Tuarascáil Bhliantúil 2024 seolta ag Foras na Mara
Tá Foras na Mara tar éis a Thuarascáil Tionchair Bhliantúil 2024 a sheoladh inniu, ina ndéantar machnamh maidir le héachtaí suntasacha na heagraíochta le bliain anuas.
Cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil rogha de chás-staidéir an-láidir ó gach ceann de na hocht tosaíocht straitéiseach atá ag an bhForas, mar aon le teistiméireachtaí ó pháirtithe leasmhara a bhain tairbhe as seirbhísí, comhairle agus eolas ríthábhachtach a chuir an Institiúid Mara ar fáil. Cuirtear i láthair sa Tuarascáil Tionchair Bhliantúil 2024 freisin rogha de bhuaicphointí tábhachtacha na bliana, agus tugtar léargas ar réimse iomlán agus ar cháilíocht ghníomhaíochtaí an Fhorais.
Dúirt an Dr Rick, príomhoifigeach feidhmiúcháin Fhoras na Mara, “Croílár ár ngníomhaíochtaí uile ag Foras na Mara ná athrú dearfach a spreagadh agus tionchar a imirt. Trí thuairisciú a dhéanamh ar an tionchar atá againn gach bliain tá sé mar aidhm againn a thaispeáint conas a sholáthraítear lenár gcuid oibre tairbhí nithiúla dár páirtithe leasmhara iomadúla, agus ár gcuntasacht maidir leis na tosaíochtaí straitéiseacha lena dtreoraítear muid a léiriú.
“Is tosaíocht dúinn mar eagraíocht a mhíniú i dtéarmaí a thuigfidh daoine an méid a dhéanaimid, cén fáth go bhfuil na nithe sin á ndéanamh againn, agus cén fáth go bhfuil tábhacht ag baint leo. Táim an-bhródúil as an bhfoilseachán nua seo, agus as an gcaoi a léiríonn sé ár dtiomantas don nuálaíocht agus do thorthaí athraitheacha a spreagadh laistigh dár n -eagraíocht, dár bpáirtithe leasmhara agus dár líonraí, agus don chomhshaol. ”
Tá ról ríthábhachtach ag Foras na Mara maidir le hanailísí eolaíocha ar thús cadhnaíochta, comhairle shaineolach, agus saineolas a sholáthar do chinnteoirí, páirtithe leasmhara agus sochaithe ar bhealaí atá inrochtana agus inghníomhaithe. Go háirithe, tacaítear le taighde, comhairle agus seirbhísí iontaofa an Fhorais le cur i bhfeidhm príomhthreoracha agus beartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, atá ríthábhachtach chun geilleagar aigéan inbhuanaithe a thógáil agus chun ár n-éiceachórais mhuirí a chosaint.
Léirítear sa Tuarascáil Tionchair Bhliantúil 2024 an chaoi a dtéann dúthracht, saineolas agus nuálaíocht fhoireann Fhoras na Mara i bhfeidhm go mór ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.
Ar na 16 cás-staidéar a cuireadh i láthair sa tuarascáil tá:
- Cur leis an mbunús eolaíoch maidir le bainistiú agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach iascach torcéisc na hÉireann.
Rinne Foras na Mara athbhreithniú iomlán ar na sonraí go léir atá ar fáil agus ar na modhanna bailithe sonraí le haghaidh measúnú stoic ar thorcéisc in 2024, mar chuid de nós imeachta tagarmharcála measúnaithe piarmheasúnaithe comhordaithe de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara.
Rinne foireann an Fhorais modh measúnaithe nua a fhorbairt, a mbeidh torthaí dearfacha aige maidir le bainistiú agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach thionscal torcéisc na hÉireann.
- Príomhshonraí geoifisiceacha ó shuirbhéireacht muirí a fháil sa Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas chun bonn eolais a chur faoi bhonneagair ghaoithe amach ón gcósta a phleanáil
Le Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe (DMAPanna) déantar foráil maidir le forbairt inbhuanaithe fuinnimh gaoithe amach ón gcósta trí mhachnamh a dhéanamh maidir le cosaint an chomhshaoil agus maidir le húsáideoirí agus gníomhaíochtaí mara atá ann cheana. Tá méadú ag teacht ar an riachtanas maidir le comhairle theicniúil agus eolaíoch ó Fhoras na Mara chun tacú le forbairt gaoithe amach ón gcósta in uiscí na hÉireann, in éineacht leis na beartais náisiúnta nua maidir le fuinneamh.
Agus an DMAP don Chósta Theas á fhorbairt – arb é an chéad DMAP in Éirinn – rinne an Foras príomhshonraí geoifisiceacha ó shuirbhéireacht muirí a aimsiú agus a sholáthar don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Ba é seo an chéad suirbhé seismeach taiscéalaíochta, suirbhé córasach ilchainéil ardtaifeach, a rinneadh i limistéar an chósta theas, agus an chéad suirbhé dá leithéid a rinne an Stát. Leis an tsuirbhé cuireadh le cumas an rialtais chun sonraí bonnlíne riachtanacha a fháil go díreach chun dlús a chur le forbairt gaoithe amach ón gcósta.
- Seirbhís oibriúcháin um samhaltú cóstaí chun tacú le hathbhunú bithéagsúlachta agus le dobharshaothrú oisrí i gCuan na Gaillimhe
Le clár breathnadóireachta agus samhaltaithe aigéan Fhoras na Mara tugtar tuiscint níos fearr dúinn ar an gcaoi go bhfuil athrú tar éis teacht ar dálaí aigéan le blianta beaga anuas agus cuidítear leis le tuar a dhéanamh maidir leis an gcaoi go bhféadfadh athrú teacht ar an timpeallacht mhuirí de réir cásanna éagsúla aeráide. Tá ceann de na seirbhísí sin i gCuan na Gaillimhe ag cuidiú ó thaobh tacú le dobharshaothrú oisrí agus le hathbhunú oisrí dúchasacha fiáine sa chuan.
Is seirbhís aigéaneolaíochta gréasáin é an t-ardán (biodiver.naui.io) a chuidíonn le dúshláin a shárú maidir le muirshaothrú inbhuanaithe débhlaoscach, le hathbhunú talaimh oisrí, agus le hathbhunú na bithéagsúlachta a bhaint amach i gCuan na Gaillimhe.
- An Clár Taighde Mara - acmhainneacht nua maidir le taighde a thógáil agus an nuálaíocht a spreagadh in earnáil mhuirí na hÉireann
Cuid ríthábhachtach d’fheidhm taighde an Fhorais is ea an Clár Taighde Mara agus cuirtear maoiniú ar fáil leis do thionscadail trí ghlaonna iomaíocha. Leis an taighde a mhaoinítear faoin gClár seo tacaítear le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, cuirtear an nuálaíocht chun cinn, cosnaítear éiceachórais mhuirí, agus cuirtear bonn eolais faoi bheartas, rialachas agus rialáil earnáil mhuirí na hÉireann.
Sampla amháin de seo is ea an Tionscadal A4: (Aigéin, Aeráid, agus Athrú Atlantach), faoi stiúir an Dr Gerard McCarthy, Ollscoil Mhá Nuad, i gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Le taighde na foirne ar an ardú ar leibhéal na farraige, ar teocht dhromchla na farraige agus ar an méadú ar mhinicíocht teagmhas adhaimsire (m.sh. borrtha stoirme agus muirtonnta teasa) cuirtear fianaise eolaíoch thábhachtach ar fáil don rialtas áitiúil agus don rialtas náisiúnta chun athruithe ar bheartais a phleanáil agus a chur i bhfeidhm do phobal na hÉireann chun dul in oiriúint d’aeráid atá ag athrú.
- Seirbhís dea-chleachtais maidir le tástáil noraivíris a chur ar fáIl chun sábháilteacht oisrí na hÉireann a chinntiú do thomhaltóirí ar fud an domhain
Is é an noraivíreas an t-ábhar imní is mó ó thaobh sábháilteacht bia a bhaineann le hoisrí a itheadh. Ó bhí mí an Mhárta 2018 ann, chun tacú le saothróirí oisrí na hoisrí is sábháilte agus is féidir a tháirgeadh, tá seirbhís tástála noraivíris curtha ar fáil ag Foras na Mara, arna mhaoiniú ag Bord Iascaigh Mhara, do chomhaltaí de Ghrúpa Pacálaithe Oisrí na hÉireann a onnmhairíonn oisrí ar fud an domhain.
Cuidíonn an tseirbhís tástála noraivíris, a bhfuil anailís déanta aici ar thart ar 5,000 sampla ó cuireadh tús léi, le táirgeoirí oisrí na hÉireann ceann de na rioscaí móra ó thaobh sábháilteacht bia atá roimh an earnáil a bhainistiú agus, ar deireadh thiar, táirge sábháilte a tháirgeadh. Tá tionchar dearfach ag an tseirbhís freisin maidir le tacú le Geilleagar Gorm na hÉireann.
- Ár nAigéan Comhroinnte – Comhpháirtíochtaí Taighde a bhunú Idir Éire agus Stáit Oileánacha Bheaga atá i mbéal forbartha
Tá ár nAigéan Comhroinnte mar chuid d’fhreagairt na hÉireann ar na ceisteanna comhshaoil agus socheacnamaíocha atá roimh go leor Stáit Oileánacha Bheaga atá i mbéal forbartha. Tá na náisiúin oileánacha seo ag tabhairt aghaidh ar dúshláin chomhshaoil ar leith mar thoradh ar an athrú aeráide agus tá siad an-leochaileach i dtaobh arduithe ar leibhéal na farraige agus teagmhas adhaimsire.
Tugann aghaidh sa Chlár Ár nAigéan Comhroinnte ar na dúshláin seo trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha taighde a thógáil le Stáit Oileánacha Bheaga atá i mbéal forbartha agus trí thaighde idirnáisiúnta comhoibríoch ar chúrsaí mara a chothú. Tá an clár á bhainistiú ag Foras na Mara agus á mhaoiniú ag Cúnamh Éireann, clár na hÉireann um fhorbairt thar lear. Go dtí seo, tugadh maoiniú do 19 dtionscadal agus bronnadh níos mó ná 80 deontas taistil trí ghlaonna iomaíocha maoinithe ar chomhpháirtithe i 27 Stát Oileánach Beag atá i mbéal forbartha agus comhpháirtithe réigiúnacha.
Ar phríomhbhuaicphointí na bliana 2024 d’Fhoras na Mara bhí:
Sábháilteacht bia a chinntiú trí Chlár Sábháilteachta Bia Mara Fhoras na Mara Trí Cláir éagsúla de chuid an Fhorais um Monatóireacht ar Shábháilteacht Sliogéisc , rinneadh diananailís ar shamplaí sliogéisc in 2024 le haghaidh biotocsainí muirí, baictéir tháscacha maidir le hábhar faecach, víris díobhálacha sa duine, fíteaplanctón agus speicis díobhálacha blás algach, agus éilleáin cheimiceacha.Leis na seirbhísí ríthábhachtacha seo, cinntítear go bhfuil na leibhéil is airde sábháilteachta bia ann agus go gcomhlíontar na ceanglais reachtaíochta, agus curieann siad le fás agus cáil dhomhanda earnáil dobharshaothraithe na hÉireann.
Mapáil ar Ghrinneall na Farraige a Leathnú le haghaidh Bainistiú Inbhuanaithe Acmhainní
Le Seirbhísí Sainmhapála an Fhorais cuireadh le cumhdach mapála na hÉireann ar ghrinneall na farraige , trí 5,174 km2 de mionshonraí ó shuirbhéireacht bhataiméadrach amach ó chósta na hÉireann a fháil, suirbhé a rinne an soitheach taighde Tom Crean. Leis an mapáil leathnaithe seo ar ghrinneall na farraige, a dhéantar lenár gcomhpháirtí, Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, soláthraítear mapaí bonnlíne ríthábhachtacha lena gcuirtear leis an tuiscint atá againn ar éiceachórais mhuirí agus lena dtacacaítear le pleanáil spásúil mara agus le cinnteoireacht maidir le bainistiú inbhuanaithe acmhainní mara.
Tacú le Tionscal Muirí na hÉireann trí Chomhairle atá bunaithe ar Fhianaise
Chuir Foras na Mara, trí Oifig Forbartha Muirí na hÉireann (IMDO), an nuacht is déanaí agus comhairle maidir le beartais ar fáil don Roinn Iompair i dtaca le lasta muirí a iompar, toilleadh calafort, seirbhísí loingseoireachta agus seirbhísí coimhdeacha. Cuireadh béim láidir i gcónaí i ról comhairleach IMDO in 2024 ar fhorbairt thionscal muirí na hÉireann atá tábhachtach ó thaobh straitéise de agus ar an mbealach is fearr is féidir leis an tionscal sin freastal ar riachtanais na n-earnálacha atá ag teacht chun cinn amhail earnáil an Fhuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta agus earnáil na mBreoslaí Malartacha.
Iascaigh Inbhuanaithe a Chumasú trí Mheasúnuithe Eolaíocha ar Stoic
Trí shuirbhéanna, monatóireacht agus sampláil a dhéanamh ar ghabháil éisc le linn 2024, le Seirbhísí Éiceachórais Iascaigh agus Seirbhísí Comhairleacha Fhoras na Mara cuireadh stádas stoic oibiachtúil ar fáil maidir le hacmhainní ríthábhachtacha iascaireachta mara, agus úsáid á baint as an eolaíocht is fearr atá ar fáil. Leis na measúnaithe ar stoic a dhéanann an Foras cuirtear le cumas thionscal na hiascaireachta straitéisí a oiriúnú, barrfheabhsú a dhéanamh ar an bhfómhar agus an inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chinntiú, rud a chuirfidh le bunchloch de chuild gheilleagar gorm na hÉireann a dhaingniú.
‘Eolaíocht na Mara – Sea Science’ - Ceiliúradh ar Oidhreacht Shaibhir Mhuirí na hÉireann
Mar thoradh ar chomhpháirtíocht idir Foras na Mara agus Músaem Chorca Dhuibhne cruthaíodh agus osclaíodh ‘Eolaíocht na Mara’ i Músaem Chorca Dhuibhne . Leis na taispeántáin tugtar cuireadh do chuairteoirí tumadh faoi thonnta Atlantach fiáin na hÉireann chun ár n-aigéan a thaiscéaladh trí thaispeántais idirghníomhacha agus taispeántais dhigiteacha. Cuidíonn siad le turasóireacht a mhealladh agus cothaítear nasc leo idir an bpobal áitiúil agus an fharraige chun gur mó an meas a bheidh ag an bpobal ar thimpeallacht mhuirí na hÉireann.
Eolas a fhorbairt maidir leis na hAigéin: an Straitéis agus an Comhdháil um Eolas Aigéin 2030
Rinne Foras na Mara, ag teacht lena shainordú, straitéis nua taighde agus nuálaíochta mara na hÉireann, Eolas Aigéin 2030, a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara éagsúla.
Le cur i bhfeidhm na straitéise i rith na tréimhse 2025-2030 (cur i bhfeidhm a dhéanfaidh Foras na Mara comhordú air freisin) déanfar dlúth-chomhordú agus dlúthchomhar a chur chun cinn agus a éascú ar fud an chórais chun a chinntiú go ndéanfar infheistíochtaí a bharrfheabhsú agus go mbeidh siad dírithe ar na réimsí is tábhachtaí ó thaobh straitéise de. D’fhreastail breis is 260 duine ar chomhdháil thiomnaithe i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2024 agus cuireadh fóram uathúil ar fáil le haghaidh malartú faisnéise, sineirgí agus comhar a chothú, agus eolas, taighde agus bearta nuálaíochta a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht aigéin agus ar dhúshláin an gheilleagair ghoirm.
Seo agaibh Tuarascáil Bhliantúil 2024 Foras na Mara! (Nasc le cur leis).
Críoch.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sinéad Coyne, r. . sinead.coyne@marine.ie g. +353 (0)87 947 7090
Kathleen Sweeney, r. Kathleen.Sweeney@marine.ie m. +353 (0)87 094 5754
An Oifig Cumarsáide, Foras na Mara communications@marine.ie uimhir theileafóin + 353 (0)91 387 200
Nótaí an Eagarthóra
Foras na Mara
Is é Foras na Mara gníomhaireacht eolaíochta na hÉireann atá freagrach as tacú le forbairt inbhuanaithe limistéar agus acmhainní muirí ana hÉireann. Déanann an Institiúid taighde feidhmeach agus soláthraíonn sí eolas, comhairle agus seirbhísí eolaíochta don rialtas, don tionscal agus do pháirtithe leasmhara agus d'úsáideoirí eile. www.marine.ie