Ainmníodh an tInstitiúid Mhara mar Iarrthóir Deiridh in Gradam Fuinnimh SEAI 2025 as Ceannaireacht Earnála Poiblí i gInbhuanaitheacht

Roghnaíodh an tInstitiúid Mhara mar iarrthóir deiridh i nGradam Fuinnimh SEAI 2025, ag aithint deich mbliana d’iarrachtaí inbhuanaitheachta san Institiúid.  Ó aistriú long taighde go hola glasraí hiodráitithe (HVO), go soláthar fuinnimh gréine ar an láthair d’oifigí agus d’ionaid taighde, agus an aicmiú inbhuanaitheachta ardleibhéil My Green Lab a bhaint amach do shé shaotharlann, tá an tInstitiúid Mhara ina sampla ceannaireachta maidir le gníomhú ar an aeráid.  

Photo of RV Tom Crean at sea

Ceiliúrann Gradam Fuinnimh SEAI sármhaitheas in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh in-athnuaite ar fud na hÉireann, ag aithint eagraíochtaí, pobail agus daoine aonair atá ag cur le nuálaíocht agus ag luasghéarú an aistrithe chuig todhchaí ísealcharbóin.

“Léiríonn ár n-ainmniúchán mar iarrthóir deiridh i nGradam Fuinnimh SEAI na bliana seo ról na hInstitiúide Mara mar cheannaire agus mar shampla don earnáil phoiblí i ngníomh ar fhuinneamh agus ar an aeráid,” a dúirt an Dr Rick Officer, POF na hInstitiúide Mara. “Tá inbhuanaitheacht i gcroílár ár gcuid oibre – tá sí ríthábhachtach dár misean acmhainní mara na hÉireann a úsáid go hinbhuanaithe agus tá sí fite fuaite inár gcultúr agus inár n-oibríochtaí laethúla.” 

Mar chomhlacht den earnáil phoiblí, tá spriocanna soiléire aeráide agus fuinnimh le sroicheadh ag an Institiúid Mhara. Tá clár dícharbónaithe struchtúrtha agus gníomhach glactha aici, mar a leagtar amach sa Phlean Bóthair um Ghníomhaíocht Aeráide bliantúil. Tacaítear leis an gcur i bhfeidhm trí bhainistíocht fuinnimh agus foireann thiomnaithe Get Greener, a chuidíonn le húsáid fuinnimh a fheabhsú go leanúnach agus díriú ar na réimsí a mbíonn an tionchar is mó acu. 

Tá obair dícharbónaithe na hInstitiúide Mara bunaithe ar cheithre phríomhcholún:
1.    Bainistíocht Fuinnimh – Caighdeáin idirnáisiúnta (ISO 50001) a úsáid chun úsáid fuinnimh ar talamh agus ar muir a mhonatóiriú, a bhainistiú agus a fheabhsú go leanúnach.
2.    Gréine – Infheistíocht i leictreachas in-athnuaite, agus PV gréine ann cheana i saoráidí Uaránmór agus Newport, agus cead pleanála faighte do dhá thionscadal gréine nua (ar thalamh agus i gclós páirceála gréine) in Uaránmór a sholáthróidh breis agus ceathrú de riachtanais leictreachais na hInstitiúide Mara.
3.    Bithbhreoslaí – Aistriú long taighde ó dhíosal mara go hola glasraí hidriginithe (HVO), rogha níos glaine agus ísealcharbóin.
4.    Rannpháirtíocht agus Oiliúint Foirne – Cultúr freagrachta a chothú trí oiliúint, laethanta feasachta agus rannpháirtíocht phraiticiúil ionas go mbeidh inbhuanaitheacht fréamhaithe ar fud na bhfoirne.

“Ní bhaineann a bheith mar iarrthóir deiridh le haitheantas amháin – baineann sé le léiriú ar an méid is féidir a bhaint amach san earnáil phoiblí nuair a thacaítear le hinbhuanaitheacht ón mbarr anuas agus nuair a chuireann daoine ar an talamh i bhfeidhm í. Cuireann sé ar ár gcumas freisin ár bhfoghlaim a roinnt, ár líonraí a neartú agus comhoibriú le comhghleacaithe eile san earnáil phoiblí chun a chinntiú go sroichfimid ár spriocanna aeráide,” a deir Toni Hollowell, Bainisteoir Áiseanna san Institiúid Mhara. 

Bhain an tInstitiúid Mhara feabhsú 44.6% amach i bhfórsaíocht fuinnimh i gcomparáid leis an mbunlíne ó 2009 agus tá laghdú 5.7% bainte amach aici freisin ar a hastaíochtaí foriomlána CO₂. Go dtí seo, tá réimse leathan uasghráduithe fuinnimh agus athruithe oibríochta curtha i gcrích ag an Institiúid Mhara, lena n-áirítear:

•    Long taighde
o    Bealaí a bharrfheabhsú agus úsáid fuinnimh a athbhreithniú i ndiaidh gach suirbhé.
o    Feasacht ar thomhaltas breosla a mhéadú i measc úsáideoirí agus oibritheoirí na long.
o    HVO a thabhairt isteach mar bhithbhreosla, agus breis is 20% de bhreosla na long in 2024 ag teacht ón rogha níos glaine seo – thart ar 500,000 lítear, níos mó ná deich n-uaire an méid i 2023.

•    Bonneagar ar thalamh
o    Painéil ghréine a shuiteáil i saoráidí Uaránmór agus Baile Uí Fhiacháin, ag giniúint go leor leictreachais in Uaránmór chun thart ar 40 teach a chumhachtú, agus fuinneamh barrachais a easpórtáil ar ais chuig an greille ó Bhaile Uí Fhiacháin.
o    Coirí, soilsiú, rialuithe téimh, córais bhainistíochta foirgneamh agus aerchóiriú i seomraí saotharlainne/freastalaí a uasghrádú.
o    Luchtairí feithiclí leictreacha a shuiteáil do fhoireann agus do chuairteoirí.
o    Aicmiú ardleibhéil My Green Lab (leibhéil Green agus Platinum) a bhaint amach do shé shaotharlann.

Mar aitheantas breise dá hiarrachtaí inbhuanaitheachta, ainmníodh an tInstitiúid Mhara mar iarrthóir deiridh i nGradam Gnó Chumainn Tráchtála na Gaillimhe 2025 sa chatagóir Tionscnamh Inbhuanaitheachta – Aerfort na Sionainne. Aithníonn an gearrliostú seo arís obair chomhsheasmhach na hInstitiúide Mara maidir le hastaíochtaí a laghdú, fóntaíocht fuinnimh a fheabhsú agus inbhuanaitheacht a fhréamhú ina cuid gníomhaíochtaí.

Trína Phlean Bóthair um Ghníomhaíocht Aeráide agus trí thionscnaimh leanúnacha, leanann an tInstitiúid Mhara de bheith ina ceannródaí i hinbhuanaitheacht mhuirí agus i ngníomh aeráide, agus í ag comhlánú a cuid oibre eolaíochta i mbianna mara inbhuanaithe, pleanáil spásúil mhuirí, cosaint bhithéagsúlachta mhuirí, fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta agus tuiscint ar an dóigh a mbíonn an fharraige ag dul i bhfeidhm ar an athrú aeráide agus á tiontú ag an athrú aeráide féin.

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sinéad Coyne, Cumarsáid r: sinead.coyne@marine.ie t: +353 (0)87 947 7090
Kathleen Sweeney, Cumarsái r: kathleen.sweeney@marine.ie | t: +353 (0)87 094 5754
An Oifig Cumarsáide, Foras na Mara r: communications@marine.ie | t: +353 (0)91 387 200

Foras na Mara
Is é Foras na Mara gníomhaireacht eolaíochta na hÉireann atá freagrach as tacú le forbairt inbhuanaithe limistéar agus acmhainní muirí na hÉireann. Déanann an Institiúid taighde feidhmeach agus soláthraíonn sí eolas, comhairle agus seirbhísí eolaíochta don rialtas, don tionscal agus do pháirtithe leasmhara agus d'úsáideoirí eile. www.marine.ie