Tá clárú oscailte anois do Chomhdháil Ocean Knowledge 2030
Ócáid Cheannródaíoch chun Clár Taighde Aigéin na hÉireann le haghaidh Todhchaí Inbhuanaithe a Mhúnlú
Tá áthas ar Fhoras na Mara a fhógairt go bhfuil an clárúchán oscailte anois do Chomhdháil Ocean Knowledge 2030, atá le bheith ar siúl 20ú Samhain – 21ú, 2024, san RDS, Baile Átha Cliath.
Ní mór freastal ar Ocean Knowledge 2030 d’aon duine a bhfuil spéis acu i múnlú aigéan na hÉireann amach anseo. Agus lucht déanta beartas mór le rá, eolaithe aigéin, lucht acadúil agus saineolaithe tionscail le bheith i láthair, tá geallúint go mbeidh an chomhdháil ina chloch mhíle i dtaighde agus i gcomhoibriú aigéin. Le fócas ar an gclár oibre taighde a shocrú do thodhchaí aigéin na hÉireann, seolfaidh an Chomhdháil an straitéis náisiúnta nua do thaighde, eolas agus nuálaíocht mara, ar a dtugtar Ocean Knowledge 2030.
Beidh clár dinimiciúil príomhaitheasc, painéil saineolaithe, agus plé idirghníomhach le lucht déanta beartas, ceannairí smaointe, saineolaithe eolaíochta, agus ionadaithe tionscail mar chuid den chomhdháil, dírithe ar thosaíochtaí straitéiseacha na hÉireann maidir le taighde mara a mhúnlú. I measc na bpríomhchainteoirí beidh an Dr John Bell Stiúrthóir ‘Healthy Planet’, an Coimisiún Eorpach, Caroline Bocquel, POF Bhord Iascaigh Mhara (BIM), an tOllamh Karen Wiltshire, Ollamh CRH le hEolaíocht Aeráide, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus an tOllamh Jan Mees, Ard-Stiúrthóir Fhoras na Mara i bhFlóndras. Tabharfaidh na cainteoirí seo, in éineacht le go leor cainteoirí eile, léargais dhomhain ar phríomhábhair ar nós tionchair aeráide aigéin, táirgeadh bia mara, fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, agus todhchaí gheilleagar aigéin na hÉireann. Leagfar béim faoi leith ar chumais náisiúnta a thógáil agus a chothabháil i réimsí éagsúla de thaighde feidhmeach aigéin, le fócas ar thionchar a sheachadadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha ríthábhachtacha agus ar fhorbairt ghnóthaí aigéin inbhuanaithe.
Ag labhairt roimh an imeacht, leag Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara, an Dr Rick Officer, béim ar thábhacht na Comhdhála: “Is imeacht ríthábhachtach í an Comhdháil Ocean Knowledge 2030 a mhúnlóidh cur chuige na hÉireann chun a cuid acmhainní aigéin a bhainistiú agus a chaomhnú agus spreagaimid gach duine a bhfuil baint acu le todhchaí mara na hÉireann a bheith linn. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin chomhshaoil agus eacnamaíocha atá ag dul i méid, tá sé ríthábhachtach ár dtuiscint ar an aigéan a chur chun cinn chun cinntí eolasacha a dhéanamh bunaithe ar shonraí agus ar fhianaise. Trí thaighde fócasaithe agus nuálaíocht, is féidir linn tacú le pobail cois cósta agus geilleagar gorm faoi bhláth a chinntiú do na glúnta atá le teacht.”
Le hoidhreacht shaibhir mhuirí na hÉireann agus tiomantas méadaitheach do bhainistiú inbhuanaithe aigéin, is ardán ríthábhachtach í Comhdháil Ocean Knowledge 2030 le haghaidh comhphlé agus gníomhaíochta. Dúirt an Dr Niall McDonough, Stiúrthóir um Nuálaíocht Beartais agus Seirbhísí Tacaíochta Taighde ag Foras na Mara: “Is cloch mhíle an chomhdháil seo agus seolfar an straitéis náisiúnta nua um thaighde mara, ar a dtugtar Ocean Knowledge 2030. Tá straitéis taighde dea-shainithe d'fhaisnéis aigéin ríthábhachtach do thodhchaí na hÉireann, agus ní mór í a mhúnlú trí chomhoibriú leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir. Trí oibriú le chéile – eolaithe, lucht déanta beartas, tionscal agus pobail – táimid ag leagan clár oibre taighde amach atá dírithe chun lánacmhainneacht ár n-aigéin a scaoileadh agus é a chosaint do na glúine atá le teacht”.
Cinntigh d’áit agus bí mar chuid den chomhrá ríthábhachtach seo ar thodhchaí aigéin na hÉireann!
Tá clárú oscailte anois ach tá áiteanna teoranta, mar sin moltar áit a chur in áirithe go luath. Le haghaidh tuilleadh sonraí agus le clárú, tabhair cuairt ar Ocean Knowledge 2030
CRÍOCH
Le haghaidh tuilleadh sonraí déan teagmháil le:
Sinéad Coyne, Foras na Mara sinead.coyne@marine.ieM +353 (0)87 947 7090
Sheila Byrnes, Foras na Mara sheila.byrnes@marine.ie M +353 (0)87 815 5271
Faoi Fora na Mara:
Is í Foras na Mara gníomhaireacht náisiúnta na hÉireann atá freagrach as taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht mara. Tá ról lárnach aige maidir le forbairt inbhuanaithe acmhainní muirí na hÉireann a chur chun cinn trí thaighde agus comhoibriú ceannródaíoch.
