Treochlár maidir le Gníomhú ar son na hAeráide foilsithe ag Foras na Mara

Sheol Foras na Mara a Threochlár maidir le Gníomhú ar son nahAeráide 2025 in a  leagtar amach pleananna uaillmhianacha na heagraíochta agus an dul chun cinn atá déanta aici maidir le hinbhuanaitheacht, éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdú carbóin ar fud a cuid oibríochtaí. 

Léirítear i dTreochlár maidir le Gníomhú ar son na hAeráide 2025 Fhoras na Mara cur chuige struchtúrtha agus réamhghníomhach an Fhorais maidir le spriocanna inbhuanaitheachta a bhaint amach agus maidir leis na freagrachtaí atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta Aeráide 2025 an Rialtais agus sa Sainordú 

Gníomhaíochta Aeráide a chomhlíonadh. I measc na bpríomhéachtaí tá:
    Feabhsú 44.6% ar éifeachtúlacht fuinnimh i gcomparáid le bonnlíne 2009.
    Laghdú 5.7% ar astaíochtaí foriomlána dé-ocsaídecarbóin, d'ainneoin méadú ar éilimh oibríochtúla.
    Méadú faoi dheich ar úsáid Ola Glasraí Hidriginchóireáilte (HVO), bithbhreosla ísealcharbóin a ghníomhaíonn mar tháirge ionaid ar bhreoslaí iontaise chun soithí taighde mara na hÉireann a chumhachtú. Sa bhliain 2024, b'ionann an breosla ionaid in-athnuaite agus thart ar 20% den bhreosla a úsáideadh chun na soithí a oibriú, sé sin 500,000 lítear HVO.

Sa bhliain 2024, chaith soithí taighde an Fhorais 119 lá breise ar muir ná mar a chaith an bhliain roimhe sin. Ach, mar gheall ar ghlacadh HVO, níor tháinig ach méadú 0.7% ar astaíochtaí CO₂ iontaise. Leis an gcloch mhíle seo cuirtear i dtábhacht an tionchar claochlaitheach atá ag breoslaí níos glaine agus, i dteannta le dul chun cinn maidir le teicneolaíochtaí soithí, agus agus, b’fhéidir,leagtar léi an bonn chun sprioc laghdaithe carbóin 51% an Fhorais a bhaint amach.

Ag breathnú chun cinn, áirítear sa Treochlár:
    Suiteáil dhá chóras ghrianfhótavoltacha breise ag an gceanncheathrú in Órán Mór, a bhfuil coinne leis go ndéanfar suas le 26% den leictreachas iomlán a theastaíonn a ghiniúint leo.
    Uasghráduithe ar chórais HVAC, soilsiú LED, agus bonneagar eile atá Coigilteach ar Fhuinneamh
    Cur le hÚsáid Ola Glasraí Hidriginchóireáilte mar fhoinse breosla malartach atá níos glaine

Dúirt an Dr Rick Officer, POF Fhoras na Mara, “Tá an inbhuanaitheacht i gcroílár ár gcuid oibre ag Foras na Mara.” Is cuid dár misean é maidir le haigéin na hÉireann a chosaint agus tá sé leabaithe inár gcultúr agus inár n-oibríochtaí laethúla. Táimid thar a bheith bródúil as an dul chun cinn atá déanta againn le 12 mhí anuas i réimsí ríthábhachtacha na hinbhuanaitheachta agus an fhuinnimh. Tháinig a bhfuil bainte amach againn as iarrachtaí comhpháirteacha agus nuálaíocht chomhghleacaithe atá ag obair ar fud an Fhorais.” 

"Tá i bhfad níos mó ná tionscadal amháin i gceist leis" Baineann sé le hinbhuanaitheacht a leabú i ngach rud a dhéanaimid. Táimid i mbun ár lorg a laghdú trí ár soithí taighde a rith ar bhealach níos éifeachtaí, aistriú chuig breoslaí níos glaine, agus ár láithreáin a chumhachtú le fuinneamh gréine. “Rud atá díreach chomh tábhachtach céanna, baineann sé lenár ndaoine, agus cultúr a chruthú  ina bhfuil an fhoireann rannpháirteach agus bródúil as athrú a thiomáint,” a dúirt Toni Hollowell, Bainisteoir Áiseanna, Foras na Mara. 

Léiríter leis an Treochlár freisin an chaoi a bhfuil inbhuanaitheacht fite fuaite le héiteas an Fhorais:
    Tá creidiúnú My Green Lab bainte amach ag sé fhoireann, agus tá scoth-rátálacha Glasa agus Platanam bainte amach acu as cleachtais saotharlainne inbhuanaithe.
    I measc na dtionscnamh eile tá laghdú ar dhramhaíl bia, úsáid uisce a thomhas, luchtairí feithiclí leictreacha a shuiteáil, sreafaí oibre a dhigitiú, agus deireadh a chur le plaistighaon úsáide, fiú i suíomhanna saotharlainne.

Trí na hiarrachtaí seo, leanann Foras na Mara de dhea-shampla a thabhairt maidir le hinbhuanaitheacht mhuirí agus maidir le gníomhú ar son na haeráide agus tógann sé ar phríomhobair an Fhorais maidir le bia mara inbhuanaithe, an chaoi a ndéanaimidi ár spás aigéin a bhainistiú (pleanáil spásúil mhuirí), an chaoi a gcosnaímid bithéagslacht mhuirí (limistéir mhuirí faoi chosaint), fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta (dícharbónú córas fuinnimh), agus an chaoi a mbíonn tionchar ag an aigéan ar an athrú aeráide.

Seo agaibh TREOCHLÁR UM GHNÍOMHÚ AR SON NA HAERÁIDE 2025

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sinéad Coyne, Cumarsáid r: sinead.coyne@marine.ie t: +353 (0)87 947 7090
Kathleen Sweeney, Cumarsái r: kathleen.sweeney@marine.ie | t: +353 (0)87 094 5754
An Oifig Cumarsáide, Foras na Mara r: communications@marine.ie | t: +353 (0)91 387 200

Foras na Mara
Is é Foras na Mara gníomhaireacht eolaíochta na hÉireann atá freagrach as tacú le forbairt inbhuanaithe limistéar agus acmhainní muirí na hÉireann. Déanann an Institiúid taighde feidhmeach agus soláthraíonn sí eolas, comhairle agus seirbhísí eolaíochta don rialtas, don tionscal agus do pháirtithe leasmhara agus d'úsáideoirí eile. www.marine.ie