Marine Institute

Fianáin

Má leanann tú ar aghaidh ag baint úsáide as an Suíomh, toilíonn tú le húsáid na bhfianán de réir ár mbeartais fianán.

Cad is fianán ann?

Is é is fianáin ann píosaí beaga faisnéise a stóráiltear i dtéacschomhaid shimplí a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire. Féadfaidh suíomh gréasáin fianáin a léamh nuair a thugann tú cuairt air ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh an fhaisnéis atá stóráilte i bhfianán a bheith bainteach le do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó le huimhir aitheantais uathúil ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin “cuimhneamh” ort an chéad uair eile. Go ginearálta, ní bhíonn faisnéis phearsanta i bhfianáin trína bhféadfaí thú a aithint, ach amháin má tá an fhaisnéis sin tugtha agat ar an suíomh gréasáin.

Cén chaoi a mbaineann Foras na Mara úsáid as fianáin?

Baineann Foras na Mara úsáid as fianáin chun faisnéis a bhailiú faoin úsáid a bhaineann cuairteoirí as an Suíomh, lena n-áirítear faisnéis faoi luas ceangail, sonraí faoi chóras oibriúcháin, am agus fad na gcuairteanna agus seoltaí IP. Mar thoradh ar an bhfaisnéis a bhailíonn na fianáin, cuirtear ar chumas Fhoras na Mara tuiscint a fháil ar an úsáid a bhaintear as an Suíomh, lena n-áirítear roghanna teanga, leabharmharcanna, líon na gcuairteoirí, na leathanaigh a n-amharctar orthu in aghaidh an tseisiúin, an t-am a chaitear ar leathanaigh áirithe, etc. Tugann sé sin eispéireas níos fearr do na cuairteoirí freisin. Ní fhéachfaidh Foras na Mara le cuairteoirí a aithint go pearsanta trína gcuid seoltaí IP. Úsáideann Foras na Mara trí chineál fianáin agus seo a leanas iad:

Rogha Teanga: Bainimid úsáid as fianáin chun do rogha teanga a stóráil nuair a úsáideann tú an sain-nasc teanga ar an Suíomh.

Leabharmharcanna: Bainimid úsáid as fianáin chun do leabharmharcanna ‘Mo Naisc’ a stóráil.

Anailísíocht: Baineann Google Analytics úsáid as fianáin céad pháirtí chun tuairisc a thabhairt ar chuairteanna ar ár Suíomh gan ainm agus san iomlán. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Google Analytics le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi Conas a Bhaineann Google Analytics Úsáid as Fianáin.

Is féidir le cuairteoirí úsáid a bhaint as an gcuid is mó den Suíomh seo gan feidhmiúlacht ar bith a chailleadh má dhéantar fianáin a dhíchumasú ón mbrabhsálaí gréasáin. Baineann an fhaisnéis thuas leis an dóigh a mbaineann Foras na Mara úsáid as fianáin ar an Suíomh seo amháin.

Fianáin a chasadh as

Ligeann móramh na mbrabhsálaithe nua-aimseartha duit do chuid socruithe fianáin a chasadh as nó a athrú. Is iondúil go bhfaightear na socruithe sin sna roghchláir ‘Roghanna’ nó ‘Sainroghanna’ ar do bhrabhsálaí. D’fhonn tuiscint a fháil ar na socruithe sin, d’fhéadfadh na naisc seo a leanas a bheith cabhrach. Mura bhfuil, ba chóir duit úsáid a bhaint as an rogha ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí le haghaidh tuilleadh sonraí.

Socruithe Fianáin in Internet Explorer

Socruithe Fianáin in Firefox