Ceiliúrann Foras na Mara Nuálaíocht agus Barr Feabhais ag Lá Tíolactha Sparánachta 2025

Marine Institute Bursary Programme students showcased their work at the annual Bursar Presentation Day, on July 22nd at the Marine Institute’s Galway headquarters.

Chuir cohórt 2025 de mhic léinn Chlár Sparánachta Fhoras na Mara a gcuid oibre ar taispeáint ag an Lá bliantúil um Chur i Láthair Sparánachta an 22 Iúil ag ceanncheathrú Fhoras na Mara i nGaillimh. 

Bhain na Sparánaithe úsáid as póstaeir agus as cur i láthair splancscéil chun a ngníomhaíocht i rith an tsamhraidh, agus tionchar agus tábhacht a gcuid éachtaí, a mhíniú. Rinne an Dr Rick Officer, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara, in éineacht le Pat Costello, Anailísí Sinsearach Saotharlainne agus Sheena Fennell, Teicneoir Sinsearach Seirbhísí Mara Amach ón gCósta ag P&O Maritime Logistics, measúnú ar an obair a cuireadh i láthair agus bhronn siad duaiseanna ar na cur i láthair agus na póstaeir is fearr. 

Bronnadh duaiseanna ar ochtar mac léinn sparánachta as a gcuid oibre den scoth ar a gcuid cur i láthair agus póstaeir:

  • Aisling English agus Sean McDermott (Sampláil & Sonraí Iascaigh) – An -chur i Láthair Roinnte is Fearr.

  • Brennan Harkin (Tuairisciú & Cumarsáid Sonraí Pleanála Spásúlachta Muirí) – An Cur i Láthair is Fearr. 

  • Paige Kenny (Monatóireacht Éiceolaíoch i mBuirríos Uí Mhuill) – An Cur i Láthair is Fearr. 

  • Katherine Hesse (Feabhsú na Ceimice Glasa sa Chlár Náisiúnta Bithmhonatóireachta) – An Póstaer is Fearr. 

  • Kate Regan (Geilleagar Aigéin na hÉireann) – An Póstaer is Fearr. 

  • Michelle O’Connor (Geilleagar Aigéin na hÉireann) – An Póstaer is Fearr. 

  • Dylan McGovern (Tógáil Éisc) – An Póstaer is Fearr. 

Labhair buaiteoir an Ghradam don Chur i Láthair is Fearr, Brennan Harkin, faoina chuid ama ag lá na gcur i láthair: “Bhí sé iontach an slua mór sin a fheiceáil i láthair agus an tacaíocht go léir a fháil ón bhfoireann Pleanála Spásúlachta Muirí anseo in Órán Mór agus ó gach duine eile san oifig. Thug an tuiscint go raibh suim dáiríre ag na daoine a bhí ag faire orm sa mhéid a bhí le rá agam agus go raibh siad sásta éisteacht liom spreagadh mór dom i mo chuid oibre. Ní hamháin gur chuir an taithí le mo mhuinín ach thug sí cuimhne iontach dom a mhairfidh liom ar feadh i bhfad.”

Labhair Kate Regan, buaiteoir an phóstaeir is fearr, faoina taithí ag lá na gcur i láthair, ag rá “Ba thaithí luachmhar í mo chuid oibre go dtí seo a chur i láthair os comhair na foirne agus mo chomh-bhuránaithe ag Foras na Mara, agus ceann a sheasfaidh go mór liom i mo ghairm bheatha amach anseo.” Ba bhealach iontach é an lá cur i láthair chun achoimre a dhéanamh ar an obair a dhéantar san eagraíocht seo agus í a roinnt, agus bhain mé an-taitneamh as níos mó a fhoghlaim faoi na ranna éagsúla lasmuigh de mo ranna féin. 

Mhol an Dr Rick Officer, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara, na sparánaithe uile as a gcuid oibre agus a gcuid scileanna cur i láthair: “Léiríonn an obair den scoth a rinne na Sparánaithe todhchaí gheal d’Fhoras na Mara agus an saineolas eolaíoch agus teicniúil ar a bhfuilimid ag brath.” A bhuíochas dá gcuid ama ag Foras na Mara, bhí na Sparánaithe in ann cur leis an eolas agus an taithí atá faighte acu mar mhic léinn fochéime, agus a gcuid scileanna a chur i bhfeidhm i gcásanna fíorshaoil.”

Mhol Sheena Fennell ó P&O Maritime Services obair na Sparánaithe freisin, ag rá, “Ba mhór an pléisiúr dom cur leis an bpainéal moltóireachta le linn Lá Seimineár Sparánachtaí Fhoras na Mara 2025. Léirigh an lá seimineáir na deiseanna luachmhara a chuireann an clár seo ar fáil do mhic léinn rathúla. Léirigh na Sparánaithe go léir leibhéal eisceachtúil eolais agus tuisceana ar a gcuid tionscadal, agus guím rath leanúnach orthu ar a n-aistear gairme.”

Cuireann Clár Sparánachta Fhoras na Mara ar chumas mac léinn fochéime a líonraí a fhorbairt agus taithí phraiticiúil a fháil. Tugann réimse éagsúil Sparánachtaí deis do mhic léinn rath a bhaint amach i réimsí cosúil le ceimic chomhshaoil, cumarsáid, airgeadas, agus suirbhéireacht uisceach, chun cúpla ceann a ainmniú. 

Osclófar an próiseas iarratais go luath in 2026 do Chlár Sparánachta Fhoras na Mara na bliana seo chugainn. Má tá ceist agat maidir leis an gClár Sparánachta, déan teagmháil le bursarapplications@marine.ie

CRÍOCH

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

Kathleen Sweeney, r. Kathleen.Sweeney@marine.ie m. +353 (0)87 094 5754

Sinéad Coyne, r. sinead.coyne@marine.ie m. +353 (0)87 947 7090

An Oifig Cumarsáide, Foras na Mara communications@marine.ie uimhir theileafóin +353 (0)91 387 200

Faoi Fora na Mara:

Is é Foras na Mara gníomhaireacht eolaíochta na hÉireann atá freagrach as tacú le forbairt inbhuanaithe limistéar agus acmhainní muirí ana hÉireann. Déanann an Foras taighde feidhmeach agus cuireann sí faisnéis eolaíoch, comhairle eolaíoch agus seirbhísí eolaíocha ar fáil don rialtas, don tionscal agus do gheallsealbhóirí agus d’úsáideoirí eile. www.marine.ie