Foras na Mara

Foras na Mara ag lorg iascairí chun páirt a ghlacadh i bhforbairt aip mhapála éisc

Fishing boats and fishing gear, Wicklow Harbour. Photo Credit CoastMonkey Photography.  31 Bealtaine 2021:Tá taighdeoirí in Foras na Mara ag lorg iascairí as ar fud na tíre chun páirt a ghlacadh i dtionscadal nua a bhfuil sé mar aidhm leis gabhálacha gan iarraidh a laghdú i gcleachtais mharaithe, ar bhealach éiceolaíoch, eacnamaíoch, agus inbhuanaithe go sóisialta.

I rith an tionscadail dar teideal, IFISH, bainfear úsáid as cur chuige iompraíochta a áireofar ann mapáil ar líne, beagnach fíor-ama, chun cabhrú le hiascairí cloí le cuótaí AE agus ag an am céanna inbhuanaitheacht stoc éisc a chur chun cinn. Go bunúsach, tá sé mar aidhm leis an gcóras cabhrú le hiascairí an méid éisc a ghabhtar nach bhfuil ag teastáil uathu a laghdú, agus ar an tslí sin, a chinntiú nach bhfuil éisc aischurtha ann. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag deontas SIRG Fhondúireacht Eolaíochta Éireann.

Dúirt an Dr. Julia Calderwood, Príomhthaighdeoir an tionscadail, go dtuigeann iascairí agus an pobal i gcoitinne le deich mbliana anuas gur fadhb shuntasach é aischur éisc in iascaigh ar fud an domhain.

Bhí an méid seo a leanas le rá aici, “Is éard atá i gceist le haischur, éisc atá marbh nó damáistithe a chaitheamh ar ais san fharraige, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’inbhuanaitheacht.” “Sin an chúis a bhí le cinneadh an AE reachtaíocht a bhunú a chiallaigh nach gceadaítear aischur go leor speiceas éisc níos mó.”

Mhínigh an Dr. Calderwood go bhfuil cuótaí sonraithe anois maidir le cé mhéad éisc is féidir le hiascairí a leaindeáil gach bliain. Tá sé seo á rolladh amach ag leibhéal AE ar dtús agus ina dhiaidh sin tá sé á roinnt idir na ballstáit agus tá siad freagrach as a stoic féin a bhainistiú dá réir sin. Ar an tslí sin, ba cheart go mbeadh an líon éisc in ann iad féin a athsholáthar.

Modhanna chun stoic a rialú

 Chun cloí le cuótaí, is féidir le hiascairí tairbhe a bhaint as réitigh éagsúla a chabhraíonn le roghnaíocht in iascach a mhéadú. Áirítear i measc na mbeart teicniúil eangacha níos roghnaithí a úsáid cosúil le heangacha le mogalra nó painéil éalaithe níos mó lena chinntiú nach gcoimeádtar gabháil gan iarraidh iontu. Tá taighdeoirí mara ar fud an domhain anois i mbun machnaimh ag leibhéal pleanála níos sofaisticiúla. Mar shampla, roimhe seo bhí eolaithe ó Fhoras na Mara ag obair ar thionscadal a raibh sé mar aidhm leis mapaí dóchúlachta a fhorbairt chun cabhrú linn teacht ar thuiscint ar cá háit agus cathain is dócha a mbeadh na speicis atá faoi réir cuótaí á ngabháil.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Calderwood, “Níor chuir aon rud a bhí le feiceáil ar na mapaí ionadh orainn”. “Chuir iascairí in iúl dúinn gur uirlis tagartha úsáideach ba ea na mapaí, agus go raibh an méid a bhí le feiceáil ar na mapaí ag teacht leis an méid a bhí ar eolas acu féin.  Ach bhí srianta áirithe ag baint leo mar go raibh siad bunaithe ar fhaisnéis gafa a bailíodh i gceantair fhairsinge, agus thar thréimhsí fada nó séasúir éagsúla.”

“Dúirt na hiascairí go mb’fhéidir go mbeadh fonn orthu na mapaí a sheiceáil anois is arís, ach nach mbeadh na mapaí in úsáid acu gach lá, mar nach raibh eolas cothrom le fáil orthu maidir le cá bhfuil na héisc i láthair na huaire.

Fishing boat at Moville, Donegal. Photo credit CoastMonkey photography.

 Córas IFISH

 Ansin chinn an Dr. Calderwood triail a bhaint as cur chuige níos nuálaí. Ba é an smaoineamh a bhí aici go bhféadfaí aip a chruthú don fhón póca trí úsáid a bhaint as córas mapála, beagnach fíor-ama, chun comhairle a chur ar iascairí maidir le cá háit ba cheart iascaireacht a sheachaint ionas nach mbeidh speicis nó méideanna éisc gan iarraidh á ngabháil, rud a chabhródh leo fanacht laistigh dá gcuóta agus éifeachtúlacht a ngabhála a fheabhsú ionas go bhfuil slí mhaireachtála inmharthana fós á baint amach acu.

 “Sin a bhfuil i gceist le tionscadal IFISH,” a deir sí. “Is é an smaoineamh atá ann go mbeadh scipéirí ag cur faisnéis bheo ar fáil maidir le gabhálacha gan iarraidh a thugann siad faoi deara trí úsáid a bhaint as ár n-aip. Mar shampla, d’fhéadfaidís logáil isteach agus cliceáil ar an mapa lena chur in iúl, cuir i gcás, go raibh siad díreach anseo, díreach anois, agus a chur in iúl go raibh go leor éisc gan iarraidh á ngabháil acu, cosúil le héisc faoi mhéid nó speicis nach féidir iad a dhíol.”

 “Ansin chruthódh an aip foláireamh a d’fhéadfaí a roinnt le soithí atá cláraithe chun an aip a úsáid le chéile, rud a chabhródh leo fanacht amach ó na limistéir ina bhfuil an ghabháil gan iarraidh le fáil. Baineann gach duine tairbhe as seo, ach teastaíonn iascairí atá toilteanach clárú agus cabhrú linn an aip a fhorbairt agus a thástáil.”

 Tá sé mar aidhm ag an tionscadal go mbeadh an aip in úsáid i rith 2022 ach tá an obair dearaidh a bhaineann leis an tionscadal seo á dhéanamh i láthair na huaire le hionadaithe ón tionscal ionas go mbeidh an táirge deiridh oiriúnach do riachtanais na n-úsáideoirí. I láthair na huaire, tá foireann an tionscadail ag lorg iascairí atá toilteanach clárú agus páirt a ghlacadh sa phróiseas dearaidh. Tá tuilleadh eolais agus sonraí teagmhála le fáil ag www.i-fish.org

 Tá an tionscadal seo atá dírithe ar thaighde á chur i láthair mar chuid d’fheachtas ceithre seachtaine Oceans of Learning Fhoras na Mara, a chuirfidh ar chumas daoine aithne a chur ar ár n-aigéan ó áit ar bith ar domhan. Cuimsítear in Oceans of Learning sraith podchraoltaí nua, físeáin agus gearrscannáin, nuacht agus acmhainní ar líne faoinár n-aigéan. Tá rud éigin ann do gach duine agus mar chuid den tsraith Oceans of Learning déanfar scrúdú ar gach gné dár n-acmhainn mhuirí - idir ár mbithéagsúlacht mhuirí shaibhir, aeráid athraitheach ár n-aigéin, agus ár n-aigéin amach anseo.

 

CRÍOCH

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait déan teagmháil le:

Sheila Byrnes r. sheila [dot] byrnes [at] marine [dot] ie t. +353 (0)87 225 0871

Sinéad Coyne r. sinead [dot] coyne [at] marine [dot] ie t. +353 (0)87 947 7090