Bí i lár an aonaigh ag Féile na Mara 2018
Beidh Féile na Mara 2018 ag seoladh isteach i gCuan na Gaillimhe ón 29 Meitheamh go dtí an 1 Iúil, agus beidh an clár is mó d'imeachtaí farraige riamh ar siúl i rith fhéile náisiúnta mhuirí na bliana seo.
Chun onóir a léiriú do Lá Domhanda na nAigéan, sheol Féile na Mara 2018 clár líon lán d'imeachtaí ar fiú go mór freastal orthu inniu (an 8 Meitheamh 2018) a cheiliúrann na bealaí iontacha a chuireann ár n-aigéin agus ár bhfarraigí lenár saol.
Dúirt an Dr Peter Heffernan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhoras na Mara, "Déanann Féile na Mara taispeántas d'acmhainní muirí na hÉireann agus cuireann sé teachtaireacht thábhachtach in iúl faoi luach ár n-aigéan. Ní hamháin gur foinse bia agus iompair iad ár n-aigéin, tacaíonn siad le héiceachórais éagsúla agus cuireann siad deiseanna ar fáil don turasóireacht agus fóillíocht."
"Is cuma cé chomh fada ón trá a chónaíonn tú, imríonn an t-aigéan tionchar ar ár saol. Is iontach an deis é Féile na Mara chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár n-acmhainn mhuirí, agus daoine a spreagadh chun labhairt faoinár n-aigéin a choimeád sláintiúil, mar gheall gurb acmhainn é a mbraithimid go léir uirthi," a dúirt an Dr Heffernan.
Cuirfear eispéireas tumthach amhairc ar fáil le linn Fhéile na Mara na bliana seo, agus beidh sraith cainteanna agus scannán ar siúl atá spreagtha ag an aigéan, a thitfidh amach san ollphuball a thógfar don imeacht, Amharclann an Atlantaigh. I lár stáitse, beidh Doug Allan, duine de na ceamaradóirí faoin uisce is fearr ar domhan. Bronnadh ocht nDámhachtain Emmy agus cúig BAFTAS ar Doug agus cuirfidh sé seacht gcaint i láthair i rith an deireadh seachtaine, agus roinnfidh sé a eispéiris ó scannánú a dhéanamh ag cuid de na háiteanna is fiáine agus is iargúlta ar domhan do chláir faisnéise cheannródaíocha, ar nós The Blue Planet agus Ocean Giants leis an BBC. Beidh an clár faisnéise Ireland's Deep Atlantic le RTÉ á chur ar scáileán, chomh maith, a nochtann cuid de na rúin in uiscí na hÉireann mórthimpeall orainn. Chomh maith leis sin, taispeánfar an bheochan Éireannach a ainmníodh do Dhuais an Acadaimh, Song of the Sea, i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Beidh curaidh dhomhanda an chitilbhoird ag casadh go tapa agus go hard san aer agus go leor cleas agus iompuithe ar bun acu trí huaire sa lá i gcroílár Chuan na Gaillimhe. Beidh na daoine a fhreastalaíonn ar an bhféile in ann cadhc a sheoladh sa chuan, agus beidh breis agus 800 seisiún cadhcála saor in aisce ar bun i rith na dtrí lá. A bhuíochas le Cumann Seoltóireachta na hÉireann, féadfaidh cuairteoirí a bhrath go bhfuil siad mar chuid den fhoireann agus taitneamh a bhaint as turais bád cíle, nó dul ar bord bád innill agus lán na súl a bhaint as Húicéir na Gaillimhe sa Chladach. Beidh seisiúin 'Bain Triail as an Seoltóireacht' ('Try Sailing') ar fáil, chomh maith, agus beidh seisiúin ar fáil do leanaí agus daoine fásta faoi mhíchumas nó a bhfuil lagú orthu.
Beidh ceann de na báid is déanaí i gCabhlach na hÉireann, an LÉ William Butler Yeats ina radharc álainn i gCuan na Gaillimhe, agus deis a bheidh ann do chuairteoirí chun dul ar bord agus an bád cabhlaigh is nua in Éirinn a fhiosrú. Beidh bád taighde mhuirí an Celtic Explorer de chuid Fhoras na Mara, agus bád Choimisinéirí Soilse na hÉireann, an ILV Granuaile feistithe sa duga i gCuan na Gaillimhe agus beidh siad ar oscailt le haghaidh turas i rith an deireadh seachtaine.
I rith Eispéireas Bia Mara Bhord Iascaigh Mhara/an Bhoird Bhia, beidh taispeántais dhinimiciúla de speicis bheo éisc agus sliogéisc agus taispeáint réaltachta fíorúla faoin bhfarraige, áit a mbeidh cuairteoirí ábalta casadh le créatúir na domhainfharraige. Beidh Joan Mulloy, an chéad seoltóir Éireannach baineann a chuaigh san iomaíocht i rás Solitaire du Figaro, ar a bhfuil clú agus cáil dhomhanda, ag labhairt faoi conas a bheidh sí ag tabhairt faoin dúshlán seoltóireachta seo. Taispeánfaidh na chefanna is fearr in Éirinn, JP McMahon, Michael O'Meara agus Oliver Dunne, agus taispeánfaidh Ceannaithe Óga Éisc na Bliana BIM duit cé chomh éasca atá sé chun iasc agus bia mara a ullmhú sa bhaile trí roinnt taispeántais bheo.
Bainfidh daoine ar spéis leo bia mara an-taitneamh as an réimse taispeántais chócaireachta a bheidh ar tairiscint ag an Veain Sárthaispeántas Gastranamaíochta, chun ceiliúradh a dhéanamh ar Ghaillimh mar Réigiún Eorpach Gastranamaíochta 2018. Foghlaim leideanna faoi bhia mara a ullmhú agus a chaomhnú sa bhaile anuas ar roinnt oidis shimplí bhia mara do leanaí. Beidh na gnáthrudaí traidisiúnta féile ar fáil, chomh maith, ag an iomaí stalla bia timpeall Chuan na Gaillimhe.
Beidh leanaí gnóthach i gcónaí le rogha agus togha na ngníomhaíochtaí spraíúla agus oideachais a bheidh ag titim amach i Zón na Leanaí. Bainfidh idir leanaí agus daoine fásta taitneamh as súgradh le LEGO agus rudaí a chruthú leis atá spreagtha ag cúrsaí muirí. Chomh maith leis sin, beidh deis ag leanaí a suim sa chruthaitheacht agus sa cheardaíocht a mhúscailt trí cheardaíocht de théama na farraige a dhéanamh agus beidh siad in ann pé rud a chruthaíonn siad a thabhairt abhaile leo ina dhiaidh agus beidh deis acu, chomh maith leis sin, chun oibriú le chéile chun uisceadán ollmhór a dhéanamh ó ábhair athchúrsáilte. Trí Chlár Oideachais na dTaiscéalaithe, féadfaidh leanaí beatha mhuirí na hÉireann a fhiosrú ag taispeántais uisceadán teagmhála, agus foghlaim faoi bhruscar muirí trí roinnt cluichí agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha.
Beidh taispeántas idirghníomhach Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe, 'Eolaíocht na Mara – An tAtlantach Fiáin', ar oscailt i gcaitheamh an deireadh seachtaine, chomh maith. I rith dheireadh seachtaine na féile, cuirfidh eolaí cónaitheach barr mór feabhais ar an dánlann, agus é ag tabhairt faoi thurgnaimh spraíúla agus theagmhálacha. Chomh maith leis sin, féadfaidh leanaí créatúir dhathannacha de théama éisc agus na mara a chruthú lena dtabhairt abhaile ag sraith ceardlann a bheith ar siúl ag Músaem Cathrach na Gaillimhe. Le cabhair ó Chomhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe, beidh cúig cinn de na ceardlanna seo dírithe go sonrach ar leanaí a bhfuil deacrachtaí céadfacha acu agus a siblíní.
Cuirfear fáilte mhór eile roimh na Fórsaí Cosanta, chomh maith, a chuirfidh taispeántas ar bun den trealamh agus acmhainneacht atá acu faoi láthair - bíonn tóir an-mhór air seo i measc cuairteoirí ar gach aois.
"Fíor-fhéile don teaghlach is ea Féile na Mara 2018," a dúirt an Dr Heffernan. "Tá d'aidhm ag an réimse gníomhaíochtaí spreagúla agus nithe is díol spéise ar an uisce agus timpeall an uisce chun daoine óga agus iad siúd a bhfuil croí óg acu, a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ndraíocht agus rúndiamhair an aigéin. Tá na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí go léir a bheidh ar siúl i gcaitheamh an deireadh seachtaine saor in aisce, agus cabhraíonn seo leis an teaghlach go léir taitneamh a bhaint as eispéireas na féile."
Tá Féile na Mara 2018 mar phríomhchuid de Feidhm a Bhaint as Saibhreas ár nAigéin: Plean Comhtháite Muirí d'Éirinn (HOOW) agus dá sprioc chun rannpháirtíocht agus idirchaidreamh leis an bhfarraige a mhéadú.
D'imeacht 2018, fuair Féile na Mara tacaíocht ó Bhord Iascaigh Mhara (BIM), an Bord Bia, Coimisinéirí Soilse na hÉireann, an Roinn Cosanta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae na Gaillimhe, Cuideachta Cuain na Gaillimhe, Garda Cósta na hÉireann, Cumann Seoltóireachta na hÉireann, Foras na Mara agus Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála (RNLI).
Chun súil a chaitheamh ar chlár iomlán na féile, tabhair cuairt ar seafest.ie. Chun go gcoimeádfar thú ar an eolas ar fhógraí uile na féile, íoslódáil Aip saor in aisce Fhéile na Mara agus lean Féile na Mara ar Facebook, Twitter agus Instagram.
CRÍOCH