Urraim tugtha don Dr Fiona Grant ó Fhoras na Mara agus Gradam Alumni Ollscoil na Gaillimhe bronnta uirthi
Bronnadh Gradam Alumni Ollscoil na Gaillimhe ar an Dr Fiona Grant, Ceann na gClár Idirnáisiúnta i bhForas na Mara, mar aitheantas ar a ceannaireacht den scoth agus an méid atá curtha leis an eolaíocht mhuirí aici.
Tá an ról ríthábhachtach ag saothar ghairm an Dr. Grant san eolaíocht mhuirí agus an ceannaireacht a thugann sí ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach araon ar an iarracht chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda a mbíonn tionchar acu ar an tsochaí, ar an phláinéid agus ar ár ngeilleagar gorm. Bhí ról ríthábhachtach aici i ndáil le múnlú clár taighde mara na hÉireann, go háirithe trína ról mar Phointe Teagmhála Náisiúnta agus mar Thoscaire Náisiúnta do Chnuasach 6 in Fís Eorpach agus mar ionadaí na hÉireann i Misean an AE chun ár nAigéan agus ár nUiscí a Athchóiriú faoi 2030. Lena toghchán mar Chathaoirleach ar Bhord Mara na hEorpa i mí Aibreáin 2024 leagtar béim bhreise ar thiomantas an Dr Grant chun comhoibriú idirnáisiúnta a chothú agus chun sármhaitheas agus tionchar i ndáil leis an taighde muirí in Éirinn a chur chun cinn ar an ardán domhanda.
Agus é ag gabháil comhghairdeas leis an Dr Grant, dúirt an Dr Rick Officer, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara "Is fianaise chumhachtach ar a dúthracht dhochloíte don eolaíocht mhuirí agus ar a ceannaireacht eisceachtúil é an t-aitheantas atá tugtha do Fiona ag Ollscoil na Gaillimhe. Ní hamháin gur chuir a cuid ranníocaíochtaí feabhas ar sheasamh na hÉireann i measc phobal taighde mara an domhain ach anuas air sin spreag siad glúin nua eolaithe freisin. Táimid thar a bheith bródúil as ról lárnach Fiona i múnlú straitéis taighde mara na hEorpa, agus i gcumasú rannpháirtíocht taighdeoirí mara na hÉireann i dtaighde comhoibríoch."
De réir Ollscoil na Gaillimhe: “Le Duaiseanna Alumni Ollscoil na Gaillimhe déantar ceiliúradh ar éachtaí céimithe agus an tionchar dearfach a bhíonn acu ar a bpobail—sa tír seo agus thar lear. Sna buaiteoirí i mbliana, ar bliain uaillmhianach í, ar buaiteoirí iad a roghnaíodh as líonra domhanda de bhreis is 133,000 alumni, léirítear neart agus tionchar phobal na hollscoile ar fud raon leathan réimsí.”
Déanann Foras na Mara comhghairdeas le Fiona as an onóir seo atá tuillte go maith aici agus tá súil againn go leanfaidh sí le ceannaireacht a thabhairt i ndáil le beartas eolaíochta agus taighde muirí a chur chun cinn, agus le tionchar a bheith aici air sin freisin.
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sinéad Coyne, r. sinead.coyne@marine.ie m. +353 (0)87 947 7090
Kathleen Sweeney, r. Kathleen.Sweeney@marine.ie m. +353 (0)87 094 5754
An Oifig Cumarsáide, Foras na Mara communications@marine.ie uimhir theileafóin +353 (0)91 387 200
Maidir le Foras na Mara
Is é Foras na Mara gníomhaireacht eolaíochta na hÉireann atá freagrach as tacú le forbairt inbhuanaithe limistéar agus acmhainní muirí ana hÉireann. Déanann an Foras taighde feidhmeach agus cuireann sí faisnéis eolaíoch, comhairle eolaíoch agus seirbhísí eolaíocha ar fáil don rialtas, don tionscal agus do gheallsealbhóirí agus d’úsáideoirí eile. www.marine.ie
