Seolann an tAire McConalogue Tuarascáil Fhoras na Mara um Stádas Aeráide agus Éiceachórais Aigéin na hÉireann, 2023
4th Bealtaine 2023: Inniu, sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, an Tuarascáil um Stádas Aeráide agus Éiceachórais Aigéan na hÉireann, 2023 go hoifigiúil. Tá nuashonruithe tábhachtacha agus tráthúla ar fáil i dTuarascáil 2023 ar thuairimí agus ar mholtaí náisiúnta atá curtha i láthair ag Foras na Mara roimhe seo.
Tugtar na príomhthorthaí seo a leanas ar aird sa tuarascáil;
- Arduithe leibhéal na farraige idir 2-3 mm in aghaidh na bliana ó na 1990idí i leith,
- Ardú ~0.5C i dteocht dhromchla na farraige ar chósta thuaidh na hÉireann le deich mbliana anuas.
- Aigéadú uisce dromchla agus láithreacht speiceas algach díobhálach ó cheann ceann na bliana sainaitheanta
Ag labhairt dó ag cruinniú faisnéise speisialta mar chuid de sheoladh an lae inniu in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath, dúirt an tAire McConalogue “Tá sé ríthábhachtach go bhfuil fianaise ábhartha ardchaighdeáin maidir le staid ár bhfarraigí atá ag athrú ag eolaithe agus ag an lucht déanta beartas araon. Tosaíonn sé seo le bailiú agus breathnú ar athróga aigéin riachtanacha ó longa, baoithe, agus ardáin róbataic inár bhfarraigí críche agus níos faide i gcéin, le tomhas teocht agus salandacht an aigéin, le tomhas leibhéal na farraige, an charbóin aigéin, an phlanctóin agus speicis éisc. Cuireann an fhaisnéis seo ar chumas na n-eolaithe mara anailís a dhéanamh ar an raon sonraí chun léargas a fháil ar chineál roinnt de na hathruithe atá á mbreathnú againn. Ní mór dúinn a thuar nó a réamh-mheas cad a tharlóidh dár n-aigéan sa todhchaí, ag baint úsáid as samhlacha aeráide. Bunaithe ar an bhfianaise seo, tá spriocanna uaillmhianacha um an ngníomhú ar son na haeráide leagtha amach againn lena n-áirítear laghdú bliantúil ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.
“Cabhróidh sé, trí dhul i ngleic le hastuithe, linn in Éirinn dul i ngleic le leibhéil na farraige atá ag ardú, leis an téamh aigéin agus an aigéadú, chomh maith le tuiltí cósta. Is faoi thionchar an Aigéin Atlantaigh is mó atá aeráid na hÉireann. Mar a leagtar amach sa tuarascáil seo agus mar is eol don chuid is mó dúinn cheana féin, is córas dlúth-chúpláilte an t-aigéan agus an t-atmaisféar, le teas, móiminteam agus mais á malartú go leanúnach idir an dá rud. Leis an aistriú teasa ón aigéan go dtí an t-atmaisféar, soláthraítear ceann de na príomhfhoinsí fuinnimh do ghluaisne an atmaisféir”. a Dúirt an tAire McConalogue, leis.
Luaigh Paul Connolly, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara, “tá an fhianaise eolaíoch ríthábhachtach chun bonn eolais a chur leis an oiriúnú aeráide muirí in Éirinn: Teastaíonn fianaise ó údaráis áitiúla chun pleananna gníomhaíochta a cheapadh de réir na reachtaíochta náisiúnta. Bíonn tionchar ag athruithe san aigéan ar an mbia mara, ar iompar agus ar an mbithéagsúlacht. D’fhéadfadh an eotrófú a bheith mar thoradh ar ró-chothaithigh go príomha ó ghníomhaíochtaí talamh-bhunaithe chomh maith le tionchar diúltach a bheith aige ar an bhfiadhúlra muirí. Soláthraíonn na haigéin 50 faoin gcéad den ocsaigin a análaimid. Is gné ríthábhachtach iad den chóras aeráide domhanda maidir leis an ról atá acu chun próisis atmaisféaracha a rialú agus chun teas, salann agus orgánaigh a dháileadh. Léiríonn an taighde seo go bhfuil tionchar an athraithe aeráide le feiceáil cheana féin in uiscí muirí na hÉireann agus athrú tagtha ar phatrúin den bhláth algach díobhálach. Is dócha go n-éireoidh an t-aigéan amach ó chósta an iardheiscirt níos teo faoin mbliain 2035, agus nach mbeidh sé chomh goirt faoin am sin,” a luaigh sé, mar rabhadh.
Díríonn an tuarascáil go príomha ar uiscí na hÉireann agus cuirtear na torthaí i gcomhthéacs iarrachtaí idirnáisiúnta i ndáil leis an athrú aeráide ar nós 6ú tuarascáil measúnaithe an Phainéil Idirnáisiúnta ar an Athrú Aeráide. Sa leagan amach téamach, déantar achoimre ar na príomhathruithe ar riocht na mara, agus scrúdaítear coinníollacha athraitheacha an atmaisféir (an chúrsaíocht aigéanach, agus ceimic, planctón, iascaigh agus éin mhara), agus scrúdaítear an nasc idir abhantracha fionnuisce agus an t-aigéan. Breathnaítear freisin ar shamhaltuithe tuartha agus ar bhonneagair mhuirí atá ríthábhachtach chun aeráid mhuirí na hÉireann atá ag athrú a thuiscint.
Sa tuarascáil, léirítear an comhoibriú atá á déanamh idir taighdeoirí mara laistigh d’Fhoras na Mara agus daoine eile atá lonnaithe in institiúidí ardoideachais agus comhlachtaí poiblí na hÉireann. Áirítear ann ábhair le húdair ó Met Éireann, Ollscoil Mhá Nuad, Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Cairde Éanlaith Éireann, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Iascach Intíre Éireann, An Fóram Náisiúnta Uisce, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, agus Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sinéad Coyne, Foras na Mara e. sinead.coyne@marine.ie m. +353 (0)87 947 7090
Sheila Byrnes, Foras na Mara e. sheila.byrnes@marine.ie m. +353 (0)87 815 5271
Nótaí don Eagarthóir
Foras na Mara
Cuireann Foras na Mara raon seirbhísí forbartha eolaíochta, comhairleacha agus eacnamaíocha ar fáil don rialtas, do ghníomhaireachtaí poiblí agus don tionscal muirí, a threoraíonn an ceapadh beartas, an rialáil agus bainistíocht agus fás inbhuanaithe acmhainní mara na hÉireann. Tugann an Foras faoi thaighde agus forbairt mara, agus déanann sé iad a chomhordú agus a chur chun cinn, rud atá riachtanach chun geilleagar aigéan inbhuanaithe a bhaint amach, chun éiceachórais a chosaint agus chun comhthuiscint ar an aigéan a spreagadh. www.marine.ie