Cuireann Foras na Mara ‘A Night To Sea’ i láthair d’Oíche Chultúir 2025
Chun Oíche Chultúir 2025 a cheiliúradh, cuirfidh Foras na Mara ‘A Night To Sea’ i láthair, oíche d’eispéiris chultúrtha ar théama na mara ag ceanncheathrú Fhoras na Mara in Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Dé hAoine, an 19 Meán Fómhair 2025, ó 6.30pm go 9.30pm, is féidir le cuairteoirí taitneamh a bhaint as taipéis ceoil, amhránaíochta, focal labhartha, amharcealaíon agus ceardaíochta, iad uile spreagtha ag an aigéan, saol an chósta, agus na pobail atá múnlaithe ag ár n-oidhreacht mhuirí.
"Tá lúchair ar Fhoras na Mara ‘A Night To Sea’ a chur i láthair d'Oíche Chultúir 2025, a léiríonn ní hamháin buanna cruthaitheacha ár mball foirne, ach a thugann ealaíontóirí, ceoltóirí agus grúpaí pobail áitiúla agus náisiúnta le chéile freisin," a dúirt an Dr Rick Officer, POF Fhoras na Mara. “Déanfaidh an t-imeacht speisialta seo ceiliúradh ar an nasc comhroinnte atá againn leis an aigéan, agus léireoidh sé an inspioráid, an oidhreacht agus an t-iontas a thugann an fharraige dár saol."
I measc bhuaicphointí an chláir tá léiriú ó Marine Singers Choir, grúpa d'fhoireann Fhoras na Mara agus cairde atá ag feidhmiú le chéile le breis agus 12 bhliain faoi stiúir Carmel Dooley faoi láthair.
Beidh The Achill Island Basking Shark Fishermen i látháir freisin, tionscadal uathúil ceoil agus ilmheán faoi stiúir The Achill Sound a chaomhnaíonn stair bhéil agus oidhreacht chultúrtha thionscal iascaireachta siorcanna an 20ú haois in Acaill. Comhcheanglaíonn an taibhiú seo taifeadtaí, píosaí scannáin cartlainne, agus buníomhánna le ceol traidisiúnta agus nuachumtha na hÉireann.
Cuirfidh caint le Noël Wilkins, ollamh emeritus na géineolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe, an stair ar iascach oisrí Bhá na Gaillimhe i láthair, agus cuntais ar fhiontair mhuirí atá beartaithe do Ghaillimh i bhfad roimh theacht Fhoras na Mara.
Taispeánfar muirdhreacha agus tírdhreacha iontacha i dtaispeántais ghrianghrafadóireachta ó fhoireann Fhoras na Mara Mick Mackey agus Felix Sproll, in éineacht le taispeántas ó Chlub Grianghrafadóireachta Solas atá lonnaithe in Órán Mór ina mbeidh radhairc ó Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Beidh taispeántais amharc-ealaíne ó fhoireann Fhoras na Mara Aoife O’Sullivan, an t-ealaíontóir Gerry Fogarty atá lonnaithe i nGaillimh, agus Tom Coleman (Ealaín an Atlantaigh Fhiáin) a úsáideann fíoréisc chun a phriontaí den saol muirí a chruthú.
Is féidir le cuairteoirí taitneamh a bhaint freisin as ealaíona agus ceardaíocht atá spreagtha ag an aigéan ó Chlub Ceardaíochta Fhoras na Mara agus ó Chlár Oideachais Taiscéalaithe na hInstitiúide, agus as taispeántais snaidhmthe ag Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe. Beidh foireann Fhoras na Mara ar an láthair ag plé ról ríthábhachtach Fhoras na Mara maidir lenár n-aigéan a chosaint agus a chur chun cinn.
Tionólfar ’Night To Sea’ ag Foras na Mara in Órán Mór, Co. na Gaillimhe (H91 R673) ó 6.30pm go 9.30pm Dé hAoine, an 19 Meán Fómhair 2025. Tá an t-imeacht seo saor in aisce agus oscailte do lucht féachana de gach aois. Is féidir tuilleadh sonraí faoi imeachtaí a fháil ar shuíomh gréasáin Fhoras na Mara ag www.marine.ie
Tugann an Chomhairle Ealaíon Oíche Chultúir chugat i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae na Gaillimhe.
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Kathleen Sweeney ríomhphost : kathleen.sweeney@marine.ie | uimhir fóin póca: +353 (0)87 094 5754
Sinéad Coyne ríomhphost: sinead.coyne@marine.ie | uimhir fóin póca: +353 (0)87 947 7090
Oifig Cumarsáide, Foras na Mara ríomhphost : communications@marine.ie | uimhir theileafóin: +353 (0)91 387 200
