Sentinel Vessel Program (SVP) of data collection for shellfish fisheries in 2026
Foras na Mara
Cuireann Foras na Mara fáilte roimh léirithe spéise ó scipéirí iascaigh tráchtála cladaigh chun páirt a ghlacadh i gClár na Soitheach Fairtheora (SVP) um bailiú sonraí d’iascaigh sliogéisc in 2026 (a riaradh roimhe seo ag BIM).
Táimid ag iarraidh ar Scipéirí sonraí iascaigh a sholáthar mar sheirbhís choimhdeach dá ngnáthghníomhaíocht iascaireachta tráchtála agus táimid ag iarraidh an méid seo a leanas:
- 15 Scipéir i ngach ceann de 5 cheantar (Muir Éireann, Port Láirge-Loch Garman, Corcaigh-Ciarraí, Clár-Gaillimh, Maigh Eo-Sligeach-Dún na nGall)
- Soithí incháilithe a dhéanann iascaireacht ar ghliomaigh, portáin, scine mara nó cuachmaí
- Chun teacht i dtír, éisc aischurtha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh do gach lá iascaireachta ábhartha i ngnáthchúrsa oibríochta iascaigh tráchtála i gcás gliomaigh, portáin, scine mara agus cuachmaí agus sonraí a thuairisciú trí aip fón póca.
- Fanann na scipéirí freagrach as na costais oibríochtúla, na ceadúnais, an t-árachas, agus na socruithe criú go léir a bhaineann lena soitheach agus lena ngníomhaíochtaí iascaireachta.
- Íocfar €1,250 in aghaidh an tsoithigh do 2026 i leith na seirbhísí bailithe sonraí a cuireadh ar fáil don Fhoras i rith na bliana.
Seol léirithe spéise chuig oliver.tully@marine.ie nó trí théacs chuig 087 9093272 faoin 27ú Feabhra ,2026 ,agus cuir an fhaisnéis seo a leanas san áireamh. Má bhíonn ró-éileamh orainn, úsáidfimid an fhaisnéis seo chun iarratasóirí a roghnú chun líon ionadaíoch a fháil i ngach iascach agus trasna raon méideanna soithí
- D'ainm agus d'uimhir fóin póca
- An limistéar cósta ina bhfuil tú ag iascaireacht
- Cód clárúcháin an bháid
- Fad an bháid i méadair
- Príomh-iascach (gliomach, portán, cuachma, sceana mara, meascán de ghliomach/portán/ribe róibéis)
- Taithí roimhe seo ar shonraí iascaigh a thuairisciú do Ghníomhaireachtaí Mara
- Líon na ngnáthlaethanta iascaireachta in aghaidh na bliana
- Deimhniú go ndéanfar an fhaisnéis a thuairisciú trí aip fón póca. Cuirfimid
an aip agus an cúnamh go léir is gá ar fáil chun sin a éascú.
Marine Institute

The Marine Institute invites expressions of interest from inshore commercial fisheries skippers to take part in the Sentinel Vessel Program (SVP) of data collection for shellfish fisheries in 2026 (previously administered by BIM).
We are asking Skippers to provide fisheries data as an ancillary service to their normal commercial fishing activity and seek the following:
- 15 Skippers in each of 5 areas (Irish Sea, Waterford-Wexford, Cork-Kerry, Clare-Galway, Mayo-Sligo-Donegal)
- Eligible vessels that fish for lobster, crab, razor clams or whelk
- To record landings, discards and fishing effort for each relevant fishing day in the ordinary course of commercial fishery operation for lobster, crab, razor clam and whelk and report data through a mobile phone app.
- Skippers remain responsible for all operational costs, licenses, insurance, crewing arrangements, associated with their vessel and fishing activities
- Payment for 2026 will be €1,250 per vessel in respect of the data collection services provided during the year to the Institute
Please send expressions of interest to oliver.tully@marine.ie or by text to 087 9093272 by Feb 27th, 2026, and include the following information. If we are oversubscribed, we will use this information to select applicants to get representative numbers in each fishery and across a range of vessel sizes
- Your name and mobile phone number
- The coastal area you are fishing in
- Vessel registration code
- Vessel length in meters
- Main fishery (lobster, crab, whelk, razor clams, combination of lobster/crab/shrimp)
- Previous experience in reporting fisheries data to Marine Agencies
- Usual number of days fished per year
- Confirmation that the information will be reported through a mobile phone app. We will
provide the app and all assistance necessary to facilitate this.
