Dhá Bhráthair (Siorcanna Aingeal) atá í i mBaol Criticiúil Clibeáilte agus ag Tarchur Sonraí i gCuan Thrá Lí

The male angel shark tagged by the Marine Institute with a Pop-up satellite archival tag (PSAT) in Tralee BayTá comhoibriú idir iascairí áitiúla, eolaithe pobail agus Fhoras na Mara ríthábhachtach in iarrachtaí caomhnaithe speiceas atá i mbaol mór 

I bhforbairt cheannródaíoch do chaomhnú muirí in Éirinn, tá clibeáil agus saoradh rathúil déanta ag eolaithe ó Fhoras na Mara i gCuan Thrá Lí, Co. Chiarraí, ar dhá Bhráthair (siorc aingeal neamhchoitianta -Squatina squatina). Is cloch mhíle shuntasach é an t-éacht seo mar gurb é seo an chéad (agus an dara) uair riamh a cuireadh clib leictreonach ar shiorcan aingeal in uiscí na hÉireann. Is céim ríthábhachtach chun tosaigh é seo maidir le caomhnú agus staidéar a dhéanamh ar cheann de na speicis siorcanna is mó i mbaol san Eoraip.

Tá an chlibeáil, a dhéanann Foras na Mara i gcomhar le hiascairí áitiúla, maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an AE mar chuid den Scéim Bithéagsúlachta. 

D’oibrigh an Dr Ross O’Neill, clibeálaí ceadúnaithe le Foras na Mara leis an iascaire áitiúil Michael Peter Hennessy ar bord an MFV Lady K le clibeáil rathúil a dhéanamh ar shiorc aingeal fireann agus baineann. Cuireann an chlibeáil rathúil go mór le hiarrachtaí leanúnacha atá dírithe ar thuiscint a fháil ar iompar, patrúin imirce agus roghanna gnáthóige an speicis seo a mbíonn sèdeacair theacht ar. Soláthróidh an gléas clibeála sonraí luachmhara do thaighdeoirí a bheidh mar bhonn eolais do straitéisí caomhantais amach anseo, agus é mar aidhm aige maireachtáil na siorcanna aingeal a chosaint in uiscí na hÉireann agus na hEorpa. 

Chuir an Dr Ross O’Neill suntas na héachta in iúl: “Is tráth suntasach é seo do chaomhnú muirí in Éirinn. Is speiceas fíor-annamh é an siorc aingeal, rud a fhágann go bhfuil an teagmháil seo le déanaí agus an chlibeáil rathúil seo ar dhá eiseamal i gCuan Thrá Lí níos tábhachtaí fós. Ligfidh an chlibeáil dúinn a gcuid gluaiseachtaí a rianú agus tuiscint níos fearr a fháil ar conas is féidir linn an speiceas seo a chosaint ó mheath breise. Is forbairt spreagúil í, ní hamháin do shaol muirí na hÉireann ach d’iarrachtaí caomhnaithe domhanda.”

Siorc aingeal 

Is speiceas leochaileach atá ag fás go mall, a mbíonn saol fada cua agus atá le fáil go stairiúil in uiscí ó thuaisceart na hAfraice go dtí an Iorua é siorc aingeal, ar a dtugtar an Bráthair nó an “Devil’s Banjo” freisin. Bhí gabhálacha den speiceas ag iascairí tráchtála agus caithimh aimsire coitianta i gceantar Chuan Thrá Lí go stairiúil. Tháinig laghdú suntasach, áfach, ar na huimhreacha tuairiscithe ó dheireadh na 1960idí agus is fíor-annamh a dtógtar iad sa lá atá inniu ann agus tá an speiceas liostaithe anois “i mBaol Criticiúil” ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN). 

Cuireann rathúlacht na hoibríochta clibeála i gCiarraí leis an líon méadaitheach taighde atá dírithe ar na hèisc ársa seo a chaomhnú. Tógann na radhairc seo ar bhreathnuithe eile a rinne Foras na Mara ar shiorc aingeal siar ó Chuan Mó agus an samhradh seo caite i gCuan na Gaillimhe istigh in aice le Ceanncheathrú Fhoras na Mara i Rinn Mhíl, ag deimhniú an tábhacht a bhaineann le cósta thiar na hÉireann mar dhídean ríthábhachtach don speiceas seo atá i mbaol.

 Cuan Thrá Lí 

Deimhníodh go bhfuil Cuan Thrá Lí ar cheann de na daingin deiridh don speiceas siorcanna aingeal in uiscí na hÉireann. Cuireann Cuan Thrá Lí gnáthóg ar fáil do roinnt siorcanna neamhchoitianta eile atá i mbaol agus dá ngaolta, lena n-áirítear an roc dústríochta,  roc an gha nimhe agus an scíota bán fíor-neamhchoitianta.  

Na Chéad Chéimeanna Eile

Scaoileadh na siorc aingeal clibáilte gar dá limistéar gabhála siar ó thuaidh ó leithinis na Machairí agus shnámh siad go láidir. Déanfaidh na clibeanna sonraí a logáil agus a tharchur don bhliain seo chugainn, agus ina dhiaidh sin scarfaidh siad go huathoibríoch ó na héisc. Tá súil ag taighdeoirí i bhForas na Mara go nochtfaidh na sonraí seo faisnéis ríthábhachtach faoi na gnáthóga is fearr leis an speiceas, faoi thráthanna imirce agus faoi iompar gluaiseachta agus go gceadóidh siad, dá bhrí sin, bearta caomhnaithe níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm. Táthar ag súil go ndéanfar tuilleadh eiseamail díobh a chlibeáil ar an gcaoi chéanna sna míonna amach romhainn le cúnamh ón tionscal iascaireachta áitiúil. 

Comhoibriú Pobail 

Tá comhoibriú idir iascairí áitiúla, eolaithe pobail agus Fhoras na Mara ríthábhachtach do rathúlacht na n-iarrachtaí caomhnaithe.  

Ag labhairt dó dúirt an Dr Rick Officer, POF Fhoras na Mara: “Tá an tionscadal clibeála indéanta trí chomhoibriú dlúth idir eolaithe, iascairí áitiúla, agus pobail chósta, a bhí lárnach i dtuairisciú a dhéanamh ar radharcanna agus ag soláthar cúnaimh le linn an phróisis chlibeála. Léiríonn ár gclibeáil rathúil ar na siorcanna aingeal seo an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht chomhoibríoch an phobail in iarrachtaí caomhnaithe mara”.

 Teicneolaíocht tacú le heolaíocht 

Rinneadh clibeáil na siorceanna aingeal mar chuid de thionscnamh níos leithne de chuid Fhoras na Mara chun monatóireacht agus caomhnú a dhéanamh ar dhaonra siorcanna agus roic in uiscí na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag an taighde seo, lena mbaineann clibeáil fhuaimiúil agus rianú roc na ga nimhe coitianta (Dasyatis pastinaca) agus roc dústríochta (Raja undulata) agus Clibeáil Cartlainne Satailíte Pop-up breise (PSAT) den sciota coiteann (Dipturus complex) sonraí a bhailiú maidir le himirce, gluaiseacht agus roghanna gnáthóg do na speicis leochaileacha agus i mbaol seo. Cuirfidh na sonraí seo le cruthú straitéisí caomhantais níos éifeachtaí, lena n-áirítear cosaint gnáthóg agus cleachtais iascaireachta inbhuanaithe, lena chinntiú go mairfidh siad in uiscí na hÉireann. Tá an tionscnamh mar chuid de thionscadal níos mó chun teorainn a chur le hidirghníomhaíochtaí idir iascaireacht tráchtála agus speicis atá faoi chosaint agus atá i mbaol amach ó chósta an iardheiscirt tionscnamh atá cómhaoinithe ag Ciste Iascaigh agus Dobharshaothraithe Muirí na hEorpa (EMFAF) agus ag Rialtas na hÉireann i dtionscadal Scéim Bithéagsúlachta a bhfuil Tábhacht Straitéiseach ag an AE leis. 

CRÍOCH 

Le haghaidh tuilleadh sonraí déan teagmháil le:
Sinéad Coyne, Foras na Mara sinead.coyne@marine.ieM +353 (0)87 947 7090 

Sheila Byrnes, Foras na Mara sheila.byrnes@marine.ieM +353 (0)87 815 5271 

Maidir le Foras na Mara 

Is é Foras na Mara gníomhaireacht eolaíochta na hÉireann atá freagrach as tacú le forbairt inbhuanaithe limistéar agus acmhainní muirí ana hÉireann. Déanann an Institiúid taighde feidhmeach agus soláthraíonn sí eolas, comhairle agus seirbhísí eolaíochta don rialtas, don tionscal agus do pháirtithe leasmhara agus d'úsáideoirí eile. 

Clibeanna cartlainne satailíte pop-up (PSATanna) 

Is clibeanna satailíte agus clibeanna cartlainne (stóráil sonraí) a chuirtear le chéile sa phacáiste céanna iad clibeanna cartlainne satailíte pop-up (PSATanna). Is é an buntáiste mór atá acu ná in ionad an t-ainmhí a bhfuil an chlib á iompar aige a fháil ar ais chun na sonraí a fháil, go seolann na gléasanna seo na sonraí chuig an taighdeoir trí shatailít. Oibríonn PSAT trí leibhéil an tsolais (soiléire), doimhneacht an uisce agus teocht an uisce a thaifeadadh ag eatraimh réamhshocraithe. Stóráiltear na sonraí seo ag an gclib, a iompraítear go seachtrach ar na héisc agus a cheanglaítear le teaghrán. Ag am réamhshainithe, ‘preabann an chlib’ don iasc agus snámhann sé go barr farraige agus  tarchuireann sé achoimrí laethúla ar na sonraí trí líonra satailíte ARGOS. Is féidir na sonraí seo a shamhaltú ansin chun rianta imirce, graif iompraíochta tumadóireachta a tháirgeadh agus chun roghanna teochta na n-iasc clibeáilte a fhiosrú.