Ceiliúrann Foras na Mara Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht
Tá Foras na Mara bródúil as Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht a cheiliúradh ar an 11ú Feabhra 2025.
I mbliana, beidh 10 mbliana ann ó reáchtáladh Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht, Lá na Náisiún Aontaithe a bhfuil sé mar aidhm leis aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag mná agus cailíní san eolaíocht agus sa teicneolaíocht.
Mar ghníomhaireacht eolaíochta na hÉireann atá freagrach as tacú le forbairt inbhuanaithe limistéir agus acmhainní muirí an stáit, cuireann Foras na Mara raon leathan comhairle agus tacaíochta eolaíche ar fáil. Oibríonn go leor d’fhostaithe ban na hInstitiúide i bpríomhsheirbhísí atá dírithe ar eolaíocht, anailís theicniúil agus taighde, i réimsí amhail éiceachórais iascaigh, an comhshaol muirí agus sábháilteacht bia, chomh maith le róil chorparáideacha. Le foireann de 249 bhfostaí, is mná iad 52.2%, agus tá cáilíochtaí ar leibhéal baitsiléara, máistreachta nó dochtúireachta ag 90% dár bhfostaithe baineanna.
Tá tiomantas seanbhunaithe ag Foras na Mara ar chomhionannas san fhórsa saothair agus ar dhaoine óga a spreagadh chun smaoineamh ar ghairm san earnáil mhuirí trínár n-oideachas agus ár rannpháirtíocht ar leibhéal náisiúnta scoile, trínár gcláir bhliantúla Idirbhliana agus Sparánachta, agus mar chomhpháirtithe le go leor Institiúidí Tríú Leibhéal in Éirinn agus thar lear.
Dúirt an Dr Rick Officer, POF Fhoras na Mara, “Tá Foras na Mara bródúil as a bheith ina eiseamláir den ról ríthábhachtach atá ag mná agus cailíní san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, agus maidir lenár n-acmhainní aigéin a thuiscint, a chosaint agus a fhorbairt. Is mná iad níos mó ná leath dár bhfórsa oibre agus tá go leor acu i róil cheannaireachta in Éirinn agus go hidirnáisiúnta i réimsí ar nós taighde forbairt agus nuálaíocht mara agus muirí".
“Mar eagraíocht, táimid tiomanta do bhuanna na mban a chothú i ngach réimse den eolaíocht mhuirí. Sa straitéis cúig bliana atá againn faoi láthair, Eolas Faoin Aigéan A Mhúscalaíonn Feasacht agus A Spreagann Fiosracht, leagtar amach ár dtionscnamh straitéiseach chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn do chách, le gníomhaíochtaí sonracha mar chomhlacht poiblí a dhíríonn ar chomhionannas inscne.”
Chun Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht a cheiliúradh, déanfaidh Foras na Mara cur síos ar chuid dár bhfoireann ar mná iad, agus cuirfidh siad a gcuid oibre, an tionchar atá aige agus an iliomad gairmeacha fiúntacha atá ar fáil do mhná ar taispeáint. Lean Foras na Mara ar Facebook, LinkedIn, Twitter (X) agus Instagram.
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sinéad Coyne, ríomhphost sinead.coyne@marine.ie uimhir theileafóin + 353 (0)87 947 7090
Kathleen Sweeney, ríomhphost Kathleen.Sweeney@marine.ie uimhir theileafóin + 353 (0)87 094 5754
An Oifig Cumarsáide, Foras na Mara communications@marine.ie uimhir theileafóin + 353 (0)91 387 200
Nótaí an Eagarthóra
Foras na Mara
Is gníomhaireacht stáit na hÉireann é Foras na Mara a bunaíodh faoin Acht um Fhoras na Mara 1991, chun taighde agus forbairt mhuirí a thabhairt faoi, a chomhordú, a chur chun cinn agus chun cúnamh a thabhairt ina leith, agus chun seirbhísí rialtais a sholáthar a threoraíonn ceapadh beartas, rialáil agus bainistiú inbhuanaithe limistéar muirí agus acmhainní muirí na hÉireann. Cuireann an Institiúid tacaíocht ar fáil trí réimse seirbhísí eolaíochta, comhairleacha agus forbartha eacnamaíche.
