Mórchomhdáil mhuirí á reáchtáil in Éirinn an tseachtain seo

  • Déanfaidh eolaithe muirí an eolaíocht is déanaí maidir le tacú le húsáid inbhuanaithe a bhaint as na haigéin. a chur i láthair agus a phlé
  • Táthar ag súil go bhfreastalóidh líon is mó ná 500 duine ina bpearsa ar an gcomhdháil de bharr go mbeidh an mhórchomhdháil mhuirí seo ar siúl beo san Aviva i mBaile Átha Cliath tar éis dhá bhliain inarb imeacht fíorúil amháin a bhí ann
  • D’eagraigh Foras na Mara an chomhdháil i gcomhar leis an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), Cóbanhávan

Alan Haynie, General Secretary of ICES, Ciaran Kelly, Director of Fisheries, Marine Institute, Bill Karp, President of ICES and Paul Connolly CEO of Marine Institute at the ICES. Picture Jason ClarkeDé Luain an 19 Meán Fomhair 2022: Tá lúcháir ar Fhoras na Mara fáilte a chur roimh an ‘gComhdháil Eolaíochta Bhliantúil’ (ASC) de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) go hÉirinn. Tá tús á chur le ASC ICES inniu san Aviva i mBaile Átha Cliath agus beidh sé ar siúl ón 19 go dtí an 22 Meán Fómhair.

Cuireadh an ASC ar ceal in 2000 agus bhí sé iomlán fíorúil in 2021.  Is comhdháil hibrideach a bheidh in imeacht na bliana seo i mBaile Átha Cliath agus tá deis ag líonra ICES teacht le chéile go pearsanta den chéad uair ó 2019 i leith. Tá coinne ag na heagraithe go mbeidh suas le 500 duine i láthair go pearsanta agus go mbeidh 200 duine eile páirteach go fíorúil. Tá tábhacht leis an lá seo ar an bhféilire muirí, lá ar a gcuirtear deiseanna ar fáil d’eolaithe muirí ó gach cearn den domhan bualadh le chéile agus an eolaíocht is déanaí maidir le tacú le húsáid inbhuanaithe ár n-aigéan a chur i láthair agus a phlé.

Is mó de réir a chéile an bhéim atáthar a leagan ar thábhacht ár n-aigéan ó thaobh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil agus eacnamaíocha ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta araon, agus maidir le cúrsaí mara is cloch mhíle thábhachtach d’Éirinn í an chomhdháil ICES. Cuireann Foras na Mara raon leathan eolaithe muirí tiomnaithe ar fáil, eolaithe muirí a chuireann go mór le ceannaireacht, le hobair chomhairleach, eolaíoch ICES agus leis an obair a dhéanann ICES maidir le sonraí. Díreoidh cainteoirí na comhdhála aird ar an aigéan, ar ár gcumas méadaithe san eolaíocht mhuirí agus ar an obair a dhéanaimid chun eolaíocht, sonraí agus comhairle stóinsithe a chur ar fáil ar mhaithe le húsáid inbhuanaithe a bhaint as ár n-aigéan go háirithe.

Tabharfar aghaidh sa chomhdháil ar go leor saincheisteanna éagsúla agus tráthúla san eolaíocht mhuirí, lena n-áirítear bainistiú spásúil ar ár n-aigéan, an t-athrú aeráide, an bhithéagsúlacht, imeachtaí foircneacha, eolas iascairí a chomhtháthú i mbainistíocht muirí, dobharshaothrú inbhuanaithe i ndomhan atá ag athrú, fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta agus rannpháirtíocht na sochaí i bhfíseanna dár dtodhchaí. 

Faigheann ASC ICES 2022 tacaíocht trí chistiú ó Rialtas na hÉireann agus ón Aontas Eorpach mar chuid de Chlár Oibríochtúil an Chiste Eorpaigh Mhuirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) le haghaidh 2021-2027. Beidh Éire i gceannas ar an bpríomhsheisiún tosaigh inniu agus is é Ceann na Seirbhísí Aigéaneolaíochta agus Aeráide ag Foras na Mara an Dr Glenn Nolan a stiúrfaidh an painéal. Sa seisiún déanfar scrúdú ar thionchar an athraithe aeráide ar uiscí an Atlantaigh Thuaidh agus na hÉireann agus tabharfar léargas ó cheathrar eolaithe mara Éireannacha — an tOllamh Dave Reid, Foras na Mara; Eimear Manning, Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann; An Dr Grace Cott, UCD agus an Dr Gerard McCarthy Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.  Athruithe teochta san Atlantach, an t-athrú ar dháileadh na stoc éisc, tionchair ar ghnáthóga cósta ina stóráiltear carbóin, agus pobail chósta agus a slite beatha, is ar na nithe sin is mó a dhíreofar sa seisiún. 

Is éard a dúirt an Dr Paul Connolly, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara, ag labhairt dó ag an gcomhdháil: ‘Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh phobal ICES go hÉirinn le haghaidh comhdháil a bhfuil cuma spéisiúil thráthúil uirthi. Is iomaí dúshlán atá romhainn agus beidh orainn cinntí a dhéanamh faoin aigéan, cinntí a mbeidh tionchar acu ar an gcomhshaol, ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí.  Tá na sonraí, an eolaíocht agus an chomhairle is fearr de dhíth orainn chun bonn eolais a chur faoi na cinntí sin. Idir mhic léinn agus eolaithe luathghairme, eolaithe sinsearacha agus cheannairí institiúidí taighde, lucht acadúil agus eagraíochtaí eolaíochta eile, tá deiseanna ar fáil sa chomhdháil do gach duine líonrú a dhéanamh. Cuirfidh eolaithe a gcuid oibre i láthair agus cuirfidh siad leis an tuiscint atá againn ar an gcaoi inar féidir linn acmhainneacht iomlán na n-aigéan a chosaint agus leas a bhaint astu.’

Tá eolaithe na hÉireann ag cur go mór le clár oibre na comhdhála, a n-eolaíochtaí mara thar go leor réimsí éagsúla á gcur os comhair an phobail acu. 

  • Fuarthas tuairim is 500 achoimriú nó póstaer ó 20 balltír ICES.
  • Fuarthas 44 achoimriú inarbh eolaí Éireannach an príomhúdar — is é sin 8.6 % den iomlán
  • Is ó Fhoras na Mara a tháinig 20 ceann de na hachoimrithe seo. Tugtar an uimhir os cionn 30 ach comhúdair a chur san áireamh.
  • Nuair a chuirtear achoimrithe na hÉireann  gcomparáid le hachoimrithe tíortha eile — tá Éire sa tríú háit i ndiaidh na Stát Aontaithe agus na Ríochta Aontaithe. Léiriú mór ar an sármhaitheas inár n-eolaíocht.

Chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi obair spreagúil Fhoras na Mara agus a gcomhdhálacha ICES, déantar sinn a leanúint ar Twitter @MarineInst Facebook @MarineInstitute agus Instagram @MarineInstituteIreland. Is féidir an chomhdháil a leanúint thar na trí lá ar Twitter trí úsáid a bhaint as #ICESASC22.

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun agallamh a eagrú le hurlabhraí de chuid Fhoras na Mara, déantar teagmháil le:

Johnny Fallon, Carr Communications, 085 889 5103/  johnny@carrcommunications.ie

Nótaí le haghaidh an Eagarthóra:

 
Maidir le Foras na Mara

Is é Foras na Mara an ghníomhaireacht Stáit atá freagrach as taighde mara, forbairt teicneolaíochta agus an nuálaíocht in Éirinn. Cuirimid comhairle eolaíoch agus theicniúil ar fáil don Rialtas chun bonn eolais a chur faoi bheartas agus chun tacú le forbairt inbhuanaithe acmhainn mhuirí na hÉireann.

Maidir le ICES agus Comhdháil ICES

Is minic a thugtar ICES ar an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara agus is eagraíocht idir-rialtasach eolaíochta muirí í. Is é is aidhm dóibh tuiscint eolaíoch ar éiceachórais mhuirí agus ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a chur chun cinn agus a roinnt. Úsáideann siad an t-eolas seo chun comhairle úrscothach a chruthú chun spriocanna caomhnaithe, bainistíochta agus inbhuanaitheachta a chomhlíonadh. Áirítear air sin líonra de bheagnach 6,000 eolaí ó líon is mó ná 700 institiúid mhuirí ó 20 balltír agus ó áiteanna is faide i gcéin.

Cruinniú tábhachtach do phobal ICES is ea an Chomhdháil Bhliantúil Eolaíochta. Cuirtear deiseanna ar fáil ann d’eolaithe mara an eolaíocht is déanaí a chur i láthair agus a phlé, smaointe nua a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí a bhunú. Idir mhic léinn agus eolaithe luathghairme, eolaithe sinsearacha agus cheannairí institiúidí taighde, lucht acadúil agus eagraíochtaí eolaíochta eile, tá deiseanna ar fáil sa chomhdháil freisin do gach duine líonrú a dhéanamh agus a chuid oibre a chur os comhair an phobail.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhdháil agus faoi chlár iomlán na comhdhála, tugtar cuairt ar: https://www.ices.dk/events/asc/ASC2022/Pages/default.aspx

Painéal Tosaigh Eochairchainteoirí na hÉireann:

Cathaoirleach: An Dr. Glenn Nolan, Ceann na Seirbhísí Aigéaneolaíochta agus Aeráide, Foras na Mara

Tá Glenn i gceannas ar sheirbhísí aigéaneolaíochta agus aeráide faoi láthair ag Foras na Mara i nGaillimh. Bhí sé ina Stiúrthóir ar an gcomhpháirt Eorpach den Chóras Domhanda um Fhaire na nAigéan (EuroGOOS) sa Bhruiséil roimhe seo. Tá taithí leathan aige ar chláir náisiúnta agus ar chlár a fuair maoiniú ón Eoraip (Interreg, Creat 7 agus Fís 2020) agus ar chumas agus mhaoiniú breathnóireachta agus réamhaisnéise aigéin na hÉireann a fhorbair le haghaidh taighde mara agus forbairt mhara thar 25 bliana.

BAILL AN PHAINÉIL:

An Dr Gerard McCarthy, Aigéaneolaí, Aonad um Thaighde agus Anailís Aeráide na hÉireann, Ollscoil Mhá Nuad 

Is aigéaneolaí é Gerard atá ag obair in ICARUS (Aonad um Thaighde agus Anailís Aeráide na hÉireann) i Roinn na Tíreolaíochta in Ollscoil Mhá Nuad, áit a bhfuil sé i gceannas ar fhoireann de sheachtar aigéaneolaithe agus eolaithe aeráide. Is iad sna spéiseanna taighde atá aige an Aigéaneolaíocht Fhisiciúil, agus déanann sé speisialú i gCiorclú Iompaitheach an Atlantaigh Theas (AMOC), agus suim ar leith aige in éabhlóid AMOC san20ú haois. Ó thosaigh sé ag obair i Maigh Nuad i ndeireadh na bliana 2017, tá sé ag obair ar an athrú ar leibhéal na farraige in Éirinn ó lár an 19ú haois rianú.  
Tá sé i gceannas ar thionscadal A4 atá maoinithe ag Foras na Mara agus tá sé ina chomh-imscrúdaitheoir ar EirOOS-córas na hÉireann um fhaire na n-aigéan. Tá sé i gceannas ar phacáiste oibre faoi láthair faoi thionscadal JPI Aigéin agus Aeráid, ROADMAP. Bhí baint aige le roinnt tionscadal a fuair maoiniú ón gCoimisiún Eorpach, lena n-áirítear Thor, NACLIM, agus Blue-Action.  D’oibrigh Gerard roimhe seo san Ionad Náisiúnta Aigéaneolaíochta in Southampton na Ríocht Aontaithe, áit a raibh sé ag obair le foireann RAPID a rinne Ciorclú Iompaitheach an Atlantaigh Theas a thomhas.

 

An Dr Grace Cott, Ollamh Cúnta le Bitheolaíocht Plandaí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is Ollamh Cúnta le Bitheolaíocht Plandaí é Grace i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ceannaire ar shaotharlann taighde an Charbóin Ghoirm, agus ar alumna Marie Curie. Tá taighde an Dr Cott dírithe ar stoic charbóin agus rátaí ceaptha carbóin agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghnáthóga muirí goirt agus ó shnáithíní giolcach cósta a chainníochtú agus measúnú a dhéanamh ar fhreagairtí plandaí agus gnáthóg ar an athrú aeráide. In 2014, thug an Dr Cott faoina Comhaltacht Iardhochtúireachta Marie Curie ag Ionad Taighde Comhshaoil Smithsonian in Maryland Stáit Aontaithe Mheiriceá agus í ag obair ag Bogach an Taighde um Athrú Domhanda. In 2020, fuair an Dr Cott Deontas Imscrúdaitheora Tosaithe Fhondúireacht Eolaíochta Éireann chun taighde ar an gcarbóin ghoirm a sheoladh in Éirinn. Ar an iomlán, tá €2.9 milliún i gcistí taighde faighte aici go dtí seo. Tá an Dr Cott ina ball den Líonra Comhordaithe um Thaighde Carbóin Cósta agus tá sí ina príomh-PI ar thionscadal atá maoinithe ag Foras na Mara agus atá dírithe ar chumas carbóin ghoirm na hÉireann a fhiosrú ar fud na ngnáthóg réisc ghoirt, na ngnáthóg féir mara, na ngnáthóg is gaire don chladach.

Eimear Manning, Oifigeach Ceartais Aeráide & Forbartha Óige ag Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann

Tá Máistreacht Eolaíochta san inbhuanaitheacht comhshaoil ag Eimear, áit ar dhírigh sí ar thimpeallachtaí mara agus fionnuisce. Ar bhonn na hoibre for-rochtana a rinne sí go seasta ar an oideachas muirí agus ar an tuiscint ar an aigéan, ceapadh í mar Ambasadóir Óige Uile-Atlantaigh thar cheann na hÉireann idir 2019-2020, agus tá sí fós mar Mheantóir Óige Uile-Atlantaigh. Le linn a cuid idirghníomhaíochtaí le réimse éagsúil pobal le linn a post ambasadóra, fuair Eimear tuiscint ar an ngá atá le Ceartas Aeráide, do na pobail is mó a mbeidh tionchar diúltach ag éifeachtaí an athraithe aeráide orthu go háirithe. Dhírigh Eimear a fócas gairme ó phobail mhuirí agus chósta go háirithe chuig na pobail imeallaithe uile a bhfuil an tAistriú Cóir tuillte acu. Tá Eimear anois ag obair mar Oifigeach Ceartais Aeráide & Forbartha Óige ag Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann I dteannta a cuid tionscnamh maidir leis an gceartas aeráide, cuireann sí chun cinn an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na hóige agus le cur chuige faoi stiúir na hóige, go háirithe maidir le beartas a imríonn tionchar díreach ar ghlúine daoine óga atá anois ann agus a bheidh ann amach anseo. Leanann Eimear lena ceardlanna agus lena seimineáir ar oideachas comhshaoil trína cuideachta féin, TurnTides.org.

An tOllamh David G. Reid, Príomh-Imscrúdaitheoir ar Bhainistíocht Iascaigh atá bunaithe ar Éiceachóras, Foras na Mara

Tá an tOllamh Reid ag obair le 32 bliain i mbainistiú iascaigh ar inbhuanaitheacht, ar acmhainn agus iarracht iascaigh, ar chomhoibriú sa tionscal, chomh maith le Measúnú Comhtháite Éiceachórais (IEA) agus Anailís Riosca Éiceolaíoch (ERA). Chuir Dave tús lena ghairm san iascach in Marine Lab Aberdeen [Saotharlann Mhuirí Obar Dheathain] (Marine Scotland [Albain Mhuirí] anois), agus tháinig sé go hÉirinn in 2009 chun an tionscadal Cur Chuige Éiceachórais Beaufort maidir le Bainistíocht Iascaigh a stiúradh ag an MI. Tá baint láidir aige le ICES, lena n-áirítear cathaoirleacht a dhéanamh ar an nGrúpa Stiúrtha Eolaíochta maidir le IEA agus ar go leor grúpaí saineolaithe ICES. Bhí baint aige le breis agus 20 tionscadal a fuair maoiniú ón Aontas, mar chomhordaitheoir eolaíoch in dhá cheann díobh sin. Tá os cionn 120 foilseachán piarmheasta déanta aige. Is Ollamh Taca é i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, Éire.

Description: C:\Users\swhite1\AppData\Local\Microsoft\Windows\INetCache\Content.Outlook\G8SHLBG0\Bilingual Logo Blue Text (002).jpg Description: C:\Users\swhite1\AppData\Local\Microsoft\Windows\INetCache\Content.Outlook\G8SHLBG0\Rialtas_MARK_MASTER_Std_Colour (002).png