Seisiún póstaer a léiríonn saothar Scoláirí Sparánachta 2022 de chuid Fhoras na Mara

17th Lúnasa 2022: Chuir triúr déag fochéimithe, atá páirteach i gClár Sparánachta an tSamhraidh de chuid Fhoras na Mara i mbliana, a gcuid tionscadal os comhair an phobail ag lá léirithe póstaer, a bhí ar siúl ag Ceanncheathrú Fhoras na Mara in Órán Mór.

Chuir na Sparánaithe torthaí a gcuid tionscadal os comhair fhoireann Fhoras na Mara agus d’fhreagair ceisteanna faoina saothar. Bhí réimse leathan tionscadal atá nasctha leis an obair a dhéanann Foras na Mara i measc na sparánachtaí i mbliana, lena n-áirítear na réimsí tionscadail a leanas: Iascach, Ceimic Mhóilíneach, Dobharshaothrú, Bainistíocht Sócmhainní um Bonneagar Muirí, Anailís Aigéaneolaíochta, Eacnamaíocht Aigéin, Oifig Taighde, Acmhainní Daonna, Leabharlann agus Cumarsáid Mhuirí.

“Chuir na léirithe in iúl éagsúlacht agus ardchaighdeán oibre lena bhfuil ár scoláirí sparánachta bainte,” a dúirt Helen McCormick, Comhordaitheoir Cláir Sparánachta agus Anailísí Saotharlainne Sinsearach ag Foras na Mara.

Rinne painéal breithiúna, tarraingthe ó réimse fhoireann Fhoras na Mara, athbhreithniú ar na póstaeir, agus roghnaigh siad triúr buaiteoirí bunaithe ar eolas an scoláire ar a chuid/cuid oibre, léiriú a chuid/cuid eolais tionscadail agus a chuid/cuid freagraí ar réimse ceisteanna.

Bronnadh an chéad áit ar Éabha Gaughan (OÉ Gaillimh) as a sárobair ar Thacaíocht Acmhainní Daonna a léirigh a hathstruchtúrú ar inlíon inmheánach foirne de chuid Fhoras na Mara agus bogearra SharePoint á úsáid aici.

Bronnadh an dara háit ar Éamonn Joeín Mac Donnachá (Coláiste na hOllscoile Corcaigh) agus ar Sara Ellis (OÉ Gaillimh) araon as a gcuid obair chruthaitheach ar thaifid stairiúla chráifisceanna a anailísiú agus conas is féidir iad a úsáid mar bhailíochtú in aimsiú móilíneach pataiginí cráifisce.

Bronnadh an tríú háit ar Hadia Mahmood (Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan) as a cur i láthair faisnéiseach ar gheilleagar muirí na hÉireann, inar bhailigh sí sonraí ó earnálacha éagsúla agus ó infheistíochtaí stáit aitheanta a bhaineann leis an muir.

“Rinne gach scoláire a gcuid saothair a chur i láthair le fuinneamh agus soiléire agus ba bhua na scéime sparánachta é na scoláirí a fheiceáil agus iad ag tabhairt faoi thionscadail nach raibh baint acu lena mbunchéimeanna,” a dúirt Dr Paul Connolly, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhoras na Mara. “Tugtar léargas iontas ar éagsúlacht na muireolaíochta agus tar éis dom tabhairt faoi cheithre sparánacht dá leithéid blianta fada ó shin, tá bród an domhain orm go bhfuil borradh faoin scéim fós.”

Tá Clár Sparánachta an tSamhraidh de chuid Fhoras na Mara ar siúl ó bhí na 1960idí ann. Is clár taithí oibre é a bhfuil an-tóir air i réimse na muireolaíochta, ina dtugtar bealach isteach chuig saol na muireolaíochta agus na taighde in Éirinn do scoláirí.

Tá an clár dírithe ar fhochéimithe a bhfuil dhá bhliain staidéir críochnaithe acu i ndisciplín ábhartha agus fógraítear é ar www.marine.ie i mí Feabhra gach bliain. Leanfar leis an scéim in 2023.

CRÍOCH