Marine Institute

Tá ómós le léiriú ag árthach taighde mhuirí nua na hÉireann den chéad scoth ar an taiscéalaí Éireannach ar a bhfuil cáil dhomhanda, Tom Crean

An illustration of Ireland’s new marine research vessel, RV Tom Crean, produced by Norwegian architects Skipsteknisk AS

An 02 Feabhra 2021:  Ainmneofar árthach taighde mhuirí nua na hÉireann mar an RV Tom Crean. Tá an t-árthach taighde ilchuspóra nua den chéad scoth le cur ar fáil i samhradh 2022 agus tabharfaidh sé faoi réimse fairsing gníomhaíochtaí taighde mhuirí, iascaigh, athrú aeráide, léarscáiliú ghrinneall na farraige agus aigéaneolaíocht san áireamh.

Rinneadh an t-árthach taighde nua-aimseartha nua 52.8 méadar, a thiocfaidh in ionad RV an Celtic Voyager, atá31 méadar ar fad, a choimisiúnú le tacaíocht ó Rialtas na hÉireann.

Ainmneofar árthach taighde mhuirí nua na hÉireann an RV Tom Crean, in ómós don mhairnéalach agus an taiscéalaí cáiliúil a thug faoi thrí thuras taiscéalaíochta mhóra chuig an Antartach a lorg chun an t-eolas eolaíochta a mhéadú agus chun limistéir den domhan nár baineadh amach roimhe seo a thaiscéaladh.

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., “Tá gliondar croí orm a fhógairt gurb é ainm árthach taighde mhuirí nua na hÉireann ‘an RV Tom Crean’, a thugann aitheantas do laoch Taiscéalaíochta Éireannach. A bhuíochas leis an árthach nua, beidh Éire ábalta tabhairt faoi obair ríthábhachtach thaighde a thacóidh le go leor de na tionscadail a dtugtar cuntas orthu i gClár an Rialtais, measúnú ar iascaigh, fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, pleanáil spásúil mhuirí, limistéir mhuirí faoi chosaint agus dul i ngleic leis na dúshláin a chruthaíonn athrú aeráide san áireamh.”

Cuirfidh an t-árthach nua taighde mhuirí seirbhís ar fáil ó thús go deireadh na bliana chun suirbhéireachtaí fairsingithe ar iascaigh, léarscáiliú ghrinneall na farraige agus suirbhéireachtaí domhainuisce a dhéanamh, agus chun tacú le taighde méadaithe san Atlantach Aigéan. Cumasóidh an t-árthach nua 300 lá oibríochtúil ar muir gach bliain, agus a mhéid le 3,000 lá eolaí sa bhliain. Cuirfidh an t-árthach nua ar chumas Fhoras na Mara leanúint le suirbhéireachtaí ardchaighdeáin eolaíochta a stiúradh agus tacú leo a chuireann le suíomh na hÉireann mar cheannaire san eolaíocht mhuirí.

Fear dúchasach ó Abhainn an Scáil i gContae Chiarraí é Crean agus dheonaigh sé chun dul ar thuras taiscéalaíochta Robert Falcon Scott i 1901 agus ar a thuras taiscéalaíochta Terra Nova i 1910. I rith thuras taiscéalaíochta Terra Nova, rinne Crean turas aonair 18 n-uaire an chloig agus fíor-dhrochaimsir ann chun saol duine eile dá fhoireann a thabhairt slán agus bronnadh Bonn Albert air i ngeall ar a ghníomhartha laochais. Chuaigh sé in éineacht le Ernest Shackleton i 1914 ar thuras taiscéalaíochta Endurance agus, arís eile, cruthaíodh gur ball foirne a raibh iontaoibh mhór as agus gur dhuine é a raibh diongbháilteacht agus laochas mór ann.

Dúirt an Dr Paul Connolly, POF Fhoras na Mara, “Léiríonn an cinneadh chun árthach taighde nua na hÉireann a ainmniú in ómós do Tom Crean ómós ar a éachtaí agus bronnann sé an t-aitheantas mar is ceart ar thaiscéalaí Éireannach a bhain cáil idirnáisiúnta amach. Tá an Foras an-bhuíoch den tacaíocht a thug sliocht Tom Crean nuair a bhí an cinneadh seo á dhéanamh. Léirítear sa chinneadh ainmnithe seo freisin luachanna Fhoras na Mara, iarrachtaí agus éachtaí comhoibritheacha a fhoirne, go háirithe an tseirbhís a sholáthair an fhoireann go léir a thugann aghaidh ar an bhfarraige.”

RV Tom Crean. Image Cr Skipsteknisk

Ag labhairt dó ar an bhfógra inniu, dúirt gariníon Tom Crean, Aileen Crean O’Brien, an méid seo a leanas thar ceann an teaghlaigh: “Fáiltímid roimh an gcinneadh a rinne rialtas na hÉireann agus Foras na Mara chun a n-árthach taighde mhuirí nua a ainmniú i gcuimhne ar Tom Crean, agus is duine é a bhfuilimid an-bhródúil as mar theaghlach.”

 Dúirt an Dr Connolly, “Cuirfidh an t-árthach taighde nua ilchuspóra seo, an RV Tom Crean, feabhas mór ar chumas na hÉireann chun tabhairt faoi thaighde comhoibritheach agus na sonraí agus an t-eolas a fháil a theastaíonn chun ár n-acmhainní muirí a bhainistiú.”

Tá an dá árthach taighde de chuid Fhoras na Mara atá á n-oibriú faoi láthair, RV an Celtic Explorer agus RV an Celtic Voyager, i measc na n-árthaí taighde is mó a mbaintear úsáid fhairsing astu ar domhan.

Tiocfaidh an t-árthach taighde in ionad RV an Celtic Voyager, arbh é chéad árthach taighde na hÉireann a tógadh le sainchuspóir agus coimisiúnaíodh é i 1997.  Bhain ríthábhacht leis chun go leor blianta de thaithí luachmhar a sholáthar d’eolaithe muirí, taighdeoirí agus do bhaill a fhoirne ar muir, eolaíocht mhuirí a fhairsingiú agus a neartú in Éirinn chun cabhrú le heolas a sholáthar do chinntí a imríonn tionchar ar ár n-aigéin. Cuireadh a chomhárthach 65 méadar, RV an Celtic Explorer, ar fáil in 2003.

Leantar leis an árthach taighde náisiúnta nua a thógáil de réir an sceidil in 2021 agus tá costas iomlán tógála €25 milliún air, agus tá súil leis go gcríochnófar an próiseas tógála i samhradh 2022. Bronnadh an conradh ar an longchlós Spáinneach Astilleros Armon Vigo S.A. chun árthach taighde mhuirí nua na hÉireann den chéad scoth a thógáil in 2019, i ndiaidh do shainchomhairleoirí dearaidh longa na hIorua, Skipsteknisk AS, dearadh an árthaigh a chríochnú.

Árthach nua-aimseartha ilchuspóraciúin a bheidh san árthach taighde nua a bheidh in ann oibriú i Limistéar Eisiach Eacnamaíochta (LEE) na hÉireann. Beidh an t-árthach nua in ann dul ar muir ar feadh ar a laghad 21 lá in aon am amháin agus dearfar an t-árthach le hoibriú faoi dhálaí diana farraige. Beidh an t-árthach bunaithe i nGaillimh agus úsáidfidh Foras na Mara agus gníomhaireachtaí Stáit agus ollscoileanna eile é chun tabhairt faoi thaighde ar iascaigh agus taighde aigéaneolaíochta agus comhshaoil, léarscáiliú ghrinneall na farraige agus suirbhéireachtaí ildisciplíneacha eile. Déanfaidh sé baoithe aimsire, bonneagar breathnóireachta agus ár bhFeithicil Chianoibrithe (ROV) Holland I a chothabháil agus a chur chun feidhme.

Dearfar é chun go gcuimseofar ann na teicneolaíochtaí is déanaí a bhain cruthúnas amach lena chinntiú go n-oibrítear é chomh héifeachtúil agus is féidir, agus a chinntiú go n-úsáideann sé a laghad breosla agus is féidir agus go n-íoslaghdaíonn sé an tionchar a imrítear ar an gcomhshaol agus lorg carbóin an árthaigh.

 

CRÍOCH

 

Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil, le do thoil, le:
Sinéad Coyne, ríomhphost: sinead [dot] coyne [at] marine [dot] ie; guthán póca: +353 (0)87 947 7090
Sheila Byrnes, ríomhphost: sheila [dot] byrnes [at] marine [dot] ie; guthán póca: +353 (0)87 815 5271

 

Nótaí don Eagarthóir

Tom Crean

B’fhear dúchasach ó Abhainn an Scáil, Contae Chiarraí, é Crean agus d’fhás sé aníos i bpobal feirmeoireachta ach rinne sé an cinneadh ag aois an óg chun dul leis an gCabhlach Ríoga.

Dheonaigh sé chun dul ar thuras taiscéalaíochta Robert Falcon Scott i 1901 agus d’imigh sé le Scott arís eile ina dhiaidh sin chun aghaidh a thabhairt ar a thuras taiscéalaíochta Terra Nova i 1910. Bhí Crean i measc grúpa ochtar a thug aghaidh ar an bPol Theas. Bhí aistear 150 míle go fóill roimh Scott chun an Pol a bhaint amach, agus roghnaigh Scott an fhoireann don iarracht deiridh, agus rinneadh an cinneadh, ar an ábhar sin, Crean, Liam Lashly agus Edward Evans a chur siar go dtí an bunchampa.

Bhí tréimhse dhúshlánach i ndán do ghrúpa Crean i rith an aistir siar go dtí an bunchampa. Shiúil Crean leis féin, agus é go hiomlán tiomanta, trasna Oighearchlár Ross ar feadh 56 ciliméadar chun saol Evans, ar tháinig tinneas air, a thabhairt slán. B’aistear baolach é agus bhí an teocht faoin reophointe agus ní raibh ach dhá mhaide seacláide agus trí bhriosca le hithe ag Crean, agus ní raibh aon mhála codlata nó puball aige i rith a aistir aonaraigh. Thug sé saol a chomhghleacaí slán agus bronnadh Bonn Albert air ina dhiaidh sin.

Bhain Scott agus a ghrúpa an Pol Theas amach in Eanáir 1912, ach d’éirigh le Roald Amundsen é a bhaint amach rompu agus ba é a bhain an Pol amach ar dtús, dá bharr. Ba mharfach an buille é ach ba mheasa a bhí i ndán don ghrúpa taiscéalaíochta mar gheall gur cuireadh isteach ar a n-aistear ar an mbealach ais agus maraíodh gach duine díobh.

D’iarr Ernest Shackleton ar Crean dul in éineacht le Ernest Shackleton i 1914 ar thuras taiscéalaíochta Endurance agus, arís eile, cruthaíodh gur bhall den fhoireann é a raibh iontaoibh mhór as agus gur dhuine é a raibh diongbháilteacht agus laochas mór ann.

Bhí sé i measc seisear foirne a thug aghaidh ar mhisean tarrthála ó Oileán Eilifinte sa tSeoirsia Theas chun foireann iomlán an turais taiscéalaíochta a thabhairt slán. Thug siad aghaidh ar aistear 1,300 ciliméadar i mbád tarrthála oscailte agus gálaí gaoithe ag séideadh agus ráigeanna sneachta ann. Nuair nárbh fhéidir leis an mbád taisteal níos faide, shiúil Shackleton, Crean agus Worsley ar feadh 48 ciliméadar trasna dromchla oighrithe chun teacht ar an gcabhair ba ghaire i stáisiún míolta móra a raibh foireann ag oibriú ann. Aithnítear an misean tarrthála mar cheann de na gaiscí ba mhó a rinneadh i ré na taiscéalaíochta polaí.

D’fhill Crean ar Chiarraí nuair a d’éirigh sé as an gCabhlach i 1920. D’oscail sé The South Pole Inn in Abhainn an Scáil ach níor labhair sé riamh ar a shaol mar thaiscéalaí. Fuair sé bás sa bhliain 1938 agus 61 bliain d’aois slánaithe aige.

Ba thaiscéalaí cáiliúil é Crean, agus ba shármhairnéalach é agus bhí misneach agus diongbháilteacht as cuimse ann. Bhí sé dílis freisin do gach duine eile san fhoireann, agus rinne sé iarrachtaí ollmhóra cabhrú le daoine eile a bhí i mbaol i rith turais taiscéalaíochta.