Eisíonn an Institiúid Mhuirí Mórthacar Sonraí Grinneallmhara chun Seachtain na Bithéagsúlachta a Chomóradh

Underwater image of orange brisingids on coral

Tá breis agus 650,000 taifead muirí a bailíodh thar thréimhse dhá bhliain déag ar fáil saor in aisce ar líne anois, rud atá ina chloch mhíle don Eolaíocht Oscailte agus do shonraí comhshaoil oscailte in Éirinn.

Chun Seachtain na Bithéagsúlachta 2026 (17 - 26 Bealtaine) a chomóradh, tá an Institiúid Mhuirí tar éis a tacar sonraí inveirteabrach beantach faoin gCreat-Treoir Uisce a chur ar fáil go poiblí den chéad uair, rud a chuireann breis agus deich mbliana de shonraí suirbhéireachta ghrinneall na farraige ar fáil do thaighdeoirí, do phleanálaithe, do lucht ceaptha beartas agus don phobal in Éirinn agus níos faide i gcéin.

Clúdaíonn an tacar sonraí an tréimhse ó 2012 go 2024 agus tá taifid ann maidir le 650,304 orgánach aonair ó 2,529 speiceas éagsúil, a bailíodh thar 4,415 imeacht samplála i ndobharlaigh chósta timpeall na hÉireann. Déanfar é a nuashonrú ar bhonn bliantúil as seo amach.

“Tosaíonn cosaint na bithéagsúlachta lena tuiscint. Is céim thábhachtach é, dá bhrí sin, na sonraí seo a chur ar fáil go poiblí chun a chinntiú go ndéantar faireachán, tuiscint agus cosaint ar mhuirthimpeallacht na hÉireann do na glúnta atá le teacht,” a dúirt Louise Healy, Oifigeach Eolaíochta agus Teicniúil san Éiceolaíocht Bheantach. "Is bealach iontach oiriúnach é seo chun Seachtain na Bithéagsúlachta a chomóradh, trí ár gcuid oibre agus na sonraí atá againn cheana féin maidir le bithéagsúlacht ár bhfarraigí a roinnt.” 

Cad is Faireachán Beantach ann agus Cén Fáth a bhfuil Tábhacht ag baint leis?

Is ainmhithe iad pobail bheantacha a mhaireann sa ghrinneall agus ar ghrinneall na farraige, lena n-áirítear moilisc, crústaigh algaí agus miocrorgánaigh. Tá na horgánaigh seo ríthábhachtach do shláinte éiceachóras cósta, toisc go spreagann siad timthriall cothaitheach, go dtacaíonn siad le gréasáin bhia mhuirí agus go gcobhsaíonn siad grinneall na farraige. Déanann an Institiúid Mhuirí faireachán ar phobail bheantacha i ndobharlaigh chósta na hÉireann gach dara bliain, agus taifeadtar cé na speicis atá ann agus a líonmhaire atá siad. 

Tacaíonn na sonraí seo le hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe na hÉireann faoin gCreat-Treoir Uisce an AE, faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, agus leis an gCreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí éifeachtach. Tá ról lárnach ag na sonraí maidir le stádas éiceolaíoch uiscí cósta agus idirthréimhseacha na hÉireann a rangú agus maidir le cinntí caomhnaithe agus pleanála a threorú.

Tá na Sonraí ar Fáil Anois ar Dhá Ardán 

Tá an tacar sonraí ar fáil anois trí Chatalóg Sonraí na hInstitiúide Muirí (trí ERDDAP) agus trí uirlis léarscáilíochta an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta, ardán náisiúnta na hÉireann le haghaidh faisnéise bithéagsúlachta.

Is féidir leis an bpobal úsáid a bhaint as uirlis léarscáilíochta an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta chun iniúchadh a dhéanamh ar na speicis atá taifeadta ina mbá, ina n-inbhear nó feadh a gcósta áitiúil féin, ó Chuan Mó go Cuan na Gaillimhe agus níos faide i gcéin.

Tiomantas don Eolaíocht Oscailte agus do Phrionsabail FAIR

Eisíodh an tacar sonraí seo tar éis tréimhse shuntasach de sheiceáil cáilíochta agus de chaighdeánú, faoi threoir Chreatlach Bainistíochta Cáilíochta na Bainistíochta Sonraí (DM-QMF) de chuid na hInstitiúide Muirí. Leis an gcreatlach seo, tugadh isteach sreafaí oibre níos tapúla agus in-atáirgthe, agus cinntítear go gcomhlíonann an tacar sonraí prionsabail FAIR, is é sin go bhfuil sé in-aimsithe, inrochtana, idir-inoibrithe agus in-athúsáidte.

Trí rochtain ar shonraí ar seiceáladh a gcáilíocht a lárú ar an mbealach seo, cuirtear feabhas ar éifeachtúlacht, déantar comhroinnt sonraí a chuíchóiriú agus tacaítear le comhoibriú idir institiúidí taighde, gníomhaireachtaí rialtais agus an pobal eolaíochta níos leithne. Is acmhainn fhadtéarmach fhíorluachmhar é an tacar sonraí le haghaidh measúnú bithéagsúlachta, faireachán comhshaoil, agus pleanáil mhuirí in Éirinn.

Bithéagsúlacht Mhuirí na hÉireann a Cheiliúradh

Tá cuid den fhiadhúlra muirí is suntasaí san Eoraip le fáil in uiscí na hÉireann. Tá píosaí scannáin ar chainéal YouTube na hInstitiúide Muirí de speicis lena n-áirítear an Liabhán Gréine, an Bráthair agus an Tuinnín Gorm Atlantach, agus taifeadadh iad uile in uiscí cósta agus amach ón gcósta in Éirinn.

Tá imeallbhord na hÉireann ar cheann de na háiteanna is fearr san Eoraip chun teacht ar na hainmhithe neamhghnácha seo, agus tá ról ríthábhachtach ag obair faireacháin na hInstitiúide Muirí maidir leis na pobail sin a rianú agus a chosaint. Chun cuid den fhiadhúlra seo a fheiceáil go dlúth, tabhair cuairt ar chuntas YouTube na hInstitiúide Muirí: NASC

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: 
Kathleen Sweeney, r-phost: Kathleen.Sweeney@marine.ie Guthán. +353 (0)87 094 5754
Sinéad Coyne, r-phost.  sinead.coyne@marine.ie Guthán. +353 (0)87 947 7090
Oifig Chumarsáidean, Instituiúid Mhuirí hInstitiúide Muirí  communications@marine.ie – guthán: +353 (0)91 387 200

Institiúid Mhuirí 
Is í an Institiúid Mhuirí gníomhaireacht stáit na hÉireann a bunaíodh faoin Acht um Fhoras na Mara, 1991, chun taighde agus forbairt mhuirí a dhéanamh, a chomhordú, a chur chun cinn agus chun cabhrú leo, agus chun seirbhísí rialtais a chur ar fáil a thacaíonn le ceapadh beartas, rialáil agus bainistiú inbhuanaithe limistéar muirí agus acmhainní mara na hÉireann. Cuireann an Institiúid tacaíocht ar fáil trí réimse seirbhísí eolaíochta, comhairleacha agus forbartha eacnamaíche.