An Chomhairle Eolaíochta is Déanaí faoi Acmhainn na nIascach Curtha faoi Bhráid an Aire Coveney
Cuireadh an leagan is déanaí den fhoilseachán bliantúil, Leabhar na Stoc, de chuid Fhoras na Mara faoi bhráid an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Simon Coveney, T.D., inniu (Dé Céadaoin, an 23 Samhain). Tá faisnéis fhíorthábhachtach ann a dhéanfaidh freastal ar Éirinn le linn na hidirbheartaíochta bliantúla faoin nGabháil Iomlán is Incheadaithe (TAC) atá le teacht ag na cruinnithe éagsúla de chuid Chomhairle an AE maidir le hIascaigh.Is tagairt luachmhar é Leabhar na Stoc freisin i gcaitheamh na bliana ag cruinnithe eile i leith bainistíocht iascach leis an Aontas Eorpach.
De réir Leabhar na Stoc, ba iad na deiseanna iascaireachta (TACanna) in 2011 do na cabhlaigh idirnáisiúnta a fheidhmíonn in uiscí na hÉireann (folimistéir na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara [ICES] VI agus VII) 937,924 tona éisc, ag a bhfuil luach measta tuirlingthe €1.04 billiún, bunaithe ar mheánphraghsanna 2009 agus léiríonn siad meastachán caol. Is ionann scair na hÉireann de na deiseanna iascaireachta seo agus 21% de réir tonnáiste agus 17% de réir luacha. Níl na hiascaigh luachmhara chladaigh (e.g. gliomaigh, portáin agus cuachmaí) nach bhfuil faoi bhainistiú TACanna laistigh den Chomhbheartas Iascaireachta (CFP) san áireamh sna figiúirí seo.
“Tá na stoic éisc seo ina n-acmhainn luachmhar d’Éirinn,” arsa an tAire Coveney, “acmhainn nach mór a bhainistiú go hinbhuanaithe trí chomhoibriú idir mo Roinn féin, an tionscal a ndéanann sí freastal uirthi agus na heolaithe a chuireann comhairle orainn. Ba é an cineál comhoibrithe seo ba chúis leis na bearta a moladh chun an cleachtas caiteach, ‘díobhadh’, in uiscí na hÉireann a laghdú, agus tá súil agam go gcinnteoidh sé inbhuanaitheacht stoic éisc na hÉireann agus phoist iascaireachta na hÉireann sna blianta amach romhainn.”
I Meitheamh na bliana 2011, thuairiscigh an Coimisiún Eorpach go raibh feabhas ag teacht ar stoic éisc in uiscí na hEorpa. Cé go raibh ró-iascaireacht le sonrú i 32 de na 34 stoc tráchtála éisc san Atlantach in 2004, tháinig laghdú ar an sciar seo anuas go 22 ceann de 35 stoc faoin mbliain 2010 – sin laghdú ó 94% anuas go 63% ar stoic a ndearnadh ró-iascaireacht orthu i sé mbliana.
Ina ainneoin sin, tá ró-iascaireacht ar bun ar na stoic in Iarthar na hAlban, i Muir Éireann agus sa Mhuir Cheilteach agus is beag iad na stoic.
“Ciallaíonn an inbhuanaitheacht i dtionscal na hiascaireachta gur cheart dóthain iasc a fhágáil san fharraige ionas go mbeidh siad in ann fás agus síolrú de réir a leibhéil is torthúla,” a dúirt an Dr Peter Heffernan ó Fhoras na Mara. “Is é seo coincheap an ‘Uastoraidh Inbhuanaithe’, nó MSY, a shainmhínítear ag Leabhar na Stoc le haghaidh stoic thráchtála in uiscí na hÉireann agus a úsáidtear chun an Ghabháil Iomlán is Incheadaithe, a shanntar do gach tír maidir le gach stoc, a shainmhíniú. Gabhfar éisc róluath, gabhfar éisc róbheag agus bainfear úsáid as barraíocht bhreosla má dhéanfar iascaireacht ródhian ag leibhéil os cionn an uastoraidh inbhuanaithe. Go hachomair, ní bheidh an stoc sin inbhuanaithe níos mó.”
D’fhoilsigh Foras na Mara Leabhar na Stoc ón mbliain 1993 i leith agus tá sé le fáil ó shuíomh gréasáin Fhoras na Mara ag http://oar.marine.ie/handle/10793/669.
AN DEIREADH
Le tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil leis an duine seo a leanas:
An Dr John Joyce – Bainisteoir Cumarsáide, Foras na Mara.
Guthán: 087 2250871
Nótaí don Eagarthóir
Comhairle Eolaíochta agus Leabhar na Stoc
Is príomhchuid ionchuir sa Chomhbheartas Iascaireachta é soláthar comhairle eolaíochta faoin mbunachar acmhainní iascaigh. Tá comhairle eolaíochta ina bunús leis na cinntí bainistíochta a dhéantar faoin gComhbheartas Iascaireachta (e.g. TACanna bliantúla). I Samhain na bliana 2010, dúirt Maria Damanaki (an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Muirí agus Iascach) “nach mór dúinn príomhsprioc a dhéanamh den inbhuanaitheacht; caithfimid ár gcinntí bainistíochta a bhunú ar an eolaíocht amháin.” Leagtar an eolaíocht seo ag leac dorais an Aire, oifigigh na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tionscail agus páirtithe leasmhara a bhuíochas le Leabhar na Stoc.
Tá an chomhairle eolaíochta a úsáidtear i Leabhar na Stoc á ceapadh ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéaladh na Mara (ICES). Eisítear an mhórchuid de chomhairle eolaíochta an ICES i mí na Bealtaine gach bliain. Éascaíonn sé seo sainchomhairliúchán leis an tionscal agus leis an lucht bainistíochta faoi na deiseanna iascaireachta dá bhfuil ann sa bhliain amach romhainn.
Cuireann an ICES fuílleach na comhairle eolaíochta ar fáil i mí Dheireadh Fómhair. Déanann an Coiste Eolaíochta, Teicniúil agus Eacnamaíochta um Iascaigh (CETEI) de chuid an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar bhail na stoc éisc freisin. Faightear eolas i Leabhar na Stoc ó ábhar an ICES agus an CETEI agus baineann an chomhairle eolaíochta a eascraíonn as seo leis na stoic sin faoi shaothrú chabhlach na hÉireann, a thagann faoi shainchúram an Chomhbheartais Iascaireachta (CFP). Is é feidhm Leabhar na Stoc na bliana seo eolas a thabhairt le haghaidh cinntí bainistíochta maidir le deiseanna iascaireachta don bhliain 2012.