Cuireann an tAire McConalogue fáilte roimh Leabhar Stoic Éisc Fhoras na Mara 2022

Marine Institute Chairman Dr. John Killeen, Minister for Agriculture, Food and the Marine Charlie McConalogue TD, and Dr Paul Connolly, CEO Marine Institute at the Marine Institute in Rinville, Oranmore, Co. Galway. 25 Samhain 2022: Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, cuairt ar Fhoras na Mara i nGaillimh agus tugadh dó Leabhar Stoic Éisc Fhoras na Mara 2022. San fhoilseachán bliantúil mionsonraithe tugtar an chomhairle eolaíoch neamhchlaonta is déanaí maidir le stádas 75 phríomhstoc éisc ar díol spéise d’Éirinn iad.

Is éard a dúirt an tAire Charlie McConalogue, "Tá ríméad orm cuairt a thabhairt ar Fhoras na Mara agus go dtabharfaí dom an Leabhar Stoc Éisc don bhliain 2022. Tá faisnéis ann atá riachtanach agus lena gcaitear súil úr ar staid na stoc éisc in 2022 agus ina gcuirtear ar fáil comhairle bhainistíochta maidir le cuótaí a shocrú le haghaidh 2023. Tá áthas orm gurb é toradh na hoibre a dhéanann eolaithe Fhoras na Mara anuas ar obair na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) ná gur ar shonraí ardchaighdeáin a bailíodh le bliain anuas agus ar chomhairle atá measúnaithe agus fíoraithe go praiticiúil a bhunófar na cinntí a dhéanfaimid ag an gComhairle Um Iascach i Mí na Nollag agus san idirbheartaíocht le Tríú Tíortha, an Ríocht Aontaithe san áireamh.  Tá sé tábhachtach go mbeadh teacht ag earnáil na tionsclaíochta agus ag páirtithe leasmhara eile ar an gcomhairle agus ar an eolaíocht is bonn taca don chomhairle sin ach leanúint den Leabhar Stoc Éisc a fhoilsiú gach bliain.”

Is éard a dúirt an tAire ansin: “I Leabhar Stoc 2022 léirítear go bhfuil méadú leanúnach ag teacht de réir a chéile ar líon na stoc a ndéantar iascaireacht inbhuanaithe orthu. Is dearbhú é an dul chun cinn sin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh de bharr ár mbeartas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht a bhaint amach. Le blianta beaga anuas tá méadú tagtha ar stoic cadóg, bráithre, scoilteán, tuinníní, agus ar chuid de stoic Chloicheáin Bhá Bhaile Átha Cliath agus tá iascaireacht inbhuanaithe á déanamh i gcónaí orthu. Tá roinnt stoc ann amhail troisc, scadáin agus faoitíní a ndéantar ró-iascaireacht orthu agus leanfar den obair maidir le bearta bainistíochta a leagan síos lena dtacófar le hatógáil na stoc tábhachtach sin.”

Is é seo an 30ú heagrán den leabhar bliantúil, leabhar ina bhfuil an chomhairle bhainistíochta is déanaí a úsáideann lucht déanta cinntí chun leibhéil ghabhála inbhuanaithe agus cuótaí iascaireachta a shocrú do 2023. Is treoir thagartha luachmhar é an foilseachán le haghaidh lucht léite leathan, lena n-áirítear foireann idirbheartaithe an Aire, tionscal na hiascaireachta, eolaithe mara, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus institiúidí tríú leibhéal.

In 2021, thug soithí na hÉireann i dtír tuairim is 182,000 tona d’iasc a gabhadh go fiáin agus arbh fhiú méid ba mhó ná €265 milliún iad ar an gcéad díol. Tacaíonn sé seo, faoi seach, le tionscal próiseála luachmhar agus le gníomhaíochtaí eile inár bpobail cois cósta.

Príomhchuspóir de chuid bhainistiú inbhuanaithe na stoc éisc faoin gComhbheartas Iascaigh is ea an inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú. Chuige sin, gach bliain, tugann Foras na Mara faoi chlár fairsing bailithe sonraí ar ilsuirbhéanna eolaíochta iascaigh, é ag taisteal thart ar 23,776 muirmhíle thar 200 lá, arb ionann é agus 2,030 lá eolaí ar shoithí taighde mara na hÉireann. 
 
Sna cláir shamplála ar tír agus ar muir déantar os cionn leathmhilliún iasc a thomhas agus déantar meastachán ar aois 56,000 duine eile thar gach speiceas tráchtála. Déantar sonraí Éireannacha a thiomsú le sonraí ó thíortha eile tríd an eagraíocht idir-rialtasach ICES. Tá ról lárnach ag eolaithe Fhoras na Mara maidir leis na measúnuithe a dhéanamh agus maidir leis an bhfianaise eolaíoch agus an chomhairle eolaíoch in ICES a fhorbairt. Sa Leabhar Stoc déantar an chomhairle eolaíoch is déanaí ó ICES a chomhtháthú le faisnéis ábhartha ar iascaigh na hÉireann.

Is éard a dúirt an Dr Paul Connolly, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara,  "An chomhairle agus na seirbhísí eolaíochta a chuireann ár n-eolaithe ar fáil do pháirtithe leasmhara, tá siad riachtanach chun tacú le geilleagar inbhuanaithe aigéin, chun ár n-éiceachórais mhuirí a chosaint agus a bhainistiú agus chun oibleagáidí an Aontais a chomhlíonadh. Glacann ár n-eolaithe páirt i meithleacha idirnáisiúnta ar a mbíonn siad i gceannas, ar meithleacha iad a dhéanann measúnú ar stoic éisc, agus cuireann siad comhairle eolaíoch neamhspleách ar fáil maidir le líon na n-iasc is féidir a bhaint go sábháilte as an acmhainn in-athnuaite seo. Tá an obair sin ríthábhachtach chun geilleagar na n-aigéan a chothabhail le haghaidh ár bpobal cósta.”

Is éard a dúirt an Dr Ciaran Kelly, Stiúrthóir Seirbhísí Comhairleacha Éiceachórais Iascaigh Fhoras na Mara, "Agus soitheach taighde nua na hÉireann, an RV Tom Crean ag teacht ar bord i mbliana, tá ardán úrscothach ar fáil dúinn chun tabhairt faoi mheasúnuithe iascaigh in uiscí na hÉireann. Cuireann an RV Tom Crean agus an RV Celtic Explorer ar chumas ár n-eolaithe an fhianaise eolaíoch is fearr a bhailiú chun bonn eolais a chur faoi chinntí tábhachtacha maidir le bainistiú iascaigh agus inbhuanaitheacht na n-aigéan.”

Tá Leabhar Stoc 2022 ar fáil go leictreonach ar shuíomh gréasáin Fhoras na Mara http://hdl.handle.net/10793/1805 agus mar fheidhmchlár idirghníomhach ar líne (https://shiny.marine.ie/stockbook/). Is faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) a mhaoinítear formhór na hoibre eolaíochta a chuirtear Leabhar Stoc Fhoras na Mara ar fáil.

Bronnadh an Leabhar Stoc ar an Aire McConalogue le linn a chuairte ar an bhForas, áit ar tugadh dó sraith mionteagasc agus léirithe ar obair thábhachtach an Fhorais, lena n-áirítear; Mapáil Ghrinneall na Farraige — INFOMAR (Porcupine) atá nasctha le Prawn Underwater TV Survey, Suirbhéanna Creat Bailithe Sonraí (DCF) — Forbhreathnú ar chlár suirbhé agus spotsolas an DCF ar chuid de na príomhshuirbhéanna a bhí i gceist, Breathnóireacht Aigéin, an Aeráid agus an Bhithéagsúlacht — Comhairle Iascaigh (measúnú agus comhairle maidir le hiascaigh sliogéisc). Cláir Monatóireachta ar Shábháilteacht Bia Mara (Saotharlann Fíteaplanctón) agus Seirbhísí don Rialtas a bhaineann le rialáil gníomhaíochtaí dobharshaothraithe.

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sheila Byrnes e. sheila.byrnes@marine.ie m. +353 (0)87 815 5271
Sinéad Coyne e. sinead.coyne@marine.ie m. +353 (0)87 947 7090

Nótaí an Eagarthóra:
Foras na Mara
Is é Foras na Mara an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as taighde mara, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht in Éirinn. Cuireann sé réimse seirbhísí eolaíochta, comhairleacha agus forbartha eacnamaíche ar fáil don rialtas, do ghníomhaireachtaí poiblí agus don tionscal muirí, ar seirbhísí iad a thacaíonn le ceapadh beartais, le rialáil agus le bainistiú agus fás inbhuanaithe acmhainní muirí na hÉireann. www.marine.ie.

An Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES):
Is eagraíocht idir-rialtasach í ICES arb é is príomhchuspóir di eolas eolaíoch na muirthimpeallachta agus a beo-acmhainní a mhéadú, agus an t-eolas sin a úsáid chun comhairle neamhchlaonta, neamhpholaitiúil a chur ar fáil d’údaráis inniúla. Le heolaíocht agus le ccomhairle ICES machnaítear ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí an duine ar éiceachórais mhuirí agus ar an tionchar a bhíonn ag éiceachórais ar ghníomhaíochtaí an duine. Ar an gcaoi sin, cinntíonn ICES go mbeidh teacht ag cinnteoirí ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil chun roghanna eolasacha a dhéanamh maidir le húsáid inbhuanaithe na muirthimpeallachta agus na n-éiceachóras muirí.

An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID)
Is í an tréimhse ó 2021 go 2027 an tréimhse ina maireann CEMID  agus tacaíonn sé le comhbheartas iascaigh an Aontais (CBI), le beartas muirí an Aontais agus le clár oibre an Aontais maidir le rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan. Cuireann sé tacaíocht ar fáil chun forbairt a dhéanamh ar thionscadail nuálacha lena áirthiú go n-úsáidtear acmhainní uisceacha agus muirí ar bhealach inbhuanaithe. Mar ghníomhaí domhanda aigéan agus mar mhórtháirgeoir bia mara, tá freagracht ar an Aontas na haigéin agus a n-acmhainní a chosaint agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe. Is chun leas socheacnamaíoch an Aontais freisin é infhaighteacht soláthairtí bia, iomaíochas an gheilleagair mhuirí agus slí bheatha na bpobal cósta a ráthú.