Aimsíonn saineolaithe faoi thacaíocht an rialtais 'gorlann siorca' neamhchoitianta sna huiscí doimhne laistiar d'Éirinn

Aimsíonn saineolaithe faoi thacaíocht an rialtais 'gorlann siorca' neamhchoitianta sna huiscí doimhne laistiar d'ÉirinnD'aimsigh foireann shaineolaithe na mara gorlann siorca neamhchoitianta ag fad 200 míle laistiar d'Éirinn agus iad ag déanamh taighde ar chríocha domhainfharraige na hÉireann. Fograíodh an nuacht ag seimineár INFOMAR faoi mhapáil ar ghrinneall na farraige i gCionn tSáile inniu. Taispeánadh buaicphointí físeáin don tarlú neamhchoitianta seo, a aimsíodh le déanaí ar an tsuirbhéireacht "SeaRover" ag feithicil chianrialaithe Fhoras na Mara, Holland 1, a imscaradh ar bord an ILV Granuaile. Is tionscnamh Rialtas na hÉireann é an Clár INFOMAR, le maoiniú ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus tá sé le críochnú faoi Éire 2040, Plean Forbartha Náisiúnta na hÉireann.

Dúirt David O'Sullivan, ball INFOMAR agus Príomheolaí ar an tsuirbhéireacht SeaRover (Anailís Éiceachórais Leochailigh agus Iniúchadh ar Sceir le Feithicil Chianrialaithe), ag an ócáid: "Tá ríméad orainn a thuairisciú gur aimsíodh gorlann siorca neamhchoitianta ar scála nárbh fhacthas riamh in uiscí na hÉireann. Taispeánann an fhionnachtain seo an tábhacht a bhaineann le doiciméadú a dhéanamh ar ghnáthóga muirí leochaileacha, agus tabharfaidh sé tuiscint níos fearr dúinn ar bhitheolaíocht na n-ainmhithe áille seo agus feidhm a n-éiceachóras i Limistéar Íogair Bitheolaíochta na hÉireann."

Aimsíodh an ghorlann siorca nuair a bhí taiscéalaíocht á dhéanamh ag an tsuirbhéireacht SeaRover ar chórais dhomhainfharraige sceir choiréil na hÉireann i mí Iúil seo caite. Ba chomhoibriú é an tionscnamh taiscéalaíochta le comhaoiniú á dhéanamh ag Rialtas na hÉireann (an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Cultúir, Oidhreacha agus Gaeltachta) agus Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh an Aontais Eorpaigh. Fuarthas tacaíocht ó Fhoras na Mara, An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus OÉ Gaillimh.

Dúirt Stiúrthóir SGÉ Koen Verbruggen ag an Seimineár INFOMAR: "Tá ríméad orainn gur nochtadh an fhionnachtain seo ag an ócáid seo inniu. Taispeánann sé an tábhacht a bhaineann le mapáil a dhéanamh ar ghnáthóga ar ghrinneal na farraige chun acmhainní móra luachmhara na mara a thuiscint agus a bhainistiú. Leanann ár sonraí agus ár bhfoireann ag déanamh sároibre chun leas ceart a bhaint as saibhreas na mara."

Taifeadadh na mílte blaosc, nó sparáin na maighdean mhara mar a ghlaoitear orthu go minic, ar ghrinneall na farraige, suas go 750 m faoi uisce. Is annamh a fheictear dlús blaoscanna chomh mór le seo agus mar sin ceaptar go mbailíonn na siorcanna baineanna sa dúiche seo ar ghrinneall na farraige chun a n-uibheacha a bhreith.

Bhí báire mór siorca 'Blackmouth' (Galeus melastomus), atá an-choitianta in oirthuaisceart an Atlantaigh, i láthair ag an áit seo agus ceaptar gur leosan na huibheacha. Tugadh faoi deara go raibh speiceas eile i láthair chomh maith, an cineál a thugtar 'Sailfin' air (Oxynotus paradoxus). "Tá tábhacht eolaíochta ag an dá speiceas mar tá dualgas ag Éireann monatóireacht a dhéanamh ar shiorcanna domhainfharraige faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí", arsa Maurice Clarke ó Sheirbhísí Comhairleacha um Éiceachóras na nIascach ag Foras na Mara.

Liostaítear an siorcgharbh 'Sailfin' mar ainmhí atá 'Beagnach faoi Bhagairt' ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil seans ann go mbeidh sé i mbaol a dhíothaithe go luath. Fásann an speiceas suas go 1.2 m ar fad agus de ghnáth feictear é ag bogadh go mall leis na sruthanna doimhne agus ag ithe inveirteabraigh beaga ar ghrinneall na farraige. B'fhéidir go raibh an siorc seo ag ithe na n-uibheacha ach ní fhaca an fhoireann eolaíochta é seo ag tarlú.

Mhínigh David O'Sullivan: "Ní raibh coileáin le feiceáil ag an suíomh agus creidtear go bhfuil na siorcanna fásta ag baint úsaide as sceir choiréil díghrádaithe agus carraigeacha nochta mar áiteanna chun a n-uibheacha a bhreith. Tá sceir choiréil folláin in aice láimhe, agus seans go bhfeidhmíonn sé mar thearmann do na coileáin óga nuair a thagann siad amach as na huibheacha. Táthar ag súil go bhfreagróidh taighde sa bhreis ar an láthair seo ceisteanna eolaíochta tábhachtacha maidir le bitheolaíocht agus éiceolaíocht na siorcanna doimhne in uiscí na hÉireann."

Aimsíodh an ghorlann siorca laistigh de cheann de na sé Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta san fharraige amuigh in uiscí na hÉireann a ainmníodh faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach do sceireacha a thugtar Aguisín 1 orthu. Tá réimse leathan ainmhithe na mara le feiceáil sna Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta; coiréil, spúinsí, péisteanna, crosóga mhara, crústaigh agus speicis éisc éagsúla san áireamh. Bhí cuid mhaith de na speicis seo le feiceáil sa ghorlann nua-aimsithe seo, ag taispeáint cé chomh tábhachtach is atá sé bunáiteanna na n-aigéan a chaomhnú chun bhithéagsúlacht na mara a chothú agus a thacú.

Mhínigh an Dochtúir Yvonne Leahy (SPNF): "Is í an phríomhaidhm atá againn ná bithéagsúlacht bheomhar na mara atá againn in Éirinn a mheas agus a chosaint ionas go mbeimid in ann ár n-acmhainní muirí a bhainistiú go héifeachtach. Mura bhfuil eolas againn faoin méid atá inár bhfarraigí, tá baol ann nach dtuigfimid i gceart riamh timpeallacht mhuirí na hÉireann."

Chuir an clár náisiúnta mapála ar ghrinneall na farraige INFOMAR an saineolas eolaíochta agus an tacar sonraí ardtaifigh a úsáideadh i bplaineáil suirbhéireachta ar fáil. Chabhraigh sé sin le suíomhanna féideartha a roghnú don tsuirbhéireacht seo. Leis an teicneolaíocht seo bhí sé indéanta cainneoin fhomhuirí agus tuláin ar ghrinneall na farraige a aimsiú. Is minic a bhíonn sceirí choiréil agus gnáthóga eile cosúil leo le feiceáil sna háiteanna seo in uiscí saibhre na hÉireann.

Is é 'SeaRover' an dara suirbhéireacht as trí a ordaíodh agus a chomhaoiníodh ag Rialtas na hÉireann agus ag Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh an Aontais Eorpaigh. Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ag tacú leis an tionscnamh trasrialtais seo mar chuid de chur i bhfeidhm atá á dhéanamh ag Foras na Mara ar an scéim Bhithéagsúlacht na Mara. Eagraíodh agus treoraíodh saothar na suirbhéireachta seo ag an gclár INFOMAR. Is comhfhiontar é INFOMAR idir Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann ag Foras na Mara, le maoiniú ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Ghlac eolaithe ó Fhoras na Mara, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Ollscoil Plymouth agus Aquafact páirt sa tsuirbhéireacht seo a leathnaigh amach i mbliana chun an limistéar is faide ó chósta na hÉireann atá laistigh den Limisteár Eacnamaíoch Eisiach, Grinneall Rockall a chlúdú.