Foras na Mara

Radharc faighte ar Mhíl Mór Dronnach nua ‘Orion’ in uiscí na hÉireann

Tail of Humpback Whale Orion. Photo Dr Justin Judge.

Táthar i ndiaidh radharc a fháil ar Mhíol Mór Dronnach nua, a bhfuil ‘Orion’ mar leasainm air, den chéad uair in uiscí na hÉireann, thart ar 60 ciliméadar ó thuaidh siar ó thuaidh ó Chionn Mhálanna, Contae Dhún na nGall, Éire.

Chonacthas an míol mór dronnach ón RV Celtic Explorer de chuid Fhoras na Mara mar pháirt de shuirbhéireacht bhliantúil WESPAS (Western European Shelf Pelagic Acoustic Survey). An Dr Justin Judge a chonaic an míol mór dronnach ar 9.30am, an Aoine an 9 Iúil 2021. Breathnóir Mamach Mara is ea an Dr Judge a bhí ar bord an RV Celtic Explorer thar ceann an Ghrúpa Éireannaigh maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna (IWDG). Dheimhnigh an IWDG gur ainmhí ar leith nua é an míol mór dronnach nár taifeadadh roimhe seo in uiscí na hÉireann i gcatalóg an IWDG. Tugadh Uimhir Chatalóige HBIRL111 dó.

“Aisling radhairc atá anseo faoi choinne Breathnóir Mamach Mara,” arsa an Dr Justin Judge. “Ainmníodh an míol mór dronnach ar leith ‘Orion’ as sealgaire Gréagach na miotaseolaíochta cionn is go raibh an míol mór ag imeacht leis na stoic éisc faoi choinne bia. Tá sé fóirsteanach ar dhá bhealach óir is é sin an dara hainm atá ar mo mhac. Bhí a lán gníomhaíocht chothaithe ag gabháil i measc go leor speicis chéiticeacha an lá sin, deilfeanna bolgshrónacha, coiteanna, liatha agus bánchliathánacha ina measc, chomh maith le rónta glasa agus droimeitigh bheaga.”

Fásann míolta móra dronnacha suas le 14 mhéadar go 17 méadar ar a bhfad. Bíonn siad dubh de ghnáth agus lapaí fada bána orthu agus is minic paistí bána ar an taobh thíos (dromchla tairr). Nuair a ardaíonn míol mór dronnach a eireaball nó a leith uisce, bíonn faill ann grianghraf a ghlacadh dá thaobh thíos. Rud uathúil atá sa phatrún ar an taobh thíos i gcás an mhíl mhóir ar leith sin agus bainfear feidhm as na grianghraif seo lena aithint. Go dtí seo, tá an Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna i ndiaidh taifead a dhéanamh ar 112 míol mór ar leith in uiscí na hÉireann ó bhí 1999 ann agus déantar taifead ar a lán acu bliain i ndiaidh bliana.

Humpback Whale Orion. Photo Dr Justin Judge.

“Is spreagúil an rud é creachadóir bairr ar bith a fheiceáil ina thimpeallacht féin ach is speisialta amach is amach é míol mór dronnach úr a bheith in uiscí na hÉireann,” arsa Ciaran O’Donnell, eolaí Shuirbhéireacht WESPAS ó Fhoras na Mara. “Cothaítear réimse leathan beathra muirí in uiscí na hÉireann. Inár gclár bliantúil suirbhéireachta fuaimiúla, déantar monatóireacht ar na stoic atá againn d’iasc peiligeach agus, anuas air sin, cuirtear sonraí ar fáil do thaighdeoirí ó thaobh sláinte ghinearálta an éiceachórais i gcoitinne de. Is riachtanach an fharraige mhór a bhreathnú agus a thuiscint má táthar le héiceachórais na mara a chosaint agus a bhainistiú don am atá le teacht.”

Cuirtear suirbhéireacht WESPAS Fhoras na Mara i gcrích gach aon bhliain. Déantar suirbhéireacht ar mhara scairbhe ón Fhrainc ó thuaidh go hAlbain agus siar ó Éirinn. Tá WESPAS ar an tsuirbhéireacht soithigh aonair is mó dá cineál san Atlantach Thoir Thuaidh. Cumhdaítear corradh le 60,000 nmi2 (muirmhíle) gach samhradh. Déantar an tsuirbhéireacht a mhaoiniú mar chuid den Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, faoin Chlár Bailithe Sonraí atá á reáchtáil ag Foras na Mara. Bíonn eolaithe ag bailiú sonraí fuaimiúla agus bitheolaíochta i dtaca le scadán, torciasc agus bolmán Atlantach, a úsáidtear le tomhas a dhéanamh go neamhspleách ar na stoic éisc sin in uiscí na hÉireann. Lena chois sin, déanann eolaithe monatóireacht ar airíonna fisiceacha agus ceimiceacha na farraige, planctóin, éan mara agus mamach muirí le linn na suirbhéireachta sin.

Speiceas imirceach is ea an míol mór dronnach. Féadtar iad a fheiceáil in uiscí na hÉireann i rith na bliana, ach is minice iad a fheiceáil san earrach go dtí go luath sa gheimhreadh nuair a thugann siad cuairt ar áiteanna séasúracha cothaithe. Dúiche chothaithe ar dóigh atá in uiscí na hÉireann faoi choinne míolta móra dronnacha cionn is go bhfuil na huiscí leath bealaigh ar an aistear imirce a bhíonn acu trasna an Atlantaigh idir an Afraic Thiar agus Críoch Lochlann Thuaidh. Is féidir íomhánna de mhíolta móra dronnacha ar leith a úsáid lena ngluaiseachtaí logánta gearr-raoin a rianú, mar aon lena ngluaiseachtaí idirnáisiúnta feadh bealaí imirce agus, sa deireadh, a n-áit phóraithe a rianú.

CRÍOCH

Tá Ciaran O’Donnell, Foras na Mara, ar fáil faoi choinne agallaimh sna meáin i dtaca le Suirbhéireachtaí Iascaigh.

Tá Simon Berrow, POF IWDG, ar fáil faoi choinne agallaimh sna meáin faoi amharc an mhíl mhóir dhronnaigh.

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sinéad Coyne r. sinead [dot] coyne [at] marine [dot] ie f. +353 (0)87 947 7090

Nótaí don Eagarthóir:

Foras na Mara
Is é Foras na Mara an ghníomhaireacht náisiúnta atá freagrach as taighde mara, forbairt teicneolaíochta mara agus nuálaíocht mara. Cuireann an foras réimse seirbhísí eolaíochta, comhairleacha agus forbartha geilleagraí ar fáil don rialtas, do ghníomhaireachtaí poiblí agus do thionscal na mara. Trí na seirbhísí sin, cuirtear eolas ar fáil do cheapadh beartais agus rialáil, chomh maith le bainistiú inbhuanaithe agus fás, acmhainní mara na hÉireann. www.marine.ie.

An Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna
Bunaíodh IWDG in 1990 le scéim amhairc agus triomaithe Uile-Éireann a bhunú agus le bheith i mbun feachtais go bhfógrófar uiscí teorann na hÉireann mar thearmann faoi choinne míolta móra agus deilfeanna. Ó shin i leith, tá fás i ndiaidh teacht ar an ghrúpa. Sa lá atá inniu ann, grúpa éagsúil atá ann ina bhfuil daoine ó chúlraí éagsúla agus rud amháin i gcoitinne acu: tá a gcroí istigh i míolta móra, deilfeanna agus sa timpeallacht mhuirí. Carthanas cláraithe atá in IWDG a fhaigheann maoiniú ó réimse foinsí. https://iwdg.ie/