Tagann Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, chun críche le heisiúint Ráitis
Tagann an pobal idirnáisiúnta aigéin le chéile chun tacú le Ráiteas Chruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh, ina leagtar amach tosaíochtaí maidir le heolas ar an aigéan, comhar agus ceannaireacht amach anseo.
Atlantaigh, Gaillimh 2026, chun críche inniu le heisiúint Ráiteas Chruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026 – gealltanas comhroinnte chun eolas ar an aigéan a neartú, comhar Atlantach a dhoimhniú agus infheistíocht a dhéanamh sa chéad ghlúin eile de cheannairí i réimse an aigéin. Agus é ag léiriú ghuth comhchoiteann an Aontais Eorpaigh agus phobal taighde an Aigéin Atlantaigh, cuirtear an tAtlantach i láthair sa Ráiteas mar shócmhainn straitéiseach d’athléimneacht, inbhuanaitheacht, slándáil agus iomaíochas na hEorpa amach anseo.
Ba Imeacht Comhlachaithe de chuid Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh é Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh, a d’eagraigh Foras na Mara, Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i gcomhpháirt. D’fhreastail níos mó ná 350 duine ar an imeacht, lena n-áirítear lucht ceaptha beartas, taighdeoirí, eolaithe, ceannairí tionscail, nuálaithe, oideachasóirí, ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta, páirtithe leasmhara cósta agus gairmithe i réimse an aigéin atá ag tús a ngairmeacha, ó gach cearn den Eoraip agus de mhór-réigiún an Atlantaigh.Thar dhá lá, scrúdaigh na rannpháirtithe conas is féidir le taighde, nuálaíocht, scileanna agus comhar idirnáisiúnta tacú le todhchaí inbhuanaithe, athléimneach agus iomaíoch don Atlantach.
Mar thoradh ar an bplé, cuireadh Ráiteas Chruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, le chéile, ina leagtar amach trí thosaíocht do thodhchaí aigéin na hEorpa: tús áite a thabhairt go straitéiseach d’infheistíocht in eolas ar an aigéan, comhpháirtíochtaí agus comhar Atlantach a neartú, agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus i gceannaireacht.
Ráiteas comhroinnte do thodhchaí aigéin na hEorpa
Aithnítear i Ráiteas Chruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, go bhfuil an tAigéan Atlantach fós lárnach do leasanna comhshaoil, eacnamaíocha agus straitéiseacha na hEorpa, agus brúnna méadaitheacha air de bharr an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta, na héagobhsaíochta geopholaitiúla agus an éilimh mhéadaithigh ar acmhainní an aigéin. Iarrtar sa Ráiteas go neartófaí gníomhaíocht i dtrí réimse tosaíochta:
1. Tús Áite a Thabhairt go Straitéiseach d’Infheistíocht in Eolas ar an Aigéan san Eoraip
D’iarr na toscairí go n-aithneofaí eolas ar an aigéan mar chumas straitéiseach agus mar bhunchloch d’iomaíochas, athléimneacht agus slándáil mhuirí na hEorpa amach anseo. Leagtar béim sa Ráiteas ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht leanúnach i gcórais eolais ar an aigéan faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile de chuid an AE agus faoin gclár Fís Eorpach. Cuimsíonn córais eolais ar an aigéan breathnuithe ar an aigéan, córais sonraí, táirgí agus seirbhísí sonraí, taighde agus nuálaíocht, saineolas, bonneagair, líonraí, comhpháirtíochtaí agus cláir.
2. Comhpháirtíochtaí agus Comhar Atlantach a Neartú
D’athdhearbhaigh an Cruinniú Mullaigh luach na Comhghuaillíochta Uile-Atlantaigh um Thaighde agus Nuálaíocht Aigéin agus d’iarr sé comhar níos doimhne ar fud imchuach an Atlantaigh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte comhshaoil, eacnamaíocha agus gheopholaitiúla. Aithníodh go bhfuil comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta níos láidre riachtanach chun dlús a chur leis an nuálaíocht, rialachas aigéin a neartú agus an leas is mó is féidir a bhaint as taighde agus infheistíocht.
3. Infheistíocht a Dhéanamh i Scileanna agus i gCeannaireacht do Thodhchaí Aigéin na hEorpa
Agus iad ag aithint go mbeidh uaillmhianta aigéin na hEorpa ag brath ar dhaoine chomh mór céanna agus a bheidh siad ag brath ar bhonneagar, leag na toscairí béim ar an ngá atá le hinfheistíocht leanúnach san oideachas, san oiliúint, sa mheantóireacht agus i bhforbairt acmhainne. Leagadh béim ar leith ar ghairmithe i réimse an aigéin atá ag tús a ngairmeacha a chumhachtú agus ar bhealaí níos láidre a chruthú chun dul i mbun taighde, nuálaíochta, beartais agus rialachais i réimse an aigéin.
Le chéile, léiríonn na tosaíochtaí sin comhthuiscint go mbeidh rathúnas, inbhuanaitheacht agus athléimneacht na hEorpa amach anseo ag brath ar a cumas eolas ar an aigéan a ghiniúint, a chomhroinnt agus a chur i bhfeidhm trí chomhpháirtíochtaí níos láidre, infheistíocht straitéiseach agus forbairt scileanna.
Ag labhairt di tráth eisithe Ráiteas Chruinniú Mullaigh an Atlantaigh 2026, dúirt an Dr Fiona Grant ó Fhoras na Mara, atá ina Cathaoirleach ar an mBord Eorpach Mara:
“Tá teachtaireacht shoiléir tagtha chun cinn ó Ghaillimh, ar imeall Atlantach na hEorpa: níl an t-aigéan scartha ó thodhchaí na hEorpa. Tá sé lárnach di. Beidh rathúnas, athléimneacht, slándáil agus iomaíochas na hEorpa ag brath ar ár gcumas ár n-aigéan a thuiscint, a chosaint agus a bhainistiú go hinbhuanaithe. Sin an fáth a n-iarrtar i Ráiteas Chruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, gníomhaíocht i dtrí réimse: tús áite a thabhairt go straitéiseach d’infheistíocht in eolas ar an aigéan, comhar Atlantach a neartú agus infheistíocht a dhéanamh sa chéad ghlúin eile de cheannairí i réimse an aigéin.
Is mó ná ráiteas intinne an méid atá bainte amach i nGaillimh. Is gealltanas é tabhairt faoi ghníomhaíocht chomhchoiteann. Bhí an tAtlantach i gcónaí ina nasc idir ár náisiúin. Sa lá atá inniu ann, nascann sé sinn trí fhreagracht chomhroinnte a thodhchaí a mhúnlú agus a chinntiú go mbeidh sé fós ina fhoinse deiseanna, inbhuanaitheachta agus rathúnais do na glúnta atá le teacht.”
Dúirt an tOllamh Frances Fahy, Stiúrthóir Institiúid Ryan in Ollscoil na Gaillimhe:
“Tá teachtaireacht láidir á seoladh againn: is infheistíocht i dtodhchaí na hEorpa í infheistíocht in eolas ar an aigéan. Ag tráth a bhfuil éiginnteacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus gheopholaitiúil ag méadú, ní raibh ár gcumas ár n-aigéan a thuiscint agus gníomhú ar bhonn an eolais sin riamh níos tábhachtaí. Chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an Atlantach, beidh gá le taighde den scoth, comhoibriú idirnáisiúnta agus gealltanas comhroinnte fianaise a chur i bhfeidhm trí ghníomhaíocht.
Tá Ollscoil na Gaillimhe bródúil as a bheith mar chuid de phobal atá ag cabhrú leis an todhchaí sin don aigéan a mhúnlú. Tá Gaillimh anois ina lárionad taighde agus nuálaíochta aigéin a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige, agus tá an Cruinniú Mullaigh Atlantach tar éis seasamh ár réigiúin a neartú mar áit ina dtagann eolas agus uaillmhian le chéile chun tionchar domhanda a imirt.”
Dúirt an Dr Deirdre Brophy, Ceannaire Straitéiseach an Ionaid Taighde Mara agus Fionnuisce in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh:
“Ní bhainfear uaillmhianta aigéin na hEorpa amach ach amháin má dhéanaimid infheistíocht i ndaoine. Aithnítear mar is ceart i Ráiteas Chruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, go bhfuil scileanna, ceannaireacht agus tallann i measc na n-acmhainní aigéin is tá
bhachtaí atá againn. Chun geilleagar gorm inbhuanaithe agus iomaíoch a bhaint amach, beidh gá le céimithe, taighdeoirí, nuálaithe, fiontraithe agus pobail a bhfuil ar a gcumas an t-athrú a threorú.
Trí bhealaí chun dul i mbun oideachais, taighde agus fiontraíochta i réimse an aigéin a neartú, is féidir linn an chéad ghlúin eile a chumhachtú chun nuálaíocht, deiseanna agus tionchar a chruthú ar fud réigiún an Atlantaigh trí leas a bhaint as eolas.”
Ó Ghaillimh go dtí an Eoraip agus an tAtlantach
Tá an teachtaireacht ó Ghaillimh soiléir: níl an t-aigéan scartha ó thodhchaí na hEorpa. Tá sé lárnach di. Trí infheistíocht a dhéanamh in eolas ar an aigéan, comhpháirtíochtaí Atlantacha a neartú agus ceannairí na todhchaí a chumhachtú, is féidir leis an Eoraip todhchaí inbhuanaithe, shlán agus iomaíoch a thógáil don aigéan. Bhí an tAtlantach i gcónaí ina nasc eadrainn. Trí Ráiteas Chruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, tá na rannpháirtithe tar éis gealltanas a thabhairt cabhrú lena thodhchaí a mhúnlú le chéile.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Bhí Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, ar siúl an 8–9 Deireadh Fómhair 2026 in Ollscoil na Gaillimhe faoin téama Clár Oibre na hEorpa um Thaighde, Nuálaíocht agus Scileanna Aigéin a Chur Chun Cinn, le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. D’eagraigh Foras na Mara, Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh an Cruinniú Mullaigh i gcomhpháirt, le tacaíocht ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, agus ba Imeacht Comhlachaithe de chuid Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2026 é. Thug an Cruinniú Mullaigh príomhstraitéisithe aigéin, taighdeoirí, lucht ceaptha beartas, nuálaithe, ionadaithe tionscail agus pobail na hEorpa le chéile chun tosaíochtaí don chéad chaibidil eile de thaighde, nuálaíocht agus scileanna an Aigéin Atlantaigh a scrúdú.
Tuilleadh Eolais:
Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh 2026 | Atlantaigh 2026
Teagmháil do na Meáin:
Foras na Mara
Sinéad Coyne, Bainisteoir Cumarsáide, Foras na Mara
Teil.: 0879477090Ríomhphost: sinead.coyne@marine.ie
Ollscoil na Gaillimhe
Ed Carty, Oifigeach Caidrimh leis na Meáin, Ollscoil na Gaillimhe
Teil.: 0864178175 Ríomhphost: ed.carty@universityofgalway.ie
Ollscoil Teicneolaíochta an AtlantaighRegina
Daly, Oifigeach Cumarsáide agus Preasa, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh
Teil.: 0879618355Ríomhphost: regina.daly@atu.ie
