Árthach Nua Taighde na hÉireann - RV Tom Crean Coimisiúnaithe inniu ar an Daingean
Déardaoin, 06 Deireadh Fómhair 2022: Choimisiúnaigh an tAire Charlie McConalogue TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara an RV Tom Crean ag ócáid speisialta i gCuan an Daingin inniu. Ainmníodh an bád taighde mara is déanaí in Éirinn, an RV Tom Crean, in ómós an Taiscéalaí iomráiteach as Ciarraí, a thug faoi thrí thuras cheannródaíocha go dtí an tAntartach i mblianta tosaigh an 20ú hAois.
Dúirt an tAire McConalogue agus é ag labhairt ag an gcoimisiúnú:“Ní gá dom a mheabhrú d'aon duine anseo inniu go bhfuil aigéin na hÉireann ríthábhachtach dár ngeilleagar, dár dtimpeallacht, agus do go leor gnéithe dár saol laethúil. Tabharfaidh an RV Tom Crean faoi obair eolaíoch riachtanach, a thacóidh le go leor de na tionscadail a leagtar amach sa Chlár Rialtais; lena n-áirítear measúnuithe ar iascaigh (atá ríthábhachtach dár bpobail chósta), slándáil bia, fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, pleanáil spásúlachta mara, limistéir muirí chosanta agus cabhróidh sé leis an Stát aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide."
Beidh an RV Tom Crean lonnaithe i nGaillimh agus cuirfidh sé ar chumas Fhoras na Mara leanúint de bheith ag déanamh suirbhéanna ríthábhachtacha a neartaíonn seasamh na hÉireann mar cheannaire san eolaíocht mhuirí. Déanfaidh an t-árthach taighde raon leathan gníomhaíochtaí taighde mara, lena n-áirítear suirbhéanna leathnaithe ar iascaigh, léarscáiliú ghrinneall na farraige, sonraí a bhailiú chun tacú le pleanáil spásúlachta mara, taighde a bhaineann le hathrú aeráide, monatóireacht chomhshaoil, suirbhéanna domhain, agus taighde a dhéanamh san Aigéan Atlantach lenár gcomhpháirtithe AE.
Dúirt an Dochtúir Paul Connolly, POF Fhoras na Mara, ag labhairt dó faoin RV Tom Crean:“Tá ríméad orainn ár n-árthach taighde nua a ainmniú in ómós Tom Crean mar go dtugann sé aitheantas do thaiscéalaí Éireannach a bhfuil clú agus cáil idirnáisiúnta air agus a bhfuil a shaol lán le gaiscí iontacha crógachta, diongbháilteachta agus misnigh san Antartach. Is mór ag an Institiúid tacaíocht shliocht Tom Crean a bheith againn sa chinneadh seo. Cuirfidh ár n-árthach taighde ilchuspóireach nua le hacmhainneacht na hÉireann tabhairt faoi thaighde comhoibritheach idirnáisiúnta chun sonraí agus eolas na farraige a fháil atá riachtanach chun ár n-acmhainní mara ollmhóra a bhainistiú .”
Is árthach tostach é an t-árthach taighde nua, atá in ann oibriú ar fud Chrios Eacnamaíoch Eisiach na hÉireann (EEZ) agus a thiocfaidh in áit an RV Celtic Voyager, an chéad árthach taighde saintógtha in Éirinn a tháinig isteach i 1997. Déanann an t-árthach torann i bhfad níos lú faoi uisce ná hárthaí traidisiúnta, á laghdú éifeacht an torainn ar dhaonraí éisc agus iad ag suirbhéireacht agus ag sampláil, ionas gur féidir measúnú stoic níos cruinne a dhéanamh.
Beidh an RV Tom Crean ar muir ar feadh 300 lá oibríochtúil gach bliain – ag dul chun farraige ar feadh 21 lá ar a laghad ag aon am - agus tá sé mar aidhm aige freastal ar suas le 3000 lá eolaí in aghaidh na bliana agus tá sé deartha chun oibriú i ndálaí crua an Atlantaigh.
Lean an Dochtúir Connolly: “Tá an t-aigéan riachtanach don bheatha ar domhan. Táirgeann sé leath na hocsaigine a n-análaimid agus is mór an spreagadh é dár n-aimsir. Teastaíonn na sonraí, an eolaíocht agus an chomhairle den chaighdeán is fearr uainn chun bonn eolais a chur faoi chinntí ar na dúshláin mhóra atá roimh an tsochaí – tionchair an athraithe aeráide a mhaolú, bithéagsúlacht aigéin a chosaint agus a athshlánú, agus lántairbhe a bhaint as geilleagar ár n-aigéin. Úsáidfidh Foras na Mara, gníomhaireachtaí stáit agus ollscoileanna eile an t-árthach nua chun sonraí riachtanacha a bhailiú a úsáidfear chun an chomhairle eolaíoch a sholáthar le haghaidh measúnú ar iascaigh, fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, pleanáil spásúlachta mara, limistéir muirí chosanta agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide .”
Cuimsíonn dearadh an árthaigh na teicneolaíochtaí cruthaithe is déanaí chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé chomh héifeachtúil agus is féidir, le hídiú breosla laghdaithe agus tionchar comhshaoil agus lorg carbóin an árthaigh a íoslaghdú.
Is féidir leat súil a choinneáil ar dhul chun cinn an árthaigh agus ar an taighde atá ar bun aige ar shuíomh gréasáin Fhoras na Mara anseo.
Chun na scéalta is déanaí a fháil faoin árthach nua agus chun eolas a fháil faoi obair spreagúil Fhoras na Mara, lean muid ar Twitter @MarineInst Facebook @MarineInstitute agus Instagram @MarineInstituteIreland.
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun agallamh a shocrú le hurlabhraí de chuid Fhoras na Mara, déan teagmháil le:
Marie Lynch, Carr Communications: 087 973 0522/ marie@carrcommunications.ie
Johnny Fallon, Carr Communications, 085 889 5103 / johnny@carrcommunications.ie
NÓ
Sheila Byrnes / Sinéad Coyne, Bainisteoir Cumarsáide, Foras na Mara,
087 8155271 / 087 9477090 sheila.byrnes@marine.ie / sinead.coyne@marine.ie
Eolas faoi Fhoras na Mara
Is é Foras na Mara an ghníomhaireacht Stáit atá freagrach as taighde mara, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht in Éirinn. Cuirimid comhairle eolaíoch agus theicniúil ar fáil don Rialtas chun cabhrú le beartas a threorú agus chun tacú le forbairt inbhuanaithe acmhainn mhara na hÉireann.