Ó Linn Leitheanaigh go Londain: Cuireann Foras na Mara nuáil maidir le dobharshaothrú inbhuanaithe ar taispeáint.
Conas is féidir linn níos mó bia a tháirgeadh agus ár dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú ag an am céanna? Seans go bhfuil cuid den fhreagra ag Éirinn, agus tá sí ag triall ar cheann de na hionaid eolaíochta is mó cáil ar domhan.
An samhradh seo, cuirfidh Foras na Mara a chuid oibre ar thús cadhnaíochta maidir le dobharshaothrú inbhuanaithe i láthair ag an taispeántas nua 'Future of Food' a bheidh ar siúl i Músaem na hEolaíochta, Londain. Beidh an taispeántas saor in aisce seo ar siúl ón 24 Iúil 2025 go dtí an 4 Eanáir 2026, agus déanfar scrúdú ann ar an gcaoi a bhféadfadh nuálaíochtaí eolaíocha maidir le táirgeadh bia cuidiú le dul i ngleic leis an dhá dhúshlán maidir le hathrú aeráide agus cailliúint bithéagsúlachta agus daonra domhanda atá ag fás a bheathú ag an am céanna.
“Tá áthas orainn go mbeidh eolaíocht mhuirí na hÉireann i lár an aonaigh ag Músaem na hEolaíochta i Londain, ionad oideachais agus rannpháirtíochta eolaíochta a bhfuil cáil air ar fud an domhain, ar a mbíonn na milliúin cuairteoir ag tarraing gach bliain ,” a dúirt an Dr Rick Officer, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara. “Léiríonn ár rannpháirtíocht sa chomhrá domhanda seo ceannaireacht na hÉireann maidir le heolaíocht aigéin agus ár dtiomantas réitigh inbhuanaithe a aimsiú do dhúshláin chomhroinnte.”
Tá ról ríthábhachtach ag dobharshaothrú, eadhon feirmeoireacht éisc, sliogéisc agus feamainne, cheana féin maidir le slándáil bia dhomhanda. Tacaítear leis le geilleagair áitiúla, laghdaítear an brú ar stoic iasc fiáin, agus cuirtear bealaí níos aeráid-díonaí ar fáil chun próitéiní ardchaighdeáin a tháirgeadh. Tá eolaithe i mbun fiosraithe ar bhealaí chun dobharshaothrú a dhéanamh níos inbhuanaithe fós trí thaighde a dhéanamh ar chórais níos cliste, níos comhtháite chun teacht leis an dúlra.
Le cur chuige amháin den sórt sin, ar a dtugtar Dobharshaothrú Iltrófach Comhtháite (IMTA), déantar aithris ar an ngréasán bia sa nádúr trí speicis iolracha ó leibhéil éagsúla den slabhra bia a shaothrú le chéile. Ag láithreán taighde Linn de chuid Fhoras na Mara ag Leitheanach i mBá an Bheartraigh Bhuí, Gaillimh, tá eolaithe i mbun tástála ar an gcaoi chun bradán agus cnapáin orgánacha a fhás in éineacht le gliomaigh, oisrí, sliogáin, gráin mhara, agus speicis cheilpe.
Sa tsamhail seo, tiontaítear salachar éisc ina gcothaithigh d'fheamainn agus do shliogéisc scagbheathaithe, agus itheann gliomaigh ábhar orgánach atá fanta. Leis an gcóras ciorclach laghdaítear an tionchar ar an gomhshaoil, déantar cothaithigh a athchúrsáil, agus déantar bianna cothaitheacha in aon áit amháin, agus tiontaítear salachar ina acmhainn.
“Tá sé ríthábhachtach ár gcórais bia a dhéanamh níos ciorclaí chun spriocanna aeráide a bhaint amach, an dúlra a athbhunú, agus aistí bia níos sláintiúla a chinntiú do na glúnta atá le teacht ,” a dúirt Pauline O’Donohoe, Taighdeoir Sinsearach ag Foras na Mara. “Táimidbródúil as réitigh eolaíochta-bhunaithe ó Éirinn a chur leis an gcomhrá domhanda maidir le táirgeadh bia inbhuanaithe.”
Cé go bhfuil IMTA ag céim píolótach agus taighde san Eoraip faoi láthair, is cuid den tionscadal ASTRAL atá maoinithe ag an AE, agus atá tacaithe ag clár Horizon 2020, láithreán Linn Leitheanaigh.Tríd an tsamhail nuálach seo a thaispeáint ag Músaem Eolaíochta Londain, tá sé mar aidhm ag Foras na Mara glacadh níos leithne leis an réiteach dobharshaothraithe seo atá spreagtha ag an dúlra a chur chun cinn agus aird a tharraingt ar thábhacht na taighde eolaíochta i ndearadh córas bia níos athléimní agus níos inbhuanaithe.
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sinéad Coyne, r. sinead.coyne@marine.ie m. +353 (0)87 947 7090
Kathleen Sweeney, r. Kathleen.Sweeney@marine.ie m. +353 (0)87 094 5754
An Oifig Cumarsáide, Foras na Mara communications@marine.ie uimhir theileafóin +353 (0)91 387 200
Maidir le Foras na Mara:
Is é Foras na Mara gníomhaireacht eolaíochta na hÉireann atá freagrach as tacú le forbairt inbhuanaithe limistéar agus acmhainní muirí ana hÉireann. Déanann an Foras taighde feidhmeach agus cuireann sí faisnéis eolaíoch, comhairle eolaíoch agus seirbhísí eolaíocha ar fáil don rialtas, don tionscal agus do gheallsealbhóirí agus d’úsáideoirí eile. www.marine.ie
