Foras na Mara

Braisle Nua sa Taighde Mara do Chonamara le díriú ar an taighde san uisceshaothrú

New Marine Research Cluster for Connemara to focus on aquaculture research Táthar ag pleanáil braisle nua sa taighde mara do Chonamara lena gcuimseofar saoráid Údarás na Gaeltachta ag Páirc na Mara, a bhfuiltear i mbéal forbartha anois i gCill Chiaráin, Saotharlanna OÉ Gaillimh ar Champas Charna, agus suíomh don uisceshaothrú i mBeirtreach Buí gar do Charna. Beidh braisle Chonamara mar chuid den bhraisle taighde náisiúnta um uisceshaothrú lena n-áireofar saoráidí Fhoras na Mara ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo; agus beidh suíomh Bheirtrí Buí mar chuid thábhacht de bhonneagar taighde mara an Stáit.

Shlánaigh Foras na Mara cistiú ó Fhondúireacht Eolaíochta na hÉireann agus ó Fhís 2020 an AE sa bhliain 2016 i gcomhair réimse tionscadal taighde a dhéanfar i ndlúthchomhar le foirne Fhoras na Mara i mBaile Uí Fhiacháin agus i nGaillimh chomh maithe le taighdeoirí ag campas OÉ Gaillimh i gCarna agus ag saoráid Údarás na Gaeltachta ag Páirc na Mara. Áireofar leis na tionscadail taighde sin staidéar ar ghlantóirí (cineál éisc), as a mbaintear leas chun míolta mara agus seadáin seachtracha eile a cheansú, ar leas ainmhithe agus ar ilsaothrú sliogéisc, éisc eite agus feamainní chun an bhithéagsúlacht a fheabhsú agus chun tionchair chomhshaoil a laghdú. Tá Foras na Mara tar éis cistiú a thiomnú chun trí phost a chruthú chun suíomh taighde Bheirtrí Buí san uisceshaothrú a reáchtáil agus a chothabháil, agus chun tacaíocht a sholáthar d'fhoirne agus do thionscadail sa taighde mara.

Táthar ag dúil go dtacóidh suímh Bheirtrí Buí le roinnt tionscal taighde sna blianta amach romhainn, lena n-áirítear forbairt an uisceshaothraithe iltrófaigh chomhtháite, lena soláthrófar seachtháirgí, lena n-áirítear dramhaíl, ó speiceas uisceach amháin mar ionchur (leasacháin, beathú) do cheann éigin eile. Déanfar an taighde sin i gcomhar le comhpháirtithe tionscadail sna hinstitiúidí tríú leibhéal agus sna comhpháirtithe ó bhallstáit eile an AE. Bainfear leas as an suíomh freisin chun tacú leis an tionscadal idirnáisiúnta mór TAPAS a fuair €7 milliún ón AE faoi Fís 2020. Is éard is aidhm leis an tionscadal TAPAS ná chun uirlisí agus cleachtais bhainistíochta costéifeachtacha a fhorbairt d'earnáil an uisceshaothraithe Eorpaigh chun teorainneacha na gníomhaíochta saothraithe éisc i suíomh éigin, idirghníomhuithe sóisialta, tionchair chomhshaoil féideartha agus aon rioscaí amach anseo a imscrúdú.

Tá Foras na Mara tar éis iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun an ceadúnas don suíomh uisceshaothraithe ag Beirtreach Buí a leasú ó cheann tráchtála ina cheadúnas taighde. Bainfidh laghdú le méid an tsuímh, líon na ndéanmhas ceadúnaithe a laghdú, ó 48 déanmhas chuig uaslíon 12 cliabhán agus 12 déanmhas chomhchosúla, idir mheascán de línte fada agus chliabháin tháscacha/déanmhais samplála éighníomhacha. Áirítear leis an leasú freisin laghdú i leibhéal an stoic éisc ag an suíomh ón leibhéal reatha 100 tonna chuig uasmheáchan 50 tonna. Ceadófar leis an gceadúnas leasaithe do shealbhú réimse speiceas éisc, sliogéisc agus feamainne chun críocha taighde. Ní bheidh ceadúnú do tháirgeadh tráchtála ar bith sa suíomh. Baineadh leas as an suíomh do shaothrú an bhradáin den chéad uair siar sna 1980í, agus leasaíodh an ceadúnas uisceshaothraithe thiar sa bhliain 2010 chun trialacha saothraithe a dhéanamh ar an trosc mar chomhshaothrú idir OÉ Gaillimh agus Údarás na Gaeltachta. Ghabh Foras na Mara seilbh ar an suíomh sa bhliain 2013 chun díriú ar shaothar taighde i leith an troisc agus ar staidéir ghaolmhara, lena n-áirítear taighde um malairtí nádúrtha frithbhréantáin.

Cuirfear an t-iarratas nua ar cheadúnas taighde chuig comhairliúchán poiblí i rith na seachtaine.

Is é Foras na Mara an ghníomhaireacht Stáit a bhíonn freagrach as forbairt agus nuálaíocht na teicneolaíochta taighde mara in Éirinn. Soláthraímid comhairle eolaíochta agus theicniúil don Rialtas chun cuidiú le múnlú an bheartais agus chun tacú le forbairt inbhuanaithe acmhainn mhara na hÉireann.

Críoch