Déanann Foras na Mara ceiliúradh ar Mhná agus ar Chailíní san Eolaíocht
Tá Foras na Mara bródúil as Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht a cheiliúradh an 11ú Feabhra 2024.
Is é téama na Náisiún Aontaithe don 9ú Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht ná “Mná i gCeannaireacht Eolaíochta: Ré Nua don Inbhuanaitheacht”.
Cuireann Foras na Mara seirbhísí eolaíochta, taighde agus forbartha ar fáil don rialtas, do ghníomhaireachtaí, don tionscal agus don tsochaí a thacaíonn le húsáid inbhuanaithe ár limistéir mhuirí agus le héiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú. Mar eagraíocht, tá an inbhuanaitheacht i gcroílár na caoi a n-oibríonn an Foras agus tá sí ina treoirphrionsabal don eagraíocht, dá taighde, dá comhairle eolaíoch agus dá seirbhísí forbartha eacnamaíochta. Ní fhéadfaí aon cheann de seo a bhaint amach gan rannchuidiú an iliomad ban atá ag obair san Fhoras.
Tá tiomantas seanbhunaithe ag Foras na Mara do chomhionannas san fhórsa saothair agus do dhaoine óga a spreagadh chun smaoineamh ar ghairm bheatha inár n-earnáil trínár n-oideachas agus ár rannpháirtíocht ag leibhéal náisiúnta scoile, ár gClár Idirbhliana bliantúil agus oibriú mar chomhpháirtithe le go leor Forais 3ú Leibhéal in Éirinn agus thar lear. Tá foireann 245 fostaí ag Foras na Mara, agus is fostaithe baineanna iad 51.2%.
Dúirt Patricia Orme, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha, “Mar eagraíocht, táimid tiomanta do bhuanna na mban a chothú i ngach réimse den eolaíocht mhuirí, go háirithe iad siúd atá ag luathchéimeanna a ngairmréime, mar is iad sin na ceannairí a bheidh inár n-earnáil amach anseo.”
Lean sí uirthi, “Léiríonn ár straitéis reatha 5 bliana, ár dtiomantas do mhná i gceannaireacht eolaíochta agus tionscnamh straitéiseach chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn do chách, le gníomhaíochtaí sonracha mar chomhlacht poiblí ag díriú ar chomhionannas inscne.”
As seo go ceann cúpla lá beimid ag roinnt teachtaireachtaí ó roinnt dár bhfoireann mná, ag taispeáint a gcuid oibre, a thionchar agus na gairmeacha fiúntacha iomadúla atá ar fáil do mhná san eolaíocht ar Facebook, LinkedIn, Twitter (X) agus Instagram de chuid Fhoras na Mara.
CRÍOCH
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Sinéad Coyne, Foras na Mara r. sinead.coyne@marine.ie t. +353 (0)87 947 7090
Sheila Byrnes, Foras na Mara r. sheila.byrnes@marine.ie t. +353 (0)87 815 5271
Nótaí don eagarthóir:
Is imeacht bliantúil é Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní San Eolaíocht do na náisiúin aontaithe a bhfuil sé d’aidhm aige comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní san eolaíocht a chur chun cinn. Ó 2016 i leith, is ardán tábhachtach é chun bealaí a phlé chun aghaidh a thabhairt ar thearcionadaíocht na mban agus na gcailíní i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM). Ó 2016 i leith, is ardán tábhachtach é chun bealaí a phlé chun aghaidh a thabhairt ar thearcionadaíocht na mban agus na gcailíní i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM). De réir Eagraíocht Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA), ní mná iad ach 28% de thaighdeoirí ar fud an domhain, agus is lú fós na poist shinsearacha atá acu. Trí aird a tharraingt ar rannchuidiú na mban agus na gcailíní san eolaíocht agus trína rannpháirtíocht i réimsí ETIM a chur chun cinn, cabhraíonn Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht leis an mbealach a réiteach do thodhchaí níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe.