Cuirtear sonraí aigéin ríthábhachtacha ar fáil ag baoithe sonraí le linn Stoirm Éowyn

One of the data buoy's belonging to the Irish Marine Data Buoy Observation Network, managed by the Marine Institute in collaboration with Met Éireann.

Agus Stoirm Éowyn ag teacht níos gaire d’Éirinn Dé hAoine an 25ú Eanáir 2025, bhailigh Líonra Breathnóireachta Baoithe Sonraí Mara na hÉireann, atá á bhainistiú ag Foras na Mara i gcomhar le Met Éireann, sonraí faoi dhálaí aimsire aigéin. Deimhníonn na tomhais seo an láidreacht urghnách Stoirm Éowyn. Tá bailiú fadtéarmach sonraí aimsire aigéin ríthábhachtach d’fheidhmíocht samhlacha réamhaisnéise aimsire.

Le linn Stoirm Éowyn ag 9am, Dé hAoine an 25ú Eanáir 2025, thaifead baoi an M3 atá suite 30 muirmhíle (56 km) amach ó chósta Chorcaí tonnairde 20.15 méadar – beagnach fad cúirte leadóige (23.7 méadar). Taifeadadh tonnairde 18.75 méadar ag baoi an M4, atá 45 muirmhíle (83km) amach ó chósta Dhún na nGall. Cé nach tonnairde is mó riamh a bhí ag na suíomhanna seo, d’oibrigh na baoithe sonraí le linn dálaí stoirme nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. D’fhan na baoithe sonraí ann agus lean siad ag tuairisciú na bparaiméadar go léir tar éis críoch Storm Éowyn.

Tá baoithe sonraí M3 agus M4 mar chuid de Líonra Breathnóireachta Baoithe Sonraí Muirí na hÉireann, líonra de chúig bhaoi breathnóireachta atá lonnaithe sna farraigí timpeall na hÉireann. Bailíonn na baoithe sonraí sonraí aimsire agus aigéin lena n-áirítear luas agus treo na gaoithe, brú an atmaisféir, teocht dhromchla an aeir agus na farraige, agus staitisticí toinne. Tá an fhaisnéis seo ríthábhachtach chun réamhaisnéisí aimsire a fheabhsú, chomh maith le sonraí a chur ar fáil le haghaidh samhlacha oibríochtúla aigéin, feasacháin loingseoireachta, rabhaidh ghála agus bhorrtha, agus taighde eolaíoch lena n-áirítear athrú aeráide.

Rinne baoithe sonraí Fhoras na Mara taifeadadh ar luasanna suntasacha gaoithe amach ó chósta na Gaillimhe nuair a tháinig Stoirm Éowyn ar maidin Dé hAoine, an 25ú Eanáir 2025. Thaifead baoi sonraí Cheann an Mhása gaotha 114 km/u agus séideáin suas le 162 km/u. Thaifead an baoi sonraí ag Linn Leitheanaigh i gConamara luasanna gaoithe 100 km/u agus séideáin 150 km/u.  

Dúirt an Dr Rick Officer, POF Foras na Mara go bhfuil ról ríthábhachtach ag Líonra Breathnóireachta Baoithe Sonraí Muirí na hÉireann maidir le himeachtaí aimsire a thuar, go háirithe le linn stoirmeacha tromchúiseacha amhail Stoirm Éowyn.

“Cuirtear tomhais fíor-ama aigéin agus aimsire atá ríthábhachtach le haghaidh tuartha cruinne aimsire ar fáil ag baoithe sonraí, lena dtacaítear le hiarrachtaí éigeandála náisiúnta, agus lena n-áirithítear sábháilteacht an phobail. D’ainneoin na ndálaí adhaimsire a bhain le Stoirm Éowyn, sheas na baoithe sonraí an dianaimsir, d’fhan siad oibríochtúil, agus lean siad de shonraí ríthábhachtacha a sholáthar.

“Cinntíonn an comhoibriú leanúnach idir Foras na Mara agus Met Éireann go bhfuil Líonra Breathnóireachta Baoithe Sonraí Muirí na hÉireann fós ina acmhainn iontaofa agus ríthábhachtach do réamhaisnéis na haimsire agus do shábháilteacht mhuirí, chomh maith le tacaíocht chriticiúil do thaighde eolaíoch,” a dúirt an Dr Officer.

Tá Líonra Breathnóireachta Baoithe Sonraí Mara na hÉireann á mhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus á bhainistiú ag Foras na Mara i gcomhar le Met Éireann. Tá breathnóireachtaí sonraí fíor-ama le haghaidh Líonra Breathnóireachta Baoithe Sonraí Muirí na hÉireann ar fáil ag marine.ie/databuoy

CRÍOCH

Maidir le fiosruithe ó na meáin, déan teagmháil le:
Kathleen Sweeney, Bainisteoir Cumarsáide Fhoras na Mara Kathleen.Sweeney@marine.ie  353 (0)87 094 5754
Oifig Cumarsáide, Foras na Mara communications@marine.ie t. +353 (0)91 387 200
 
Nótaí don Eagarthóir:
 
Foras na Mara

Is é Foras na Mara gníomhaireacht stáit na hÉireann a bunaíodh faoin Acht um Fhoras na Mara 1991, chun taighde agus forbairt mhuirí a ghabháil de láimh, a chomhordú, a chur chun cinn agus chun cúnamh a thabhairt ina leith, agus chun seirbhísí rialtais a sholáthar a threoraíonn ceapadh beartas, rialáil agus bainistiú inbhuanaithe limistéar muirí agus acmhainní muirí na hÉireann. Cuireann an Institiúid tacaíocht ar fáil trí réimse seirbhísí eolaíochta, comhairleacha agus forbartha eacnamaíche.