht árthaigh bhriste ar ghrinneall na farraige chun cinn; bhí sé san áit chéanna leis an taifeadadh deireanach ar an W.M. Barkley a bhfuiltear ar an eolas faoi. Bhí sé le sonrú soir soir ó thuaidh go siar siar ó dheas ar an mbun gainmheach. Chuir na gnáthshruthanna láidre timpeall na loinge é isteach i loig agus i ndromanna móra. Ina dhiaidh seo uile, thug beirt bhall d’fhoireann INFOMAR cuairt ar thaispeántas Stóras Guinness, áit a bhfuil mionsamhail den W.M. Barkley ar taispeáint. Thug siad faoi deara go raibh cosúlacht idir riocht an bháid agus na híomhánna mionsonraithe de ghrinneall na farraige.

Tháinig deis aníos an bhliain dar gcionn chun cuairt a thabhairt ar láthair na loinge briste arís de thairbhe go raibh an RV Celtic Voyager ag dul thairsti ar mhisean eile. Chuir Moore Marine Group sonóir taobhscanta a bhí á tharraingt ar fáil. Bhain a saineolaí seandálaíochta leas as chun píosa úr fionnachtana a chur leis an láthair stairiúil seo ina bhfuil bád briste agus uaigh cogaidh. Sholáthair an gléas seo, a bhí á tharraingt taobh thiar den árthach gar do ghrinneall na farraige, íomhánna ardtaifigh de ghnéithe deice agus de struchtúir chasta iomaire trá timpeall na loinge nó gur chuir an drochaimsir deireadh leis an obair sin.

Is é an chéad chéim eile atá le tógáil ag INFOMAR agus ag Guinness deis a ghlacadh le go mbaileofar dóthain sonraí d’fhonn pictiúr iomlán a chruthú den bhail atá ar an W.M. Barkley. Is é an fhís dá bhfuil ann úsáid a bhaint as mion-fhomhuireán róbait ar a mbeadh ceamara ar bord chun grianghraif ardtaifigh a ghlacadh de long na cuideachta cáiliúla leanna dhuibh a bádh na blianta ó shin agus na grianghraif sin a thabhairt ar ais.

Beidh Seimineár Bliantúil INFOMAR ar siúl ag Foras na Mara i nGaillimh an 16 agus an 17 Samhain. Feic infomar.ie le haghaidh sonraí.

AN RV CELTIC VOYAGER


Árthach ilchuspóra taighde 31.4m í an Celtic Voyager. Tá an t-árthach lonnaithe i nGaillimh; láthair mhaith í seo siocair go bhfuil sí ina tairseach Atlantaigh agus go bhfuil sí cóngarach do na príomhlimistéir oibre. 

Tá saotharlanna fliucha, tirime agus ceimiceacha ar an árthach. Tá na saotharlanna siad seo feistithe go buan le trealamh caighdeánach eolaíochta agus déanann siad freastal ar bhuíon idir seisear agus ochtar eolaithe; 14 lá an uasmharthanacht dá bhfuil i gceist. Bíonn foireann a bhfuil an-taithí acu ar an árthach i gcónaí; daoine ardoilte iad seo a bhfuil an-chur amach acu ar láimhseáil agus ar úsáid trealamh eolaíochta. 
 
Éascaíonn an Celtic Voyager bailiú sonraí iascaigh, geoifisiceacha, aigéaneolaíochta agus comhshaoil agus soláthraíonn sí oiliúint phraiticiúil don chéad ghlúin eile d’eolaithe mara. Baineann fíorthábhacht náisiúnta leis an taighde seo chun forbairt mhóracmhainn nádúrtha na hÉireann ar bhealach inbhuanaithe a chinntiú.

Sonóir taobhscanta

Catagóir chórais sonóra é sonóir taobhscanta a mbaintear leas as chun íomhá de limistéir mhóra de ghrinneall na farraige a chruthú go héifeachtúil. Is minic a bhaintear úsáid as chun suirbhéanna a dhéanamh faoi choinne seandálaíocht mhuirí, agus i dteannta samplaí grinnill, tá sé in ann tuiscint a sholáthar ar na difríochtaí idir ábhar agus uigeacht ghrinneall na farraige.

Baineann taobhscanadh úsáid as gléas sonóra a astaíonn bíoga cónúla nó feanchruthacha síos i dtreo ghrinneall na farraige thar uillinn leathan a bhíonn go hingearach le conair an bhraiteora tríd an uisce. D’fhéadfaí é seo a tharraingt le hárthach dromchla nó le fomhuireán, nó d’fhéadfaí é a chur ar chabhail na loinge.
Déantar déine na bhfrithchaití fuaime den gha feanchruthach seo ó ghrinneall na farraige a thaifeadadh i sraith sliseanna trasriain. Nuair a chuirtear an méid seo le treo na gluaiseachta, cruthaíonn na píosaí seo íomhá de ghrinneall na farraige laistigh de shlaod (leithead clúdaigh) an gha. Is gnách go mbíonn na minicíochtaí fuaime a úsáidtear i sonóir taobhscanta idir 100 agus 150kHz; soláthraíonn minicíochtaí níos airde taifeach níos fearr ach raon níos lú.

Moore Marine Group
Soláthróir lánchomhtháite seirbhíse iad Moore Marine a phléann le seandálaíocht mhara, le cúrsaí geoifisiceacha agus le haigéaneolaíocht. Déanann siad sainfheidhmiú ar sholáthar seirbhísí, saineolas teicniúil agus comhairle do thionscail phríobháideacha, d’institiúidí agus do chomhlachtaí stáit i ndáil leis an tionchar ar ár n-oidhreacht mhuirí agus ár gcomhshaol muirí agus lena gcosaint.

Mar gheall ar an saineolas teicniúil dá bhfuil acu, tugann siad faoi anrud tionscadail éagsúla a bhaineann le Measúnaithe ar an Tionchar ar an gComhshaol agus le Measúnaithe Réamhfhorbartha agus Iarfhorbartha ar Thionscadail Mhara, fearacht na gceann seo a leanas:

- Forbairtí calaidh agus calafoirt
- Feirmeacha gaoithe
- Feirmeacha tonnta
- Cláir dhreidireachta
- Tógáil droichead
- Forbairtí píblíne
- Mórscéimeanna Bonneagair

Conraitheoir tumadóireachta seandálaíochta agus comhshaoil iad Moore Marine atá cláraithe leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (HAS) agus leis an Health and Safety Executive (HSE). Dá bhrí sin, déanaimid cinnte i gcónaí go ndéantar na tumthaí uile de réir oibríochtaí tumadóireachta san ionad oibre agus de réir cóid fhormheasta chleachtais.

Na Grianghraif faoin Uisce
Léirítear íomhánna tríthoiseacha de thopagrafaíocht ghrinneall na farraige sna grianghraif; taispeántar raic an W. M. Barkley a bhfuil cuid di i bhfolach ina luí 56 méadar faoin uisce – tá sciúradh níos doimhne thart uirthi síos le 72 méadar (cuireann dathanna níos troime doimhneacht níos mó in iúl.)
Cruthaíodh na híomhánna ó shonraí sonóra a fuarthas ar bord árthach taighde Fhoras na Mara, an RV Celtic Voyager, le linn léarscáiliú Chlár INFOMAR in 2010 agus in 2011; Fabio Sacchetti (Ollscoil Uladh) agus Charise McKeon (Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann) ó INFOMAR a phróiseáil na sonraí.