Cruinníonn ceannairí aigéin na hEorpa i nGaillimh chun taighde, nuálaíocht agus scileanna an Atlantaigh a chur chun cinn.

L to R: Rick Officer, CEO Marine Institute, Dr Brendan Jennings, ATU Chief Officer Research, Innovation and Engagement, Timmy Dooley T.D., Minister of State at the Department of Agriculture, Food, Fisheries and the Marine, and Professor Laoise McNamara, Vice-President Research and Innovation at University of Galway at the opening of the Atlantic Summit Galway 2026. Photo: Andrew Downes, xposure.

Tháinig taighdeoirí aigéin mór le rá, lucht ceaptha beartas, nuálaithe agus ionadaithe tionscail as gach cearn den Eoraip agus de réigiún níos leithne an Atlantaigh le chéile i nGaillimh inniu don chéad lá de Chruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, mórimeacht idirnáisiúnta de chuid Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. 

Arna eagrú ag Foras na Mara Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, tugann an Cruinniú Mullaigh dhá lá seo saineolas le chéile ó réimsí, earnálacha agus tíortha éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil, eacnamaíocha agus gheopholaitiúla atá roimh an Atlantach agus na pobail atá ina chónaí ar a chóstaí agus ina thimpeall.

Faoin téama “Clár Oibre na hEorpa um Thaighde, Nuálaíocht agus Scileanna Aigéin a Chur Chun Cinn”, tá toscairí ó réigiún an Atlantaigh ag scrúdú conas is féidir le comhar idirnáisiúnta, barr feabhais eolaíochta agus infheistíocht i ndaoine, i mbonneagar agus sa nuálaíocht iomaíochas na hEorpa a neartú, agus ag an am céanna tacú le todhchaí aigéin atá inbhuanaithe agus athléimneach. Leag na díospóireachtaí ar an gcéad lá béim ar an ról ríthábhachtach atá ag eolas faoin aigéan maidir le dul i ngleic leis na dúshláin aeráide, eacnamaíocha agus gheopholaitiúla, agus ag an am céanna d’athdhearbhaigh siad uaillmhian na hEorpa fanacht ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i réimsí na heolaíochta aigéin, na nuálaíochta agus an fháis ghorm inbhuanaithe.

Leagann an tAire Timmy Dooley béim ar thábhacht an eolais faoin aigéan agus an chomhair

Chuir an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Iascach agus as Gnóthaí Mara,  Timmy Dooley TD, fáilte roimh na toscairí agus leag sé béim ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann le comhar Atlantach agus le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise do thodhchaí na hEorpa.

Ó Eolas faoin Aigéan go Gníomh

Tagann an Cruinniú Mullaigh ag tráth tábhachtach do bheartas aigéin na hEorpa, agus pléifear cur chun feidhme Chomhshocrú Aigéin an Aontais Eorpaigh agus an Achta Aigéin atá beartaithe, chomh maith le tosaíochtaí infheistíochta don todhchaí i réimse an taighde agus na nuálaíochta aigéin.

Dúirt an Dr Rick Officer, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara:

“Bhí an tAtlantach i gcónaí mar nasc idir Éire, an Eoraip agus an domhan mór. Sa lá atá inniu ann, áfach, nascann sé sinn freisin trí na dúshláin chomhroinnte agus na deiseanna comhroinnte atá romhainn Tá taighde agus nuálaíocht mhuirí ríthábhachtach chun na hathruithe atá ag tarlú inár n-aigéan a thuiscint agus freagairt dóibh Trí shaineolas ceannródaíoch ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin a thabhairt le chéile, cuireann Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026 deis ar fáil chun comhpháirtíochtaí a neartú, tosaíochtaí comhroinnte a shainaithint agus eolas faoin aigéan a iompú ina ghníomhaíocht fhóinteach. Is ionad tábhachtach í Gaillimh don eolaíocht mhuirí agus don nuálaíocht, agus is mór an bród dúinn an comhrá idirnáisiúnta seo a thabhairt go cósta Atlantach na hÉireann." 

Dúirt an tOllamh Frances Fahy, Stiúrthóir Institiúid Ryan in Ollscoil na Gaillimhe: 

"Mar ollscoil atá i gcroílár réigiún Atlantach na hEorpa, táimid bródúil as na comhpháirtíochtaí, an saineolas agus an uaillmhian a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin is práinní atá roimh ár n-aigéan a thabhairt le chéile. Léiríonn Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026 an ról ríthábhachtach atá ag an ardoideachas agus ag an taighde i gcruthú an eolais a threoraíonn beartas, a spreagann nuálaíocht agus a sholáthraíonn réitigh phraiticiúla. Trí bheith ag obair le chéile thar teorainneacha agus disciplíní, is féidir linn cuidiú le haigéan níos sláintiúla agus todhchaí níos inbhuanaithe a mhúnlú do phobail ar fud an Atlantaigh agus i gcéin."

Dúirt an Dr Brendan Jennings, Príomhoifigeach um Thaighde, Nuálaíocht agus Rannpháirtíocht in ATU: 

“Ní ag fionnachtain eolaíoch ná ag nuálaíocht theicneolaíoch amháin a mhúnlófar todhchaí réigiún an Atlantaigh, ach ag daoine. Tá sé ríthábhachtach na scileanna, an tallann agus na hacmhainní is gá do gheilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt más mian linn deiseanna eacnamaíocha marthanacha a chruthú agus ár dtimpeallacht aigéin a chosaint ag an am céanna. Léiríonn Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026 cumhacht an chomhair trasna an oideachais, an taighde, an tionscail agus an rialtais chun tionchar a imirt ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach."

Leanfaidh na díospóireachtaí ar aghaidh Dé hAoine, an 9 Deireadh Fómhair, agus díreofar ar an gcaoi ar féidir comhthosaíochtaí a chur i ngníomh trí chomhar, infheistíocht agus forbairt beartais amach anseo. Tiocfaidh deireadh leis an gCruinniú Mullaigh le gealltanas athnuaite chun éiceachóras taighde, nuálaíochta agus scileanna aigéin na hEorpa a neartú agus chun comhar ar fud an Atlantaigh a dhoimhniú mar thaca le todhchaí aigéin atá inbhuanaithe, athléimneach agus rathúil.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí
Beidh Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026 ar siúl an 8 agus an 9 Deireadh Fómhair in Ollscoil na Gaillimhe. Is Imeacht Comhlachaithe d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh é, arna óstáil ag Foras na Mara, Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, le tacaíocht ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Teagmhálacha do na Meáin
Rannóg Cumarsáide Fhoras na Mara 
Caidreamh leis na Meáin, Ollscoil na Gaillimhe
Rannóg Cumarsáide Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh